Cogadh Iosrael–Hamas agus an comhthéacs idirnáisiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
“reilig do pháistí” á déanamh de Gaza : António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe[1]
Dúirt Joe Biden go raibh sé de cheart ag Iosrael í féin a chosaint.[2]

Thosaigh Cogadh Iosrael–Gaza ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 agus d'éirigh an comhthéacs idirnáisiúnta níos casta ná riamh.

Stáit Aontaithe Mheiriceá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ursula von der Leyen "tacaíocht gan choinníoll d’ionradh Iosrael ar Gaza"[3]

I mí Dheireadh Fómhair 2023, d’fhógair Stáit Aontaithe Mheiriceá a thuilleadh tacaíochta míleata d’Iosrael láithreach bonn[4] agus chuir siad le líon na saighdiúirí a bhí acu sa cheantar.[5] Dhiúltaigh na Stáit Aontaithe go ngairfí sos comhraic mar, dar leis, nach ndéanfadh a leithéid aon leas d’éinne ach do Hamas, agus nach bhféadfaí bás sibhialtach a sheachaint.[6] Ó thús, dúirt Joe Biden go raibh sé de cheart ag Iosrael í féin a chosaint.[2]

Maidir le cearta daonna, mhaígh Antony Blinken ar 16 Deireadh Fómhair, Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, gur shocraigh na Meiriceánaigh agus na hIosraelaigh ar phlean a chur i dtoll a chéile lena chinntiú go dtabharfaí cabhair dhaonnúil do mhuintir Gaza sa dóigh nach mbainfeadh Hamas aon leas as,[2] rud nár tharla.

Ar an 2 Samhain 2023, d'iarr Biden sos gearr comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza le gur féidir na gialla Iosraelacha atá faoi choinneáil ann ag Hamas a fhuascailt.[7] Ar 3 Samhain, chuir Blinken in iúl do na hIosraelaigh an oibleagáid a bhí orthu sibhialtaigh a chosaint.

Ar an 20 Feabhra 2024, den tríú huair, chros na Stáit Aontaithe rún na Náisiún Aontaithe chun sos cogaidh daonnúil láithreach a éileamh i gcogadh Iosrael-Hamas. Chuir na Stáit Aontaithe i gcoinne an rúin, a fuair tacaíocht fhorleathan, ag rá go gcuirfeadh an comhaontú isteach ar an gcaibidlíocht chun gialla Iosraelacha a shaoradh. Ba é 13-1 an vóta sa Chomhairle Slándála ina raibh 15 bhall (agus staon an Ríocht Aontaithe faoi Rishi Sunak).[8]

I mí na Mhárta 2024, dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar gur thug Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden le fios dó go soiléir go leanfaidh an tír sin lena tacaíocht d'Iosrael.[9] Ag an am céanna, bhí "páistí ag fáil bháis leis an ocras i dtuaisceart Gaza" agus Stráice Gaza faoi léigear i gcónaí.[10]

I mí Aibreáin 2024, d'impigh beagnach 40 ball den Pháirtí Daonlathach, Nancy Pelosi ina measc, ar Biden stop a chur le díolacháin arm d'Iosrael. D'éiligh Biden féin sos cogaidh tar éis d'fhórsaí Iosraelacha seachtar oibrithe ó World Central Kitchen a mharú. "Ní eachtra aonair é seo" a dúirt sé (dúirt an tArdRúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres "ach toradh é nach féidir a sheachaint sa slí ina bhfuil an cogadh á stiúradh").[11]

Náisiún Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ina chuid cainte ar 25 Deireadh Fómhair, dúirt António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, gur ‘pionós ar chách’ a bhí in ionsaithe aeir Iosrael ar Stráice Gaza agus d’iarr sé go bhfógrófaí sos cogaidh. Dúirt sé go raibh “sáruithe follasacha ar dhlí an daonnúlachais idirnáisiúnta” ag tarlú in Gaza. “Níl údar ná ceart ar bith ann sibhialtaigh a mharú, a ghortú ná a fhuadach – ná roicéid a scaoileadh le spriocanna sibhialtacha. Ní mór caitheamh go cineálta le gach giall agus iad a scaoileadh abhaile láithreach gan aon choinníoll a chur lena saoradh.” Dúirt an tArd-Rúnaí nach ‘i bhfolús’ a tharla an t-ionsaí ar Iosrael ach gur tharla sé agus pobal na Palaistíne tar éis “56 bliain d’fhorghabháil phlúchtach” Iosrael a chur díobh.[6]

De réir mar a chuaigh an cogadh agus an slad ar aghaidh, bhí glór géar ag na Náisiún Aontaithe. Thug Guterres rabhadh ar 6 Samhain 2023 go bhfuil “reilig do pháistí” á déanamh de Gaza. D’éiligh sé athuair go bhfógrófaí sos cogaidh chun deireadh a chur leis an ár.[1]

Ar 25 Márta 2024, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe le Rún ag éileamh sos cogaidh láithreach in Gaza.[12] Ba é seo an ceathrú hiarracht dóthain tacaíochta a fháil d’éileamh ar shos cogaidh.[13] Roimhe seo bhain Stáit Aontaithe Mheiriceá leas as a veto chun stop a chur leis an éileamh ach staon siad ó vótáil an geábh seo. Bhain an Rúis agus an tSín leas as a veto roimhe seo chomh maith.[14][15]

De réir an Rúin,

  • éilítear “sos cogaidh láithreach do mhí Ramadan a léireodh gach páirtí meas air agus arb é sos cogaidh seasmhach inmharthana an toradh a bheidh air”.
  • deirtear sa Rún go bhfuil “géarghá” le dlús a chur le scaoileadh tuilleadh le sruth na daonchabhrach agus a chinntiú go dtabharfar cosaint do mhuintir an stráice go léir.
  • éilítear sa Rún chomh maith go scaoilfí saor gan aon choinníollacha na gialla atá fós á gcoimeád agus go dtiocfaí chun fóirithinte orthu láithreach le pé cuidiú leighis nó eile atá ag teastáil uathu a thabhairt dóibh.[14]

Níor chuir an Rún seo Iosrael "faoi cheangal", meon a tharraing conspóid. Ach bhí Rialtas Iosrael ar an daoraí agus dúirt UNRWA go raibh cosc iomlán curtha orthu bia a sholáthar do Thuaiceart Gaza.[16]

Tíortha sa Mheánoirthear[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ráite ag Aire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine nach ligfí do na hIosraelaigh coireanna cogaidh a dhéanamh in Gaza gan an deasca a bhaint astu. Bhagair Hossein Amirabdollahian freisin go ndéanfaí "réamhionsaí" ar na hIosraelaigh "as seo go ceann roinnt uaireanta an chloig".[2]

Ar 27 Deireadh Fómhair, d'ionsaigh fórsaí Mheiriceá dhá ionad in oirthear na Siria, i ndiaidh do ghrúpaí armtha a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin bunáiteanna Meiriceánacha san Iaráic agus sa tSiria a ionsaí.[17]

Aontas Eorpach[cuir in eagar | athraigh foinse]

San Aontas Eorpach, bhí tuairimí éagsúla faoin gcoimhlint ag ballstáit éagsúla. Mar shampla, léirigh an vótáil Eorpach ar rún a d’iarr sos lámhaigh i nGaza ag comhthionól na Náisiún Aontaithe easaontas iomlán an AE; vótáil Éire agus seacht mballstát ina fhabhar, vótáil 15 ballstát ina choinne agus staon ceithre bhallstát eile.[3]

Bhí mí-úsáid bainte ag Ursula von der Leyen as a ról mar uachtarán ar an gCoimisiún ó thug sí tacaíocht gan choinníoll d’ionradh Iosrael ar Gaza. Chuir an rialtas Éireannach agus rialtais eile a míshásamh in iúl di[18] mar gheall ar a ndúirt sí. Ach ar chúis eile freisin, toisc nach bhfuil aon údarás ag uachtarán an Choimisiúin labhairt thar ceann an AE faoi chúrsaí gnóthaí eachtracha seachas ar bhonn polasaí a shocraíonn ceannairí rialtais na mballstát.[3]

Sháraigh an Coimisinéir Ungárach Oliver Verhelyi a údarás freisin nuair a d’fhógair sé tar éis ionsaithe Hamas go raibh cabhair an AE do Phalaistínigh á cur ar fionraí – tarraingíodh siar a ráiteas nuair a chuir Éire, an Spáinn, an Bheilg agus tíortha eile ina choinne.[3]

Ó thús, bhí achainí déanta ag an Aontas Eorpach go n-osclófaí “bealaí nó conairí daonnúla” agus go dtógfaí “sosanna” ó na hionsaithe sliogán le deis a thabhairt bia, uisce agus riachtanais cúram sláinte a thabhairt chomh fada leis an Palaistínigh.[19] Ar 5 Samhain, dúirt Josep Borrell, ceannasaí polasaí gnóthaí eachtracha an AE, gurb é ba chúis leis an gcogaíocht sa Mheánoirthear ná “teip choiteann ó thaobh na polaitíochta agus na moráltachta”, teip a bhain le “fíor-easpa tola fuascailt a fháil ar fhadhb Iosrael agus na Palaistíne.” Dúirt sé go raibh dualgas ar Eorpaigh “ó thaobh na polaitíochta agus na moráltachta” ní hamháin cúnamh a chur ar fáil ach cabhrú chomh maith teacht ar “réiteach buan” ar an bhfadhb.[20]

Cúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé curtha i leith na nIosraelach ag an Afraic Theas go bhfuil cinedhíothú ar bun acu in Gaza. Ní ag tacú le cás na hAfraice Theas ná ag cur ina aghaidh a bheas Rialtas na hÉireann.[21]

Sin ráite, tá cás eile ar siúl sa Háig agus port eile ag Rialtas na hÉireann. Ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig ar an 22 Feabhra 2024, thug Ard-Aighne na hÉireann, Rossa Fanning, thar ceann an Rialtais, le fios go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag stát Iosrael ar chearta Palaistíneach in Gaza, sa Bhruach Thiar agus in áiteanna eile sa Neasoirthear.[22] Thug sé le tuiscint freisin gur léir go bhfuil na hIosraelaigh – idir an stát agus na lucht na n-áitreabh mídhleathach – go bhfuil siad ag forghabháil tuilleadh talaimh diaidh ar ndiaidh an t-am ar fad.[23][22]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cásanna dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Daoine á dtabhairt amach as an smionagar i gcónaí, ‘reilig do pháistí’ á déanamh de Gaza" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-07). Dáta rochtana: 2023-11-07.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2023-10-17). "Joe Biden le cuairt a thabhairt ar Iosrael amárach" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Cathal Mac Coille (7 Samhain 2023). "Amhras á chothú faoi inchreidteacht an AE roimh thoghcháin na bliana seo chugainn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-07.
  4. Julian Borger (2024-04-01). "Why do arms continue to flow from US to Israel despite ceasefire resolution?" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-04-03.
  5. "Os cionn 1,100 duine marbh sa choimhlint idir Hamas agus Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-09). Dáta rochtana: 2023-11-07.
  6. 6.0 6.1 "Ag géarú ar an aighneas idir Iosrael agus na Náisiúin Aontaithe faoi ‘sháruithe’ ar an dlí idirnáisiúnta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-25). Dáta rochtana: 2023-11-07.
  7. Nuacht RTÉ (2023-11-02). "Réabadh Gaza: 'beagnach 9,000 duine maraithe, 20,000 gortaithe'" (as ga-IE). 
  8. Conradh na Gaeilge, Londain (24 Feabhra 2024). "‎Nuacht Mhall: (Baile Átha Cliath) on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-15.
  9. Nuacht RTÉ (2024-03-16). "'Leanfar leis an tacaíocht d'Iosrael'-Biden" (as ga-IE). 
  10. Nuacht RTÉ (2024-03-16). "Páistí ag fáil bháis leis an ocras i dtuaisceart Gaza" (as ga-IE). 
  11. Nuacht RTÉ (2024-04-02). "An t-ionsaí ar fheithiclí WCK cáinte go láidir ag Josep Borrell" (as ga-IE). 
  12. "Gaza: Security Council passes resolution demanding ‘an immediate ceasefire’ during Ramadan | UN News" (en). news.un.org (2024-03-25). Dáta rochtana: 2024-03-27.
  13. "U.N. Security Council fails to pass U.S. resolution calling for Gaza cease-fire" (en). NBC News (2024-03-22). Dáta rochtana: 2024-03-27.
  14. 14.0 14.1 "Rún ag éileamh sos cogaidh láithreach in Gaza rite ag comhairle slándála na Náisiún Aontaithe den chéad uair" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-25). Dáta rochtana: 2024-03-27.
  15. Nuacht RTÉ (2024-03-22). "An Rúis agus an tSin ag diúltú san UN don rún ar Gaza" (as ga-IE). 
  16. Tús Áite: RnaG (2024-03-25). "Gaza agus Votá na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-03-27.
  17. Nuacht RTÉ (2023-10-27). "Cos-slua Iosrael ag réiteach an bhealaigh in Gaza" (as ga-IE). 
  18. Eoin Ó Murchú (23 Deireadh Fómhair 2023). "Fair play do Leo Varadkar a bhí sásta dul in adharca le Ursula von der Leyen" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-07.
  19. "‘Stopaigí na buamaí’ – achainí na Palaistíne ar cheannairí an domhain" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-26). Dáta rochtana: 2023-11-07.
  20. "Cathair Gaza timpeallaithe ar fad ag Iosrael, níos mó ná 200 duine maraithe san ionsaí is déanaí" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-06). Dáta rochtana: 2023-11-07.
  21. Nuacht RTÉ (2024-03-27). "Rialtas le hidirghabháil a dhéanamh sa chás in aghaidh Iosrael" (as ga-IE). 
  22. 22.0 22.1 Éisteachtaí na Cúirte ar Youtube (2024). "Third Hearing: ICJ on Israeli Policies in Occupied Palestinian Territories | United Nations" (as en). 
  23. Nuacht RTÉ (2024-02-22). ""Oibleagáid ar stáit comhoibriú ar son na bPalaistíneach"" (as ga-IE).