Lámhach Sandy Hook

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLámhach Sandy Hook
Íomhá
Map
 41°25′N 73°17′W / 41.42°N 73.28°W / 41.42; -73.28
Cineállámhach scoile
oll-lámhach
matricide (en) Aistrigh
dúnmharú–féinmharú
dúnmharú páiste Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid delist of school shootings in the United States (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana14 Nollaig 2012 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSandy Hook Elementary School, 12 Dickenson Dr., 06482 Connecticut, United States Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocSandy Hook Elementary School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachNancy Lanza máthair, múinteoir bunscoile, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh
Victoria Leigh Soto múinteoir bunscoile, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh
Anne Marie Murphy (en) Aistrigh special education teacher (en) Aistrigh, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh
Dawn Hochsprung (en) Aistrigh príomhoide, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh
Rachel D'Avino (en) Aistrigh behaviour therapist (en) Aistrigh, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh
Noah Pozner íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh, elementary school student (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna28 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe2 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireAdam Lanza (dúnmharú líonmhar, child murderer (en) Aistrigh, shooter (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
ArmBushmaster XM-15 (en) Aistrigh
Glock 20 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Haischlib#SandyHook Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla lámhach Sandy Hook ar an 14 Nollaig 2012 nuair a rinneadh ár millteanach i mbunscoil Sandy Hook, Connecticut.[1] Maraíodh fiche páiste agus seisear daoine eile, idir dhaltaí agus mhúinteoirí.

Faoi mar a tharla i gColumbine agus i Virginia Tech, chuir an lámhachóir lámh ina bhás féin sular éirigh leis na póilíní breith air.[2]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

FÍSEÁNː na himeachtaí, agus áit a raibh an gunnadóir, Adam Lanza, ina chónaí, lena máthair, Nancy Lanza. Scriosadh an teach níos déanaí
Cuimhneachán

Dé hAoine an 14ú Nollaig, 2012, agus ranganna díreach tosaithe ag bunscoil Sandy Hook i Newtown, Connecticut, phléasc gunnadóir an doras tosaigh ar oscailt le hurchair.[3] Maraíodh príomhoide agus siceolaí na scoile ar an toirt. Thug an gunnadóir fogha faoin seomra foirne as a dtáinig an bheirt ar dtús, ach d’éirigh le múinteoir amháin an doras a choinneáil dúnta ina aghaidh.

Scarlett Lewis, bunaitheoir "Jesse Lewis Choose Love Movement" agus údar "Nurturing Healing Love: a Mother’s Journey of Hope and Forgiveness"[4] Maraíodh Jesse Lewis sa lámhach.

Chuaigh an gunnadóir síos an halla chomh fada le seomra ranga na Naíonán Mór agus d’éirigh leis an doras a bhriseadh isteach. Loisc sé leis an múinteoir, Lauren Rousseau, urchar san aghaidh, agus thosaigh sé ag tabhairt faoi pháistí an ranga. Bhí páiste is fiche sa rang seo, agus faoi dheireadh na heachtra tubaistí, bhí gach duine acu marbh, cés moite de chailín amháin a d’fhan ciúin agus a lig uirthi go raibh sí marbh cheana féin.

Fiosrúchán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Obama le muintir Emilie Parker ar16 Nollaig 2012. Maraíodh Emilie Parker sa lámhach.

Sna seachtainí ina dhiaidh, bhí sé tagtha amach go mba “bhailitheoir gunnaí” í máthair an ghunnadóra, Nancy Lanza. Ní hamháin go raibh lámhghunnáin de gach sórt aici, ach bhí gránghunnaí aici agus raidhfil cogaidh, Bushmaster AR-15. Is beag difríochta idir an gunna seo agus an “Armalite” a raibh aithne fhairsing air in Éirinn tráth.

Níos measa fós, cé go raibh a fhios aici agus ag an saol mór go raibh fadhbanna móra meabhairshláinte ag a mac, bhíodh sí ag dul ag na raoin lámhaigh leis go mion minic. Táthar ag tabhairt le fios anois gur chreid sí go raibh an diabhal le díol nó bhí báire na fola éigin ar na bacáin, agus gurbh shin an fáth go raibh a teach lán le gunnaí.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Uacharán Mheiriceá Barack Obama cuairt ar láthair na tubaiste. 

Ní nach ionadh bhí dlíthe gunnaí chun tosaigh arís sa díospóireacht pholaitiúil. Sa bhliain 2012, dúirt Obama go raibh gá ag an am le ‘gníomh suntasach’ i gcoinne na faidhbe seo, ollsléachtanna sna S.A. Acht tharla lámhach i gclub oíche Orlando sa bhliain 2016 agus lámhach Las Vegas in 2017.

Bhíteaghlaigh chuid de na páistí a maraíodh in Sandy Hook ag iarraidh an dlí a chur ar an gcomhlacht armlóin, Remington Arms.[5] Bhí an comhlacht ag iarraidh an chosaint atá acu faoin dara leasú ar an mBunreacht a dhearbhú sa gCúirt Uachtarach. Ach theip orthu sa bhliain 2019.[6]

Bushmaster AR-15 agus an GA A- le díol sna siopaí

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Maitiú Ó Coimín. "Imní ar Ghardaí faoi ghunnaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-15.
  2. Cormac Breathnach (2013). "Gafa le Gunnai – SAM ar strae" (en-GB). College Tribune. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-20. Dáta rochtana: 2020-12-15.
  3. Brian Ó Broin. "An Diabhal le Díol i Stáit Aontaithe Mheiriceá" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-15.
  4. Scarlett Lewis. "Nurturing Healing Love". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2020-12-15.
  5. Máirín Ní Ghadhra. "Ceist na ngunnaí i SAM, an cheist nach bhfuil aon éalú uaithi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-15.
  6. "Supreme Court Allows Sandy Hook Families' Case Against Remington Arms To Proceed" (en). NPR.org. Dáta rochtana: 2020-12-15.