Fiosrúchán COVID-19 na Ríochta Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFiosrúchán COVID-19 na Ríochta Aontaithe
Cineálfiosrúchán poiblí Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht28 Meitheamh 2022 - 
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincovid19.public-inquiry.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Boris Johnson sa bhliain 2023

Rinneadh fiosrúchán poiblí maidir le bainistiú COVID-19 sa Ríocht Aontaithe le linn 2020-2021, nó Fiosrúchán COVID-19 na Ríochta Aontaithe. Thosaigh na héisteachtaí poiblí i mí an Mheithimh 2023.

I mí na Nollag 2023, d'fhógair Boris Johnson go raibh brón mór air as an bpian agus as an bhfulaingt a tharla le linn na paindéime. Dúirt sé nach raibh sé cinnte an de thoradh chinntí an rialtais a bhí an líon básanna Covid níos airde ná mar is gá. Ach d'admhaigh sé go mb’fhéidir gur bhrúigh an rialtas ródhian chun daoine a spreagadh ar ais chuig an oifig tar éis na dianghlasála.[1]

Dhiúltaigh Johnson d’éilimh go raibh fadhb ag baint leis an gcultúr ag Downing Street, agus dheimhnigh sé go raibh fadhbanna ann ó am go chéile ach nach raibh aon olc ann. Dúirt sé nach féidir leis a mhíniú cén fáth a ndeachaigh roinnt teachtaireachtaí WhatsApp ar iarraidh óna sheanfhón, ach deir sé nár scrios seisean iad. Tháinig gártha magaidh ón lucht agóide agus Johnson ag fágáil an fhiosrúcháin.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge. Londain (9 Nollaig 2023). "‎Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-10.