Joe Molloy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoe Molloy
Beathaisnéis
Breithc. 1934
Bás7 Meitheamh 2023
88/89 bliana d'aois
Áit chónaitheCorr na Móna
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmduine den lucht gnó, feirmeoir, meicneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Sóisialaí agus feachtasóir ar son cearta phobal na Gaeltachta ab ea Joe Molloy (c.1934–2023). Ba as Corr na Móna i nDúiche Sheoigheach i dtuaisceart Chontae na Gaillimhe é, áit a raibh garáiste agus stáisiún peitril aige. Chaith sé tamall ag obair le Comhairle Contae na Gaillimhe ar bhóithre timpeall an chontae, ansin le Can-Erin Mining Company mar mhiandóir.[1] Sna 1960idí, ghlac sé páirt i gCumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta i gConamara, agus ina dhiaidh sin, in eagraíochtaí feachtasaíochta eile: Cumhacht, an National Land League, agus an People's Movement for Social Justice, grúpa a bunaíodh i 1982.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.