Círéibeacha Francacha, Meitheamh-Iúil 2023
Cineál | círéib |
---|---|
Tréimhse | 27 Meitheamh - 5 Iúil 2023 |
Dáta na bliana | Meitheamh 2023 |
Suíomh | an Fhrainc, An Fhrainc an Bheilg, An Bheilg an Eilvéis, An Eilvéis |
Tír | an Fhrainc |
Nahel Merzouk (en) | |
Cúis | killing of Nahel Merzouk (en) |
Pionós | 380 () |
Phléasc círéibeacha ar fud na Fraince ar 27 Meitheamh 2023 tar éis marú ógánaigh darb ainm Nahel Merzouk (thug na meáin "Nahel M" air). i Nanterre, bruachbhaile de chuid Pháras. Lean na círéibeacha ar aghaidh cúpla lá.
Marú "Nahel M"
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scaoileadh an fear óg nuair a stop na póilíní é. Dúirt na póilíní ar dtús gur scaoileadar é toisc go raibh sé ag tiomáint ina gcoinne, ach tháinig sé chun solais nach raibh an cuntas sin fíor ó fhíseán den eachtra a uaslódáladh ar na meáin shóisialta. Cuireadh an póilín a scaoil an fear óg siar faoi choimeád.[1]
Círéibeacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an Fhrainc ina cíor thuathail amach is amach le linn na seachtaine 27 Meitheamh-2 Iúil. Bhí na deicheanna míle i mbun creachadóireachta ar fud fad na tíre. Cuireadh carranna agus foirgnimh go leor trí thine agus chaith agóideoirí tinte ealaíne in aghaidh na bpóilíní, srl. Gabhadh na céadta duine gach oíche go dtí an 2 Iúil. Bhí 40,000 póilín sa bhreis slógtha gach oíche.
Bhí "Nahel M" de bhunús Afraic Thuaidh, rud a chuir leis an éagóir a mhothaigh na hagóideoirí.[1]
Cháin Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, agus polaiteoirí eile an foréigean. Ach níor chuir sé sin aon chosc ar an ainrialachas,
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (1 Iúil 2023). "Nuacht Mhall: (An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-07-01.