Nagorno-Karabakh
Nagorno-Karabakh | |||||
---|---|---|---|---|---|
Լեռնային Ղարաբաղ (hy) Dağlıq Qarabağ (az) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 148,000 (2019) | ||||
• Dlús | 33.61 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Karabakh (en) | ||||
Achar dromchla | 4,402.979787 km² | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Is réigiún suite sa Chugas Theas é An Nagarna-Carabaic, nó Nagorno-Karabakh (nó Artsakh mar a thugann na hAirméanaigh ar an réigiún), a chlúdaíonn an stráice thoir theas de shliabhraon na Cugaise Bige. Cuid den réigiún is mó den Charabaic, luíonn sé idir an Charabaic Íochtarach agus Siunic. Is éard atá sa tír-raon go príomha ná sléibhte agus talamh faoi chrainn.
Bhí daonra 146,573 ann sa bhliain 2013, agus iamhchríoch Airméanach ba ea í go dtí 2023
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is críoch a bhfuil easaontas ann An Nagarna-Carabaic, a aithnítear go hidirnáisiúnta mar chuid den Asarbaiseáin.[1][2]
Bhí an chuid is mó den chríoch á rialú ag 'Poblacht easaontach na hArtsakh', ar a dtugtar Poblacht Nagarna-Carabaic (PNC) freisin - ó dheireadh an chéad Chogaidh Nagarna-Carabaic idir an Airméin agus an Asarbaiseáin i 1994. Rinne an Grúpa OSCE Minsk idirghabháil orthu maidir le stádas díospóide an réigiúin.[3]
Idir 27 Meán Fómhair 2020 - 10 Samhain 2020, ghabh fórsaí armtha ón Asarbaiseáin seilbh ar chuid den réigiún.[4] Maraíodh cúpla míle nó níos mó.[5]
Idir 2022-2023, bhí an réigiún nach mór faoi léigear ag na hAsaraigh agus bhí muintir na háite ar an ngannchuid dá bhíthin ar aon chuma. Ó mhí na Samhna 2022, cuireadh isteach go mór ar ghluaiseacht rialta daoine, feithiclí agus lastais. Cuireadh saol 120 000 Airméanach, a bhí fós ina gcónaí sa Nagarna-Carabaic ag an am sin, i mbaol. Cuireadh bac ar a rochtain ar sholáthairtí úra agus ar shaorghluaiseacht, agus ciorraíodh a soláthairtí gáis agus leictreachais. Ón 12 Nollaig 2022 ar aghaidh, bhí Conair Lachin, an t-aon nasc talún idir an Nagarna-Carabaic agus Poblacht na hAirméine, blocáilte, a bheag nó a mhór, ag an Asarbaiseáin.[6]
I mhí Meán Fómhair 2023, thosaigh an cogadh arís agus ghabh fórsaí armtha ón Asarbaiseáin seilbh go hiomlán ar Nagorno-Karabakh.[7][8] Cuireadh an ruaig ar na hAirméanaigh ar fad a bhí fós ina gcónaí sa Nagarna-Carabaic.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ‘Níl aon bhealach éalaithe ': tá eagla ar chónaitheoirí Nagarna-Carabaich roimh an rud is measa agus trúpaí na hAsarbaiseáine ag cur smacht orthu (i mBéarla)[9]
- An staid dhaonnúil i gconair Lachin[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Liz Cookman (2020-11-10). "Armenians Rage Against Last-Minute Peace Deal" (en-US). Foreign Policy. Dáta rochtana: 2023-09-27.
- ↑ N-A (14 Márta 2008). "GENERAL ASSEMBLY ADOPTS RESOLUTION REAFFIRMING TERRITORIAL INTEGRITY OF AZERBAIJAN, DEMANDING WITHDRAWAL OF ALL ARMENIAN FORCES | UN Press". press.un.org. Dáta rochtana: 2023-09-27.
- ↑ "Tensions mount as Armenia and Azerbaijan continue fighting" (en).
- ↑ "Second Nagorno-Karabakh War" (as en) (2023-09-25). Wikipedia.
- ↑ "Casualties of the Second Nagorno-Karabakh War" (as en) (2023-09-27). Wikipedia.
- ↑ 6.0 6.1 Peter van DALEN, Andrey KOVATCHEV, Željana ZOVKO. "Ceist pharlaiminteach | An staid dhaonnúil i gconair Lachin | O-000028/2023 | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2023-09-27.
- ↑ "2023 Nagorno-Karabakh clashes" (as en) (2023-09-27). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-09-26). "Soláthairtí leighis á seoladh go dtí Nagorno-Karabakh" (as ga).
- ↑ Andrew Roth (2023-09-24). "‘There is no way out’: residents of Nagorno-Karabakh fear worst as Azerbaijan’s troops take control" (en-GB). The Observer. Dáta rochtana: 2023-09-27.