Kenzaburo Ōe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Kenzaburō Ōe (r. 1935) sa bhliain 2012. Glacadh an grianghraf ag Aonach Leabhar Pháras.

Scríbhneoir Seapánach is ea Kenzaburō Ōe (大江 健三郎 Ōe Kenzaburō). Rugadh é ar 31 Eanáir 1935 agus tá meas air mar údar fíorthábhachtach i litríocht chomhaimseartha na Seapáine. D’fhág litríocht agus teoiricí liteartha na Fraince agus Mheiriceá rian suntasach ar a chuid úrscéalta, gearrscéalta agus aistí agus cuireann a shaothar síos ar chúrsaí polaitíochta, fealsúnachta agus sóisialta. Scríobhann sé faoi airm núicléacha, faoi chumhacht núicléach, faoi neamhaontachas agus faoin eiseachas. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1994 as cruinne a chumadh ina dtagann an saol agus an mhiotaseolaíocht le chéile agus ina dtugtar cuntas mearbhlach ar chás an duine.[1]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é i sráidbhaile i maoracht Ehime ar oileán Shikoku agus é ar an tríú mac de sheachtar clainne. Fuair a athair bás sa Dara Cogadh Domhanda agus ba í a mháthair is túisce a thug oideachas dó. Cheannaigh sí leabhair dó, leithéid The Adventures of Huckleberry Finn, a chuaigh go mór i bhfeidhm air. [2] Dúradh leis ar scoil go raibh Impire na Seapáine ina dhia, ach tar éis an chogaidh thuig sé nach raibh bunús leis an scéal sin agus mhothaigh sé gur cuireadh an dallach dubh air. D’fhágfadh an tuiscint seo a rian ar a shaothar.[3]

Rinne sé staidéar ar litríocht na Fraince in Ollscoil Thóiceo, agus thosaigh sé ag foilsiú scéalta sa bhliain 1957. Phós sé a bhean chéile Yukari, iníon agus deirfiúr scannánaithe, sa bhliain 1960. Rinne sé turais sa tSín, san Eoraip agus sa Rúis agus bhuail sé le Jean-Paul Sartre. [4][5]

Tá Ōe ina chónaí i dTóiceo agus tá triúr clainne aige. Tá an mac is sine aige faoi mhíchumas inchinne, rud atá ina théama i saothar an údair.

Sa bhliain 1994 bhain sé Duais Nobel na Litríochta ach dhiúltaigh sé d’Ord Cultúir na Seapáine toisc gurb é an tImpire a bhronnann é. Dúirt sé nach ngéilleann sé d’aon údarás ach an daonlathas amháin. Ghlac Ōe pairt i bhfeachtais síochána agus fhrithnúicléacha agus tá leabhair scríofa aige bhuamáil adamhach Hiroshima sgus Nagasaki. I ndiaidh tubaiste núicléach Fukushima sa bhliain 2011 ghríosaigh sé an Príomh-Aire Yoshihiko Noda chun fhuinneamh núicléach a thréigean.[6]

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir na blianta 1958 agus 1961 d’fhoilsigh Ōe roinnt leabhar a bhain feidhm as meafair chollaí chun cur síos ar fhorghabháil na Seapáine. Cháin a lán léirmheastóirí gáirsiúlacht na scéalta seo, cé go raibh bunús ealaíonta léi. Ina dhiaidh sin, idir na blianta 1961 agus 1964, thug sé aird ar shaol na gcoirpeach. Tá rian an eiseachais agus litríocht na rógairí ar na leabhair seo agus frithlaochra iontu atá in ann an saol a lochtú toisc go bhfuil siad ar imeall an tsaoil sin.[7]

Sa bhliain 2005 d’agair beirt athoifigeach Sheapánacha an dlí ar Ōe as clúmhilleadh a dhéanamh in Nótaí Okinawa, aiste a scríobh sé sa bhliain 1970 agus é á mhaíomh gur thug saighdiúirí Seapánacha ar a lán sibhialtach in Okinawa lámh a chur ina mbás féin nuair a rinne na Comhghuailligh ionradh ar an oileán. Sa bhliain 2008 chaith Cúirt Dúiche Osaka an cúiseamh amach.[8]

Bliain Teideal Seapanach Teideal aistrithe Trácht
1957 奇妙な仕事
Kimyou na shigoto
An Saothar Aisteach An chéad ghearrscéal aige
死者の奢り
Shisha no ogori
Taisce na Marbh Gearrscéal
他人の足
Tanin no ashi
Cosa Duine Eile Gearrscéal
飼育
Shiiku
Ag Tógáil Stoic Gearrscéal a fuair Duais Akutagawa
1958 見るまえに跳べ
Miru mae ni tobe
Léim roimh Fhéachaint Gearrscéal
芽むしり仔撃ち
Memushiri kouchi
Rudaí ar Cois An chéad úrscéal aige
1961 セヴンティーン
Sevuntīn
Seacht déag Úrscéal gearr
1963 叫び声
Sakebigoe
Scread
性的人間
Seiteki ningen
An Saol Collaí (nó "J") Gearrscéal
1964 空の怪物アグイー
Sora no kaibutsu Aguī
Agui Arracht na Spéire Gearrscéal
個人的な体験
Kojinteki na taiken
Taithí Phearsanta Saothar a fuair Duais Liteartha Shinchosha
1965 厳粛な綱渡り
Genshuku na tsunawatari
Ag siúl go Sollúnta ar Théad Rite Essay
ヒロシマ・ノート
Hiroshima nōto
Nótaí Hiroshima Tuairisc
1967 万延元年のフットボール
Man'en gan'nen no futtobōru
Peil Yan Ren Yuan Úrscéal a fuair Duais Jun'ichirō Tanizaki
1968 持続する志
Jizoku suru kokorozashi
Toil Bhuan Aiste
1969 われらの狂気を生き延びる道を教えよ
Warera no kyōki wo ikinobiru michi wo oshieyo
Múin dúinn Conas Ár Mire a Chur Dínn leis an Aimsir
1970 壊れものとしての人間
Kowaremono toshiteno ningen
An Duine mar Rud Leochaileach Aiste
核時代の想像力
Kakujidai no sozouryoku
Samhlaíocht na Ré Núicléí Caint
沖縄ノート
Okinawa nōto
Nótaí Okinawa Tuairisc
1972 鯨の死滅する日
Kujira no shimetsu suru hi
An Lá a Marófar na Míolta Móra Aiste
みずから我が涙をぬぐいたまう日
Mizukara waga namida wo nuguitamau hi
Lá chun Ár gCuid Deor a Ghlanadh
1973 同時代としての戦後
Doujidai toshiteno sengo
An Ré Iar-Chogaidh Mar Lucht Comhaimsire Aiste
洪水はわが魂に及び
Kōzui wa waga tamashii ni oyobi
Líonann an Tuile M’Anam Fuair sé Duais Liteartha Noma
1976 ピンチランナー調書
Pinchi ran'nā chōsho
Taifead an Reathaí Ionaid
1979 同時代ゲーム
Dojidai gemu
Cluiche na Comhaimsearthachta
1980 (現代 ゲーム)
Gendai gemu"
(Cluiche Comhaimseartha)
1982 「雨の木」を聴く女たち
Rein tsurī wo kiku on'natachi
Mná ag Éisteacht leis an gCrann Báistí Fuair sé Duais Liteartha Yomiuri
1983 新しい人よ眼ざめよ
Atarashii hito yo, mezameyo
A Dhaoine Óga, Bainigí Creathadh As Fuair sé Duais Jiro Osaragi
1984 いかに木を殺すか
Ikani ki wo korosu ka
Conas is Féidir linn an Crann a Mharú?
1985 河馬に嚙まれる
Kaba ni kamareru
Buailte ag Kawa Fuiar sé Duais Liteartha Yasunari Kawabata
1986 M/Tと森のフシギの物語
M/T to mori no fushigi no monogatari
Scéal faoi M/T agus Foraois Fushigi
1987 懐かしい年への手紙
Natsukashī tosi eno tegami
Litir chun Blianta Cumhacha
1988 「最後の小説」
'Saigo no syousetu'
'An tÚrscéal Deireanach' Aiste
新しい文学のために
Atarashii bungaku no tame ni
Ar Son Litríochta Nua Aiste
キルプの軍団
Kirupu no gundan
Arm Quilp
1989 人生の親戚
Jinsei no shinseki
Macalla Neimhe Fuair sé Duais Liteartha Sei Ito
1990 治療塔
Chiryou tou
Túr an Leighis
静かな生活
Shizuka na seikatsu
Saol Suaimhneach
1991 治療塔惑星
Chiryou tou wakusei
Túr an Leighis agus Pláinéad
1992 僕が本当に若かった頃
Boku ga hontou ni wakakatta koro
Nuair a Bhí Mé An-Óg
1993 「救い主」が殴られるまで
'Sukuinushi' ga nagurareru made
Go dTí go mBascfar an Slánaitheoir 燃えあがる緑の木 第一部 Moeagaru midori no ki dai ichi bu
An Crann Glas Trí Thine Cuid I
1994 揺れ動く (ヴァシレーション)
Yureugoku (Vashirēshon)
Idir Dhá Chomhairle 燃えあがる緑の木 第二部 Moeagaru midori no ki dai ni bu
An Crann Glas Trí Thine Cuid II
1995 大いなる日に
Ōinaru hi ni
An Lá Mór 燃えあがる緑の木 第三部 Moeagaru midori no ki dai san bu
An Crann Glas Trí Thine Cuid III
曖昧な日本の私
Aimai na Nihon no watashi
An tSeapáin, an Débhríochas agus Mise: Óráid Dhuais Nobel agus Léachtaí Eile Talk
恢復する家族
Kaifukusuru kazoku
Teaghlach ag Téarnamh Aiste le Yukari Oe
1999 宙返り
Chūgaeri
Saltó (úrscéal)
2000 取り替え子 (チェンジリング)
Torikae ko (Chenjiringu)
An Iarlais
2001 「自分の木」の下で
'Jibun no ki' no shita de
Faoi "Chrann mo Ruda Féin" Aiste le Yukari Oe
2002 憂い顔の童子
Ureigao no dōji
Leanbh an Dreacha Bhrónaigh
2003 「新しい人」の方へ
'Atarashii hito' no hou he
In Ómós an "Duine Nua" Aiste le Yukari Oe
二百年の子供
Nihyaku nen no kodomo
Páistí an Dá Chéad Bliain
2005 さようなら、私の本よ!
Sayōnara, watashi no hon yo!
Slán Agaibh, a Leabhra!
2007 臈たしアナベル・リイ 総毛立ちつ身まかりつ
Routashi Anaberu rī souke dachitu mimakaritu
Annabel Lee
2009 水死
sui shi
Báite san Uisce
2013 晩年様式集(イン・レイト・スタイル)
Bannen Youshiki shū (In Reito Sutairu)
I Stíl Dhéanach

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Oe, Pamuk: World needs imagination", Yomiuri.co.jp; May 18, 2008.
  2. https://www.nobelprize.org/nobel_prizes/literature/laureates/1994/oe.html |title=The Nobel Prize in Literature 1994: Kenzaburo Oe (biography) |publisher=Nobel media|accessdate=2013-05-02}}
  3. Weston, Mark (1999). "Giants of Japan: The Lives of Japan's Most Influential Men and Women": 294–295, 299. New York: Kodansha International. 
  4. Kenzaburo Oe, The Art of Fiction No. 195 The Paris Review
  5. https://www.theguardian.com/books/2005/feb/05/featuresreviews.guardianreview9%7CThe Guardian|accessdate = 2015-11-22|first = Maya|last = Jaggi}}
  6. http://search.japantimes.co.jp/cgi-bin/nn20110908a5.html |title=Nobel laureate Oe urges nation to end reliance on nuclear power |author= |date=September 8, 2011 |work=The Japan Times }}
  7. Wilson, p. 47.
  8. Onishi, Norimitsu. "Japanese Court Rejects Defamation Lawsuit Against Nobel Laureate," New York Times. March 29, 2008.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]