Crith talún Gaziantep, An Tuirc, 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCrith talún Gaziantep, An Tuirc, 2023
Radharc oíche
Colláis
Íomhá
Map
 37°10′26″N 37°01′55″E / 37.174°N 37.032°E / 37.174; 37.032
Cineálearthquake sequence (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana6 Feabhra 2023 (01:17:35. UTC+03:00) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhGaziantep, An Tuirc
Marash, An Tuirc Cuir in eagar ar Wikidata, Gaziantep Province, An Tuirc (en) Aistrigh
Kahramanmaraş Province, An Tuirc (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Tuirc agus an tSiria Cuir in eagar ar Wikidata
CúisEast Anatolian Fault (en) Aistrigh
Dead Sea Transform (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisstructural failure (en) Aistrigh
dóiteán
súnámaí
scrios
humanitarian response to the 2023 Turkey–Syria earthquake (en) Aistrigh
staid éigeandála
Damage of the 2023 Gaziantep-Kahramanmaraş earthquakes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint)7.8 Cuir in eagar ar Wikidata
Méadaíocht crith talún (Scála Richter)7.8 Cuir in eagar ar Wikidata
Scála déine MercalliMercalli scale IX (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach17.9 km Cuir in eagar ar Wikidata
Aftershocks (en) Aistrigh2,109 (12 Feabhra 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna ≥ 50,132 (25 Feabhra 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe ± 120,000 (15 Feabhra 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Go moch ar maidin ar 6 Feabhra 2023, bhuail crith talún deisceart na Tuirce agus tuaisceart na Siria (lena n-áirítear an Chordastáin). Bhí crith talún Gaziantep Mw 7.8 ar scála méide na móiminte (an méid seismeach). Tuairiscítear gur airíodh an crith chomh fada i gcéin leis an gCipir agus an Liobáin.[1] Maraíodh b'fhéidir 60,000.[2]

Scrios[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa Tuirc, ba iad bailte Gaziantep,[3] Pazarcık, Nurdağı agus İslâhiye ba ghaire d'eipealár an chreatha, agus rinne cuid mhór damáiste sa Chordastáin (in Diyarbakır, mórchathair na gCoirdíneach in oirdheisceart na Tuirce).. Sa tSiria, buaileadh na cathracha Aleppo, Latakia, Hama agus Tartus,

Tharla crith ollmhór eile i Kahramanmaraş (Mw 7.5) cúpla uair an chloig ina dhiaidh an chéad cheann agus tuairiscítear nár bheag an scrios a rinne sé ar lorg an chéad chinn.

Idir bhailte móra agus bhailte beaga i réigiún an-fhairsing sa Tuirc agus sa tSiria araon a buaileadh, áiteanna amuigh ar chúl éaga go minic. Mar bharr ar an tragóid, chomh maith leis na daoine atá ina gcónaí sa réigiún lena saol ar fad, tá na milliúin eile ag baint fúthu ann ó theith siad ón gcogaíocht in áiteanna eile sa Mheánoirthear.[1]

Fóirithint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maraíodh b'fhéidir 60,000 duine mar gheall ar an tragóid.[2]

Bhí na mílte sáinnithe agus chuir siad glaoch go minic ar a gcairde. Ach bhí na seirbhísí tarrthála faoi róbhrú Stadadh den obair go minic de dheasca na drochaimsire, sneachta agus báisteach throm.[4][5]

Rinne ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh – mar aon le breis agus dhá scór tír eile – fóirithint ar na húdaráis.[1]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní gan choinne ar fad a tharla an crith talún ó tá an réigiún a buaileadh suite ar éasclíne idir dhá mhórphláta theicteonacha atá á bhrú go seasta. I 1999, maraíodh os cionn 17,000 duine nuair a bhuail crith talún ceantar İzmit in iarthuaisceart na Tuirce, 100km ó Istanbul, agus méid sheismeach 7.6 ann.

In 2011, maraíodh thart ar 500 duine mar gheall ar chrith talún a tharla i réigiún Coirdíneach Van in oirthear na tíre.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTÉ (2023-02-06). "Crith talún sa Tuirc, sa tSiria: os cionn 3,000 duine maraithe" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 "Şanlıurfa'da depremde kaç kişi öldü ve kaç kişi yaralandı? Vali bilançoyu açıkladı.." (tr). Ensonhaber (2023-02-13). Dáta rochtana: 2023-12-29.
  3. "Gaziantep" (as en) (2023-02-06). Wikipedia. 
  4. Rhea Mogul,Gul Tuysuz,Isil Sariyuce,Kareem El Damanhoury,Rob Picheta (2023-02-06). "More than 3,400 dead as powerful quake hits southern Turkey and Syria" (en). CNN. Dáta rochtana: 2023-02-06.
  5. "Major earthquakes kill thousands of people in Turkey and Syria" (en). www.aljazeera.com. Dáta rochtana: 2023-02-06.