Dún Chaoin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDún Chaoin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°08′01″N 10°27′16″W / 52.133488°N 10.454521°W / 52.133488; -10.454521
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán100 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1394329

Is sráidbhaile i nGaeltacht Corca Dhuibhne é Dún Chaoin.[1] Tá sé suite i bhfad siar ar Leithinis Chorca Dhuibhne. Tá Dún Chaoin suite ag an gceann is faide siar den leithinis, agus is é an lonnaíocht is faide siar in Éirinn é. Tá an sé suite go príomha ar feadh an R559 (Cuaird Cheann Sléibhe) agus ar feadh bóthair áitiúil a nascann leis an R559, agus lonnaíocht scaipthe atá ann. Tá Dún Chaoin thart ar sé chiliméadar déag taobh thiar de Dhaingean Uí Chúis. Tá Dún Chaoin neadaithe i ngleann méith, le Bealach an Oileáin ar an taobh thiar agus Sliabh an Iolair ar an taobh thoir. Tá failltreacha drámatúla ar feadh an chósta, agus tá cé suite siar ó dheas ón lonnaíocht. Tá trá ag Com Dhíneol siar ó dheas ón lonnaíocht freisin. Tá nasc an-láidir ag Dún Chaoin leis na Blascaodaí ó thraidisiún. Aon bhaile fearainn déag ar an mórthír atá sa pharóiste, agus na Blascaodaí atá suite thart ar thrí mhíle amach san fharraige.

Bailte fearainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ceathrú an Fheirteáraigh
  • Baile na hAbha
  • Gleann Mór
  • Baile an Teampaill
  • Baile na Rátha
  • Gleann Loic
  • Baile Bhiocáire
  • An tSeanntóir
  • Baile an Ghleanna
  • Com Dhíneoil
  • Baile Ícín
  • Na Blascaodaí

Déimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2006 bhí 163 duine ina gcónaí i dToghroinn Ceantair Dhún Chaoin, de réir an daonáirimh. Cé go bhfuil Gaelainn ag formhór na ndaoine sa Toghroinn Ceantair agus cé go n-úsáideann a bhformhór an teanga ar bhonn laethúil, de réir an daonáirimh, tá titim ar líon na nGaeilgeoirí soiléir - ábhar buartha atá ann do lucht na Gaelainne.

Tá cáil na Gaoluinne ar Dhún Chaoin le fada agus tá an Ghaoluinn fós mar theanga an phobail i nDún Chaoin. Gaoluinn ar fad a labhraíonn daltaí na bunscoile agus is iad muintir Dhún Chaoin an dream is fearr ó thaobh labhairt na Gaoluinne sa mheánscoil sa Daingean. Fuarthas amach i ndaonáireamh 2016 go bhfuil Gaoluinn ag 84.7% de mhuintir Dhún Chaoin agus labhraíonn 74.1% den ndaonra an Ghaoluinn na haon lá.

An Ghaelainn, Stair agus Oidhreacht Chultúrtha Dhún Chaoin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dlúthbhaint idir Dún Chaoin agus an cultúr Gaelach, agus is ceann scríbe é ó thús ré na hAthbheochana ag scoláirí idirnáisiúnta ar suim leo staidéar a dhéanamh ar an teanga, agus ar chultúr agus ar scéalta an cheantair. Is ann a rugadh Peig Sayers, agus cuireadh scríbhneoirí cáiliúla ón mBlascaod mar Pheig féin, Tomás Ó Criomhthain agus Muiris Ó Súilleabháin i reilig Dhún Chaoin.

Tháinig roinnt longa de chuid Armáid na Spáinne ag lorg fothana i mBealach an Oileáin sa bhliain 1588, agus briseadh cuid acu ann. Anois tá cuimhneachán le feiscint ar na faillte os cionn na háite.

Baintear luach saothair cuibheasach maith as cúrsaí turasóireachta i nDún Chaoin anois agus tá roinnt mhaith daoine sáite sa ghnó seo ar shlí amháin nó slí eile. Tá titim i líon na ndaoine atá ag brath ar an bhfeirmeoireacht mar shlí bheatha. Ó thosnaigh Grúpa Chiarraí ag cur deireadh leis an bhfeirmeoir beag éiríodh as táirgeadh an bhainne agus ní inniu ná inné a dúnadh uachtarlann Dhún Chaoin, uachtarlann a bhíodh thar a bheith tábhachtach i saol an pharóiste.

Is ag dul i léig leis atá cúrsaí iascaireachta freisin agus anois tá iasc, ar nós an ghliomaigh, ag éirí gann. Tá roinnt daoine ag gabháil do chúrsaí farantóireachta ar na báid a thugann cuairteoirí go dtí na Blascaodaí le linn bhiaiste na dturasóirí. Déanann cuid mhaith de chosmhuintir an pharóiste a bpinginí lasmuigh dá bparóiste dúchais. Níor éirigh le hÚdarás na Gaeltachta aon mhonarcha a bhunú sa pharóiste. Ach ní luaitear mórán bochtanais le Dún Chaoin ach oiread.[2]

Tarraingíonn áilleacht an cheantair agus muintearas na ndaoine go leor cuairteoirí go Dún Chaoin.[3] Spreag an áilleacht seo stiúrthóir scannán David Lean chun a scannán cáiliúil "Ryan's Daughter" a dhéanamh i nDún Chaoin (go mór mhór i gCom Dhíneoil) sna blianta 1968 agus 1969.[4] Tarraingíonn an scannán sin daoine chun an cheantair suas go dtí an lá inniu féin. Ba é déanamh Ryan's Daughter agus an rachmas a lean é a chuir bonn faoi go leor daoine.[5]

Scoil Naomh Gobnait

Tharla an feachtas ar son oscailt Scoil Dhún Chaoin.idir 1970-1973, ceann de na feachtais is cáiliúla i stair na Gaeltachta agus na teanga.[6] Tharraing an tslí ar sheas an pobal is iargúlta sa Ghaeltacht an fód ar son a gcearta aird na tíre go léir ag an am.[7]

Oidhreacht Nádúrtha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an lear ag Bealach an Oileáin ainmnithe ina Limistéar Caomhantais Speisialta. Tá clú agus cáil ar scéimh nádúrtha an cheantair mar gheall ar a shuíomh, agus na radharcanna drámatúla farraige de na Blascaodaí agus den Aigéan Atlantach.

An tseaneaglais

Áiseanna agus seirbhísí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tigh tábhairne amháin suite i nDún Chaoin faoi láthair (Krugers), séipéal (Seipéal Naomh Gobnait), bunscoil (Scoil Náisiúnta Naomh Gobnait), brú leis An Óige, bialann agus ceardlann potadóireachta a bhíonn ar oscailt i rith an tsamhraidh. D’oscail Ionad an Bhlascaoid Mhóir ar dtús i 1993, agus bíonn se ar oscailt ón gCáisc go dtí Deireadh Fómhair. Tá an ché ag Faill Mór, áit as a n-iompraíonn báid farantóireachta paisinéirí go dtí na Blascaodaí idir mí Aibreáin agus mí Dheireadh Fómhair gach bliain. Nasc tábhachtach leis na Blascaodaí is ea Dún Chaoin.

An Blascaod Mór

Lonnaíocht scaipthe tuaithe atá an, a bhfuil lár tíreolaíochta inaitheanta aige ag an gcrosbhóthar gar do thábhairne Kruger agus An Pórtán. Tá an chuid eile de na háiseanna i nDún Chaoin, an scoil agus an photadóireacht san áireamh, suite ag ceann theas na lonnaíochta ar an R559. Tá dhá limistéar (áit a bhfuil grúpa mór domhain d’fhoirgnimh) ag An gCeathrú; agus tá líon mór d’áitribh líneacha ag Baile na Rátha gar do Krugers. Tá gráigeanna níos lú d’áitribh ar bhóithríní caocha - tá Baile an Bhiocáire i measc na gceann is sine acu. Mar gheall ar fhorbairt líneach ar feadh na mbóithre, tá an tsoiléire seo á mhaolú agus na ceantair á nascadh ina chéile le blianta beaga anuas. An greasán lonnaíochta atá ann sa cheantar ná tithe tuaithe, ar dhlús íseal, scaipthe thar achar fairsing tíreólaíochta. Faightear roinnt forbairtí ina bhfuil tithe ar an déanamh ceannann céanna le feiscint le blianta beaga anuas, rud nach bhfuil ag teacht leis an mblas tuaithe. Le tamall de bhlianta, tógadh go leor tithe aonuaire, cuid mhaith acu seo ina dtithe saoire. Cé go bhfuil a lán áitreamh ann, tithe saoire is ea a bhformhór.

Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Bonneagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl aon infreastruchtúr poiblí séarachais ann faoi láthair. Cuireann príomhphíobáin phoiblí leorsholáthar uisce ar fáil do Dhún Chaoin.

Daoine Cáiliúla as Dún Chaoin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]