Dominion Voting Systems v. Fox News Network

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.


Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDominion Voting Systems v. Fox News Network
Íomhá
Cineálcás dlí Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht26 Márta 2021 - 18 Aibreán 2023
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
GearánaíDominion Voting Systems (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cosantóir
CúirtDelaware Superior Court (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Ar 18 Aibreán 2023, shocraigh Fox News cás dlí clúmhillte i gcoinne na cuideachta meaisínvótála Dominion.[1]

Dominion Voting Systems

Clúmhilleadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn an toghcháin uachtaránachta 2020 sna Stáit Aontaithe, dúirt láithreoirí ar Fox News go raibh na meaisínvótála de chuid Dominion claonta i dtreo Joe Biden

Thionscain Dominion caingean chlúmhillte in aghaidh Fox News. Cúisíodh oifigigh Fox as an maíomh bréagach go raibh an vóta sa toghchán uachtaránachta rigeáilte i gcoinne Donald Trump, cé gur cheistigh siad féin an maíomh go príobháideach.

Rinne Dominion agus Fox socrú faoin gcás taobh amuigh den chúirt. D'aontaigh an comhlacht nuachta seacht gcéad ochtó ocht milliún dollar a íoc, rud a chiallaíonn nach raibh ar fheidhmeannaigh shinsearacha lena n-áirítear Rupert Murdoch fianaise a thabhairt sa chúirt.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig saincheisteanna chun cinn ar 24 Aibreán 2023 nuair a scaoil an t-óstach Tucker Carlson óna phost, duine de na hóstaigh is mó tóir ar Fox News a luadh sa chás.[2][1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (29 Aibreán 2023). "‎Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-05-01.
  2. Eisíodh teachtaireachtaí ó Tucker Carlson freisin, ina ndearna an t-óstach cur síos ar chomhghleacaithe agus ar dhaoine eile lena n-áirítear comhairleoir agus aturnae Sidney Powell, ag baint úsáid as teanga gharbh.