Cassidy Hutchinson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCassidy Hutchinson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Nollaig 1996
27 bliana d'aois
Pennington, New Jersey Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Christopher Newport (2015–2018)
Hopewell Valley Central High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcúntóir polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirWhite House Office (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

IMDB: nm13800658 Cuir in eagar ar Wikidata

Iar-chomhairleoir polaitiúil sa Teach Bán, agus iar-sainchabhróir an riaracháin le Donald Trump, is ea Cassidy Hutchinson (a rugadh c. 1996). Cúntóir de chuid iar-Cheann Foirne an Tí Bháin, Mark Meadows, ba ea í ar 6 Eanáir 2021.

Dílseoir de chuid Donald Trump a bhí inti.

Cassidy Hutchinson sa bhliain 2022

Fianaise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 29 Meitheamh 2022, thug Hutchinson fianaise do choiste fiosrúcháin na n-imeachtaí ar an séú Eanáir 2021, a bhain leis an eachtra nuair a glacadh seilbh ar thithe an rialtais in Washington D.C.. Thug sí fianaise léargas chomh maith ar iompar agus meoin Trump sna laethanta thart ar an ionsaí ar an Capitol.

Dúirt sí

  • gur chaith Trump a phláta lón i gcoinne an fhalla agus é ar buile, nuair a dúirt an t-Ard-Aighne William Barr go poiblí nach raibh aon fhianaise de chalaois leathan sa toghchán a chaill sé;
  • gur chuala sí Mark Meadows, Ceann Foirne an Tí Bháin, ag rá gur cheap Trump go raibh crochadh tuillte ag Mike Pence, an leasuachtarán ag an am.[1]
  • go raibh an tUachtarán ag iarraidh dul chomh fada leis na sluaite a bhí ar Capitol Hill. Ach cuireadh comhairle ar Donald Trump fanacht glan ar an gCaipeatól. Rinne Trump bagairtí is é ag iarraidh go dtabharfaí cead dó meascadh leis an lucht agóide. Rug sé ar roth an chairr agus rug i ngreim scrogaill ar a cheannasaí slándála nuair nach bhfuair sé a chomhairle féin.[2] Luaigh Trump go raibh sé ag iarraidh dul ina measc toisc nach raibh seisean i mbaol.
  • go raibh a fhios ag Trump go raibh cuid mhaith den slua a tháinig chuig a óráid ar an séú Eanáir armtha nuair a dhírigh sé ar an Capitol iad. Thug Trump ordú cead a gcinn a thabhairt do na daoine a bhí i mbun agóide cé go raibh a fhios aige go raibh siad armtha agus bagrach.

Rinne lucht tacaíochta Trump ionsaithe fíochmhara ar Cassidy Hutchinson níos déanaí. Bhí sé curtha ina leith go raibh sí as a meabhair agus i mbun comhcheilge le dochar a dhéanamh do chás Trump. Má bhreathnaíonn tú ar mhianach polaitiúil Hutchinson ní féidir sin a rá – sula ndeachaigh sí ag obair ag Meadows bhí sí fostaithe ag Steve Scalise, aoire na bPoblachtach sa teach agus ag an Seanadóir Ted Cruz. Beirt iad siúd a dhiúltaigh a dhearbhú go raibh Joe Biden tofa mar Uachtarán agus a sheas le leagan amach Trump ar an toghchán.[2]

Na himpleachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lléiríonn na héisteachtaí seo go raibh Trump (ina Uachtarán fós ag an am) feargach, agus gur féidir leis a bheith gangaideach agus teasaí.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Conradh na Gaeilge Londain (2022). "‎Nuacht Mhall: 2 Iúil 2022 (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-07-10.
  2. 2.0 2.1 Máirín Ní Ghadhra (1 Iúil 2022). "Bhí a fhios againn gur fear contúirteach é Donald Trump, ach níor thuigeamar a chontúirtí is atá sé" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-10.
  3. Nuacht RTÉ - Tús Áite (2022-06-30). "Fianaise phléascach faoin 6 Eanáir" (as ga-IE).