Ponc Press
Cuma
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | gnó |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Suíomh gréasáin | poncpress.ie |
Litirphreas is ea Ponc Press a bhaineann úsáide as clóphreas de chnaipe plaitín Heidelberg 10 X IS (c. 1958) agus a fhoilsíonn leabhair ealaíonta litríochta i gCiarraí in Éirinn. Deirtear gur tháinig roinnt de na stíleanna cló-aghaidhe ó Cuala Press, a bhí faoi stiúir na ndeirfiúracha Yeats i mBinn Éadair i mBaile Átha Cliath.
I gcló Hawthorn Press a tugadh go Daingean Uí Chúis é sna 1970dí. Lean na húinéiri ina dhiaidh sin agus d'fhoilsigh eagráin theoranta, láimhchlóite, ina raibh dearadh ealaíonta, a chuimsigh sraith leabhar i nGaelainn, i mBéarla agus i nGearmánais faoi inphrionta Púca Press. Déanann Ponc Press ceiliúradh agus forbairt ar an traidisiún sin.