An tSeapáinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn tSeapáinis
日本語

Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais128,000,000 (2019)
Dúchasach doan tSeapáin
Stáitan tSeapáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha de chuid na hÁise
teangacha Seapónacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtakanji (en) Aistrigh, kana (en) Aistrigh, katakana (en) Aistrigh agus hiragana (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheKokugo Shingikai (en) Aistrigh, Council for Cultural Affairs (en) Aistrigh, Ministry of Education, Culture, Sports, Science and Technology (en) Aistrigh agus Agency for Cultural Affairs (en) Aistrigh
Staidéar agJapanese linguistics (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Cóid
ISO 639-1ja
ISO 639-2jpn
ISO 639-3jpn
ISO 639-5jpx
Glottolognucl1643
Linguasphere45-CAA
Ethnologuejpn
ASCL72
IETFja

Is í an tSeapáinis (Seapáinis: 日本語, Nihongo) an ceann is tábhachtaí de na teangacha Seapónacha, agus an t-aon cheann acu a bhfuil traidisiún fada litríochta aici. Na teangacha Seapónacha eile, is canúintí beaga iad a labhraítear in Oileáin Ryukyu amháin, agus an chuid is mó acu ag dul i léig ar na saolta seo, ó tá na cainteoirí ag cromadh ar an tSeapáinis chaighdeánaithe.

Tá an tSeapáinis ag corradh is 127 milliún duine. An chuid is mó acu, tá cónaí orthu sa tSeapáin féin, ach tá pobail Sheapánacha le fáil taobh amuigh den tír dhúchais féin, go háirithe i dtíortha móra an Bhéarla, ar nós na Stát Aontaithe.

Cosúil le go leor teangacha eile san Áise Thoir, tá foirmeacha speisialta gramadaí sa tSeapáinis le hurraim is le honóir a léiriú nó leis na céimeanna sóisialta a aithint thar a chéile. Tá córas tuiníoch dá cuid féin sa tSeapáinis a úsáidtear le focail éagsúla a idirdhealú, ach ní féidir a rá gur teanga thuiníoch cosúil leis an tSínis a bheadh ann. Tá an tSeapáinis réasúnta gann sna fóinéimí, agus níl sé ceadaithe consain a chur in aice le chéile ach amháin taobh istigh den fhocal, agus ar an acht go bhfuil an fhóinéim /n/ ar ceann de na consain atá i gceist. Mar shampla, déantar maikuro-erekutoronikusu den fhocal Béarla "micro-electronics" (micrileictreonaic) i mbéal an tSeapánaigh. Níl an fhóinéim /l/ sa tSeapáinis - sórt [r] aon bhuaille a úsáidtear ina háit.

Baintear úsáid as ceithre mhodh scríbhneoireachta le Seapáinis a scríobh: Kanji, Hiragana, Katakana agus Rōmaji. Is iad na litreacha Síneacha atá i gceist le Kanji: litreacha idéagrafacha is ea iad, ós rud é go gcuireann gach litir acu idé iomlán - coincheap nó focal - in iúl. Maidir le Katakana agus Hiragana, is aibítreacha siollacha iad, is é sin, freagraíonn gach litir d'aon siolla amháin. Le focail iasachta ó na teangacha Iartharacha a bhreacadh síos is mó a úsáidtear an córas Katakana. Na focail dhúchasacha Sheapanacha, arís, is gnách Hiragana a chur i bhfeidhm orthusan. Tá an dá aibítir seo féin bunaithe ar na litreacha Síneacha i dtús báire. Na litreacha Laidineacha atá i gceist le Rōmaji, ar ndóigh. Níl sé as an ngnáth téacs Seapáinise a fheiceáil a bhaineann úsáid as an gceithre chóras.

Má ligtear teangacha Oileáin Ryukyu as an áireamh, is féidir a lán canúintí éagsúla a aithint sa tSeapáin, ach is é an t-idirdhealú idir canúintí an Oirthir agus canúintí an Iarthair an ceann is tábhachtaí. Bíonn a lán canúintí aisteacha le cloisteáil sna hoileáin bheaga scartha, áfach. Deir na Seapánaigh féin gurb í canúint Kagoshima an ceann is deacra, nó bíonn sé ag dul rite le daoine ó chodanna eile Oileán Kyūshū féin mórán adhmaid a bhaint as gnáthchaint mhuintir Kagoshima. Maidir leis an gcanúint a labhraítear i réigiún Kansai timpeall ar Osaka, is canúint bharrúil ghreannmhar í dar leis na Seapánaigh eile, agus samhlaítear canúintí Tōhoku agus Thuaisceart Kantō le feirmeoirí is le scológa tuaithe.

Maidir leis na fuaimeanna, tá gutaí glana sa tSeapáinis, agus níl défhoghair ann. Ní cheadaíonn an tSeapáinis go gcarnfaí consain le chéile, cé go mbíonn consain dhúbailte ann (is é sin, is féidir leis an gconsan bheith fada san fhuaimniú). Is é ordú na bhfocal sa tSeapáinis ná SOV, nó Ainmní-Cuspóir-Briathar, ach le fírinne is féidir leis an gcuspóir teacht roimh an ainmní freisin, ós rud é go bhfuil míreanna gramadúla sa teanga a dhéanann soiléir cé acu ainmní nó cuspóir atá againn - is é an rud is tábhachtaí ná an briathar a chur sa deireadh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]