Comhairle Contae na Gaillimhe
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | comhairle contae Phoblacht na hÉireann | ||||
| Codanna | |||||
| Suíomh gréasáin | galway.ie… | ||||
Is comhairle i gContae na Gaillimhe í Comhairle Chontae na Gaillimhe (CCG)[1] (Béarla: Galway County Council).[2]
Tháinig Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 amach sa bhliain 20222.[3]
Tá dualgas reachtúil ar ChCG oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail.[4] Ach tá polasaithe pleanála na Comhairle Contae ag brú daoine óga amach as an nGaeltacht in áit a bheith ag cur na Gaeilge chun cinn mar theanga phobail,” a deir an grúpa feachtais tithíochta Bánú.

Tithíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir CCG agus a Phlean Forbartha 2022-2028, " uspóir beartais na Comhairle é áiteanna cónaithe folmha a fháil lena chinntiú go leantar le hiad a úsáid ar chuspóirí cónaithe amach anseo agus tithíocht a fhorbairt ar láithreáin inlíonta agus athfhorbraíochta laistigh de láir bhaile agus shráidbhaile chun tithíocht shóisialta agus inacmhainne a sholáthar."[5]
Ach deirtear gurb í CCG “an t-údarás tithíochta is measa sa tír ó thaobh tithe sóisialta a chur ar fáil”. Maíonn an grúpa feachtais tithíochta Bánú go bhfuil an Ghaeltacht i mbaol mar gheall ar a laghad teaghlaigh óga atá sa cheantar agus go bhfuil polasaithe na comhairle ag cur leis an mbaol sin.[4][6]
Córas pleanála
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharraing an córas pleanála sna 2020idí conspóid.[7] Tá an Ghaeltacht i mbaol mar gheall ar a laghad teaghlaigh óga atá sa cheantar agus tá polasaithe na Comhairle ag cur leis an mbaol sin.[6] Maíonn an grúpa feachtais tithíochta Bánú nach bhfuil aon straitéis forbartha tithíochta ag CCG don Ghaeltacht
Diúltaíodh d’iarratais phleanála a bhain le Páirc na Mara in 2021– ionad ina mbeadh réimsí táirgeachta, taighde agus forbartha ar gníomhaíochtaí cladaigh agus mara i gCill Chiaráin.[8][9] Ansin diúltaíodh d’iarracht le drioglann a bhunú i gCarna. Ina theannta sin, diúltaíodh d’fhorbairt Glampála i sráidbhaile Charna.[10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Feictear go minic "Comhairle Contae na Gaillimhe" (ar téarma.ie mar shampla) ach tá "Comhairle Chontae na Gaillimhe" níos coitianta (mar shampla ar tuairisc.ie)
- 1 2 "Comhairle Chontae na Gaillimhe". www.galway.ie. Dáta rochtana: 2025-03-10.
- ↑ "Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 | Galway County Council Online Consultation Portal". consult.galway.ie. Dáta rochtana: 2025-03-10.
- 1 2 Comhairle Chontae na Gaillimhe (2025). "Tithíocht inacmhainne / Scéim um Cheannach Inacmhainne | Scéim Cíosa Costais". www.galway.ie. Dáta rochtana: 2025-03-10.[nasc briste go buan]
- ↑ .galway.ie (2022). "An Straitéis Tithíochta / HS 2 Tithíocht Shóisialta agus Inacmhainne". Dáta rochtana: 2025.
- 1 2 "Oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta á cur i mbaol ag polasaithe pleanála – grúpa feachtais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-10). Dáta rochtana: 2025-03-10.
- ↑ Comhairle Chontae na Gaillimhe (2025). "Pleanáil Sonraí / Fiosruithe Ginearálta a Phleanáil". www.galway.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-29. Dáta rochtana: 2025-03-10.
- ↑ Máirtín Ó Catháin (13 Iúil 2021). "Diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do Pháirc na Mara i gConamara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-10 Chinn rannóg pleanála na Comhairle Contae nach gceadóidís Páirc na Mara in Iorras Aithneach, ceann de na tionscadail is mó riamh ag Údarás na Gaeltachta.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (15 Iúil 2021). "Easaontas idir an tÚdarás agus Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi iarratas pleanála do Pháirc na Mara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-10.
- ↑ Máirtín Ó Catháin (10 Márta 2025). "An bhfuil éigeandáil sa Ghaeltacht agus má tá céard is éigeandáil ann?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-10.