Pláta teicteonach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Glacann na geolaithe leis anois go bhfuil dromchla an Domhain roinnte ina phlátaí dochta réasúnta tanaí den screamh sheachtrach, a shíobghluaiseann thar an ábhar sa mhaintlín faoina mbun go fíormhall, níos lú ná ceintiméadar sa bhliain. 7 bpláta teicteonach mór atá ann — plátaí na hAfraice, na hEoráise, na hInd-Astráile, an Aigéin Chiúin, Mheiriceá Thuaidh, Mheiriceá Theas, agus an Antartaigh — a tháinig as briseadh na mórthíre Pangaea timpeall 200 milliún bliain ó shin. Ina dhiaidh sin, trí shíobghluaiseacht na n-ilchríoch, tháinig na mórthíortha le bheith mar a bhfuil siad inniu. Ag áiteanna tá na plátaí ag druidim amach óna chéile is clais dhomhain á cruthú ina ndiaidh. Ag áiteanna eile tá siad ag brú i gcoinne a chéile. Nuair a ghluaiseann siad go cliathánach thar a chéile, tarlaíonn creathanna talún. Uaireanta fodhuchtaíonn pláta amháin faoi bhun pláta eile, agus le gach gluaiseacht choibhneasta tarlaíonn creathanna talún is bolcáin. Mar thoradh ar an bhfodhuchtú seo agus lúbadh an phláta ar barr a cruthaíodh na Himiléithe, na sléibhte is airde ar Domhan. Is iontach teoiric seo na bplátaí teicteonacha chun míniú a sholáthar ar fheiniméin chomh héagsúil le sléibhte, creathanna talún, bolcáin agus foithreacha is claiseanna faoin bhfarraige.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Pláta teicteonach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 525.