Jump to content

Nagorno-Karabakh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilNagorno-Karabakh
Լեռնային Ղարաբաղ (hy)
Dağlıq Qarabağ (az) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 39° 48′ 55″ N, 46° 45′ 07″ E / 39.81528°N,46.75194°E / 39.81528; 46.75194
Daonra
Iomlán148,000 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús33.61 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deKarabakh (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla4,402.979787 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is réigiún suite sa Chugas Theas é An Nagarna-Carabaic,Nagorno-Karabakh (nó Artsakh mar a thugann na hAirméanaigh ar an réigiún), a chlúdaíonn an stráice thoir theas de shliabhraon na Cugaise Bige. Cuid den réigiún is mó den Charabaic, luíonn sé idir an Charabaic Íochtarach agus Siunic. Is éard atá sa tír-raon go príomha ná sléibhte agus talamh faoi chrainn.

Bhí daonra 146,573 ann sa bhliain 2013, agus iamhchríoch Airméanach ba ea í go dtí 2023

2023

Is críoch a bhfuil easaontas ann An Nagarna-Carabaic, a aithnítear go hidirnáisiúnta mar chuid den Asarbaiseáin.[1][2]

Bhí an chuid is mó den chríoch á rialú ag 'Poblacht easaontach na hArtsakh', ar a dtugtar Poblacht Nagarna-Carabaic (PNC) freisin - ó dheireadh an chéad Chogaidh Nagarna-Carabaic idir an Airméin agus an Asarbaiseáin i 1994. Rinne an Grúpa OSCE Minsk idirghabháil orthu maidir le stádas díospóide an réigiúin.[3]

Idir 27 Meán Fómhair 2020 - 10 Samhain 2020, ghabh fórsaí armtha ón Asarbaiseáin seilbh ar chuid den réigiún.[4] Maraíodh cúpla míle nó níos mó.[5]

Idir 2022-2023, bhí an réigiún nach mór faoi léigear ag na hAsaraigh agus bhí muintir na háite ar an ngannchuid dá bhíthin ar aon chuma. Ó mhí na Samhna 2022, cuireadh isteach go mór ar ghluaiseacht rialta daoine, feithiclí agus lastais. Cuireadh saol 120 000 Airméanach, a bhí fós ina gcónaí sa Nagarna-Carabaic ag an am sin, i mbaol. Cuireadh bac ar a rochtain ar sholáthairtí úra agus ar shaorghluaiseacht, agus ciorraíodh a soláthairtí gáis agus leictreachais. Ón 12 Nollaig 2022 ar aghaidh, bhí Conair Lachin, an t-aon nasc talún idir an Nagarna-Carabaic agus Poblacht na hAirméine, blocáilte, a bheag nó a mhór, ag an Asarbaiseáin.[6]

I mhí Meán Fómhair 2023, thosaigh an cogadh arís agus ghabh fórsaí armtha ón Asarbaiseáin seilbh go hiomlán ar Nagorno-Karabakh.[7][8] Cuireadh an ruaig ar na hAirméanaigh ar fad a bhí fós ina gcónaí sa Nagarna-Carabaic.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Liz Cookman (2020-11-10). "Armenians Rage Against Last-Minute Peace Deal" (en-US). Foreign Policy. Dáta rochtana: 2023-09-27.
  2. N-A (14 Márta 2008). "GENERAL ASSEMBLY ADOPTS RESOLUTION REAFFIRMING TERRITORIAL INTEGRITY OF AZERBAIJAN, DEMANDING WITHDRAWAL OF ALL ARMENIAN FORCES | UN Press". press.un.org. Dáta rochtana: 2023-09-27.
  3. "Tensions mount as Armenia and Azerbaijan continue fighting" (en).
  4. "Second Nagorno-Karabakh War" (as en) (2023-09-25). Wikipedia. 
  5. "Casualties of the Second Nagorno-Karabakh War" (as en) (2023-09-27). Wikipedia. 
  6. 6.0 6.1 Peter van DALEN, Andrey KOVATCHEV, Željana ZOVKO. "Ceist pharlaiminteach | An staid dhaonnúil i gconair Lachin | O-000028/2023 | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2023-09-27.
  7. "2023 Nagorno-Karabakh clashes" (as en) (2023-09-27). Wikipedia. 
  8. Nuacht RTÉ (2023-09-26). "Soláthairtí leighis á seoladh go dtí Nagorno-Karabakh" (as ga). 
  9. Andrew Roth (2023-09-24). "‘There is no way out’: residents of Nagorno-Karabakh fear worst as Azerbaijan’s troops take control" (en-GB). The Observer. Dáta rochtana: 2023-09-27.