John L. Murray (breitheamh)
John L. Murray (breitheamh) | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Lúnasa 17, 1982 - Nollaig 14, 1982 ← Patrick Connolly (en) ![]()
Márta 11, 1987 - Meán Fómhair 25, 1991 ← John Rogers (en) ![]() ![]()
Meán Fómhair 15, 1992 - Bealtaine 2, 1999
Bealtaine 2, 1999 - Meitheamh 26, 2015
Iúil 23, 2004 - Iúil 25, 2007 ← Ronan Keane (en) ![]() ![]() | |||||||||||
Saol | |||||||||||
Eolas breithe | Luimneach, Bealtaine 10, 1943(79 bliain d’aois) | ||||||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||||||
Oideachas | |||||||||||
Alma mater | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath | ||||||||||
Gairm | |||||||||||
Gairm | breitheamh agus dlíodóir | ||||||||||
Creideamh | |||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Fianna Fáil |
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann (2004-2011) agus Ard-Aighne na hÉireann (1982 agus 1987-1991) ab ea John L. Murray (a rugadh ar 27 Meitheamh 1943).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Murray ar 27 Meitheamh 1943 i Luimneach. Fuair sé a chuid oideachais ag Coláiste Crescent, Coláiste Rockwell, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus Óstaí an Rí. Ag an ollscoil, bhí sé gníomhach i gcúrsaí mac léinn agus ceapadh é faoi dhó mar Uachtarán Aontas Mac Léinn na hÉireann (U.S.I.).[1]
I 1967 ligeadh isteach i mBarra na hÉireann é. In 1981 rinneadh Abhchóide Sinsearach de tar éis dó a ghlao chun Bharra na Sinsear sa Chúirt Uachtarach.
Bhí Murray ina Ard-Aighne na hÉireann ó Lúnasa-Nollaig 1982 agus arís ó 1987-1991.[1]
Bhí sé ina bhall de Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach i Lucsamburg ó 1991-1999.
Ceapadh Murray ina ina bhall den Chúirt Uachtarach sa bhliain 1999. Ansin ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann in Iúil 2004. Ba é an deichiú Príomh-Bhreitheamh ó bunaíodh an Stát i 1922.[1]
Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rialaigh an Chúirt Uachtarach (agus Murray ina chuid de) ar an 6 Bealtaine 2010 nach bhfuil aon dualgas Bunreachta ann, go ginearálta, ionstraimí reachtúla a bheith ar fáil i nGaeilge.[2]
Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá sé pósta (1969) ar Gabrielle Walsh (beirt pháistí Catríona agus Brian).
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 1.2 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-09-20.
- ↑ Breandán Delap (2010). "Impleachtaí ag Breithiúnas Cúirte ar Lucht Aistriúcháin" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-09-20.