Ionsaí na hAsarbaiseáine ar Nagorno-Karabakh, 2023
| ||||
Cineál | ionsaí míleata coinbhleacht eitneach | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Nagorno-Karabakh conflict (en) | |||
Tréimhse | 19 - 20 Meán Fómhair 2023 | |||
Dáta na bliana | Meán Fómhair 2023 | |||
Tréimhse ama | stair chomhaimseartha | |||
Suíomh | Mardakert District, An Asarbaiseáin (en) Khojaly District, An Asarbaiseáin (en) Khojavend District, An Asarbaiseáin (en) Khankendi, An Asarbaiseáin Aghdam District (en) Shusha, An Asarbaiseáin (en) , An Nagarna-Carabaic, An Asarbaiseáin | |||
Tír | an Asarbaiseáin | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | Poblacht Artsakh | |||
Is cúis le | 2023 Armenian protests (en) flight of Nagorno-Karabakh Armenians (en) Fórsaí Armtha na hAsarbaiseáine | |||
Croineolaíocht | ||||
Nagorno-Karabakh fuel depot explosion (en) | ||||
Codanna | ||||
I mí Mheán Fómhair 2023, rinne an Asarbaiseáin ionradh ar 'Phoblacht Artsakh', nó 'ionsaí' ar Nagarna-Carabaic (Béarla: Nagorno-Karabakh) mar ab fhearr aithne uirthi. Ceantar a bhí timpeallaithe ag an Asarbaiseáin, ach ina mbíodh cónaí ar Airméanaigh le cuimhne na ndaoine, a bhí in Artsakh.[1] Chuir na hAsarbaiseánaigh an ruaig ar na hAirméanaigh go léir (120,000 Airméanach a bhí ina cónaí sa chríoch)
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an chuid is mó den chríoch á rialú ag 'Poblacht easaontach na hArtsakh', ar a dtugtar Poblacht Nagarna-Carabaic (PNC) freisin - ó dheireadh an chéad Chogaidh Nagarna-Carabaic idir an Airméin agus an Asarbaiseáin i 1994. Rinne an Grúpa OSCE Minsk idirghabháil orthu maidir le stádas díospóide an réigiúin.[3]
Idir 27 Meán Fómhair 2020 - 10 Samhain 2020, ghabh fórsaí armtha ón Asarbaiseáin seilbh ar chuid den réigiún.[4] Maraíodh cúpla míle nó níos mó.[5]
Idir 2022-2023, bhí an réigiún nach mór faoi léigear ag na hAsaraigh agus bhí muintir na háite ar an ngannchuid dá bhíthin ar aon chuma. Ó mhí na Samhna 2022, cuireadh isteach go mór ar ghluaiseacht rialta daoine, feithiclí agus lastais. Cuireadh saol 120 000 Airméanach, a bhí fós ina gcónaí sa Nagarna-Carabaic ag an am sin, i mbaol. Cuireadh bac ar a rochtain ar sholáthairtí úra agus ar shaorghluaiseacht, agus ciorraíodh a soláthairtí gáis agus leictreachais. Ón 12 Nollaig 2022 ar aghaidh, bhí Conair Lachin, an t-aon nasc talún idir an Nagarna-Carabaic agus Poblacht na hAirméine, blocáilte, a bheag nó a mhór, ag an Asarbaiseáin.[2]
2023
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mhí Meán Fómhair 2023, thosaigh an cogadh arís agus ghabh fórsaí armtha ón Asarbaiseáin seilbh go hiomlán ar Nagorno-Karabakh.[6][7] Cás an leoin agus na luiche a bhí ann.
Glanadh eitneach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh an ruaig ar na hAirméanaigh ar fad a bhí fós ina gcónaí sa Nagarna-Carabaic. Coicís tar éis ionradh na nAsarbaiseánach, ní raibh ach 1,000 den 120,000 Airméanach a mbíodh cónaí orthu in Artsakh fágtha sa cheantar; bhí an chuid eile tar éis teitheadh go dtí an Airméin – ceann de na cásanna is tromchúisí le tamall de bhlianta anuas, de réir na nAirméanach, den éagóir ar a dtugtar ‘glanadh eitneach’.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Alex Hijmans (28 Nollaig 2023). "Cogadh dearg agus deargtheas – súil siar ar an domhan in 2023" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-28.
- ↑ 2.0 2.1 Peter van DALEN, Andrey KOVATCHEV, Željana ZOVKO. "Ceist pharlaiminteach | An staid dhaonnúil i gconair Lachin | O-000028/2023 | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2023-09-27.
- ↑ "Tensions mount as Armenia and Azerbaijan continue fighting" (en).
- ↑ "Second Nagorno-Karabakh War" (as en) (2023-09-25). Wikipedia.
- ↑ "Casualties of the Second Nagorno-Karabakh War" (as en) (2023-09-27). Wikipedia.
- ↑ "2023 Nagorno-Karabakh clashes" (as en) (2023-09-27). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-09-26). "Soláthairtí leighis á seoladh go dtí Nagorno-Karabakh" (as ga).