Feargal Mac Amhlaoibh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFeargal Mac Amhlaoibh
Beathaisnéis
Breith8 Aibreán 1943
Bás26 Nollaig 2023
80 bliana d'aois
Teaghlach
PáisteMuireann Nic Amhlaoibh Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir, ceoltóir agus gníomhaí teanga ab ea Feargal Mac Amhlaoibh (8 Aibreán 1943 - 26 Nollaig 2023). Ba é cathaoirleach an Fheachtais Náisiúnta Teilifíse agus ba bhall de choiste bunaithe TG4/TnaG é. Fear pobail, fear Gaeltachta, fear feachtasaíochta, gníomhaí teanga, fidléir agus píobaire a bhí ann. Ba as Dumhach Thrá dó ó dhúchas.

Bhí dhá bhliain caite aige ina shagart in Ard-Dheoise Miami sna Stáit Aontaithe chomh maith le tréimhsí in Éirinn sular chinn sé ar an tsagartóireacht a fhágáil. Bhí sé na bhainisteoir comharchumainn ansin in Inis Oírr agus i gCléire. Bhog Feargal go Dún Chaoin agus is ann a thóg sé féin agus a bhean chéile, an t-aisteoir, Áine Moynihan beirt chlainne, Malachí agus Muireann.

Bhí cónaí air i bParóiste Dhún Chaoin. Aithníodh é mar dhuine de Charachtairí na Leithinse sa tsraithín ‘Carachtairí na Leithinse’ le Sláine Ní Chathalláin.[1]

‘Nuair a bheidh gach rud foghlamtha agat, beidh tú marbh’ - Carachtairí na Leithinse: Feargal Mac Amhlaoibh.

Tháinig sé go Brú na Gráige sa bhliain 1959 agus é mar dhalta i gColáiste Dhroichead Nua. Tá alt dá chuid foilsithe ag Cruit Éireann, agus é ag trácht ar Phiaras Feiritéar agus ar chláirseach a fuair sé ó Éamonn Mac Dómhnaill Mhic an Daill.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Lúb ar Lár

Coiscéim 1999. Dírbheathaisnéis an cheoltóra a raibh cónaí air tráth a scríofa i nDún Chaoin ach a shiúil cuid mhór roimhe sin. Súil siar ar shaol na dtíortha inar chaith sé a shaol.

Seoladh leabhar leis 'Port na bPúcaí' (Ponc Press) in Eaglais Naomh Séamus.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sláine Ní Chathalláin (2022-08-08). "'Nuair a bheidh gach rud foghlamtha agat, beidh tú marbh'" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-28.