Aitheantas idirnáisiúnta Stát na Palaistíne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aitheantas idirnáisiúnta
Agóid de chuid Shinn Féin i mBÁC ar 2023-11-18

Ar an 28 Bealtaine 2024, d'aithin 146 tír Stát na Palaistíne, as an 193 atá ina mbaill de na Náisiúin Aontaithe.[1] Seachas an tSualainn, is beag de thíortha an Iarthair a aithníonn Stát na Palaistíne, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe atá ina measc (d'aithin an tSualainn Stát na Palaistíne ar an 30 Deireadh Fómhair 2014).[2]

Ar an 10 Bealtaine 2024, vótáil Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i bhfabhar iarratas ón bPalaistín maidir le ballraíocht iomlán a bheith ag an tír sna Náisúin Aontaithe (vótáil naoi dtír ina aghaidh – na Stáit Aontaithe agus Iosrael ina measc – agus staon 25 tír eile).[3][4]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'aithin Éire an Phalaistín mar Stát go foirmiúil ar an 28 Bealtaine 2024. Rinne an Iorua agus an Spáinn mar an gcéanna ar an lá céanna. Ag an am, dúirt an Taoiseach Simon Harris go gcaithfeadh an dá stát a bheith ann – Iosrael agus an Phalaistín – le go mbeadh aon dóchas ann go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean idirghlúineach.[5][6]

Faoin aitheantas stáit atá anois ag an bPalaistín, tá ambasáid ag an bPalaistín in Éirinn seachas "misean" mar a bhí (agus ambasadóir ón bPalaistín chun na hÉireann). Tá ambasáid seachas "oifig ionadaí" ag Éirinn in Ramallah.[7]

Cur in aghaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní mó ná sásta atá Iosrael le cinneadh na hÉireann aitheantas a thabhairt do stát na Palaistíne. Dúirt Israel Katz, Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael, go gcuimhneofaí sna cuntais staire gur shocraigh Éire, an Spáinn agus an Iorua “bonn óir a thabhairt do dhúnmharfóirí agus éigneoirí Hamas”.

Chuir Iosrael fios ar ambasadóirí na dtrí thír a rinne an fógra le féachaint ar fhíseán d’ionsaithe Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023. Bhí na meáin i láthair ag an ócáid, rud a cháin an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go láidir.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Al Jazeera Staff. "Ireland, Norway and Spain recognise Palestine. What has that changed?" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2024-05-28.
  2. "Palestine–Sweden relations" (as en) (2024-05-05). Wikipedia. 
  3. Ceadaíonn Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ballraíocht san eagraíocht dhomhanda.
  4. Nuacht RTÉ (2024-05-10). "Bua suntasach ag an bPalaistín sna Náisiúin Aontaithe" (as ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2024-05-17). ""Tá sé i gceist ag Éirinn Stát Pailistíneach a aithint go luath"" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2024-05-22). "Éire le stát na Palaistíne a aithint go foirmiúil ón 28 Bealtaine" (as ga-IE). 
  7. 7.0 7.1 "Brat na Palaistíne le crochadh ag Teach Laighean agus aitheantas stáit le teacht i bhfeidhm" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-28). Dáta rochtana: 2024-05-28.