Jump to content

Imscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Phalaistín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtImscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Phalaistín
Cineálimscrúdú coiriúil Cuir in eagar ar Wikidata
TírStát na Palaistíne Cuir in eagar ar Wikidata
Fatou Bensouda
Karim Ahmad Khan
Benjamin Netanyahu Cuir in eagar ar Wikidata
Imscrúduithe agan Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
International Criminal Court arrest warrants applications for Israeli and Hamas leaders (en) Aistrigh
Israeli intelligence operations against the ICC's Palestine investigation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Ar an 3 Márta 2021, osclaíodh an cás Imscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Phalaistín.[1] Tharraing an t-Imscrúdú conspóid ón tús. Mar shampla cháin Amnesty International an Ríocht Aontaithe sna 2020idí mar níor bhain an rialtas Briotanach úsáid as a ról ceannaireachta laistigh de na Náisiúin Aontaithe chun sáruithe ar chearta an duine in Gaza a chosc, agus as a tacaíocht lag d’Imscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (CCI) ar sháruithe ar chearta an duine in Iosrael agus sa Phalaistín.[2]

Ar an 20 Bealtaine 2024, dúirt príomh-ionchúisitheoir na cúirte Karim Khan go raibh iarratas déanta aige ar bharántais ghabhála mar gheall ar chúiseanna a bhain le coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta.[3][4] Tá barántais á lorg ag an CCI do Phríomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu agus do Yahya Sinwar agus ceannairí eile de chuid Hamas.[5]

díothú a dhéanamh: Benjamin Netanyahu
dúnmharú agus tógáil gialla: Yahya Sinwar

Cúiseanna i leith cheannairí Iosrael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt cúiseanna á gcur i leith Benjamin Netanyahu agus aire cosanta Iosrael Yoav Gallant. Ar na cúiseanna sin tá díothú a dhéanamh, úsáid a bhaint as an ngorta mar uirlis chogaidh, stop a chur le cabhair dhaonnúil, agus targaidí a dhéanamh d’aon ghnó de shibhialtaigh. Cuirtear ina leith freisin go bhfuil uirlis chogaidh den ocras déanta acu.

Cúiseanna i leith cheannairí Hamas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúiseanna éagsúla curtha i leith cheannaire Hamas, Yahya Sinwar, Mohammed Diab Ibrahim al-Masri (ceannaire Bhriogáidí Al Qassem ar a dtugtar Deif), agus Ismail Haniyeh, ceannaire na chuid na heite polaitiúla de chuid Hamas.  Ar na cúiseanna sin tá “díothú, dúnmharú, tógáil gialla, agus éigniú agus ionsaithe gnéis a dhéanamh ar dhaoine faoi choinneáil”.

Dúirt Karim Khan go bhféadfaí cás réasúnta a dhéanamh go raibh na ceannairí freagrach de réir dlí as coireanna cogadh agus coireanna in aghaidh na daonnachta a tharla ón 7 Deireadh Fómhair 2023.[5]

Cur in aghaidh agus imeaglú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Iosrael cáineadh géar ar an gcúirt idirnáisiúnta. Dúirt Benny Gantz, aire de chuid rialtas cogaidh Iosrael: “Daille ó thaobh na moráltachta atá i gceist a mhaíomh gurb iad an dá mhar a chéile ceannairí a chuaigh chun catha le cosaint a thabhairt do shaoránaigh a dtíre agus sceimhlitheoirí foréigneacha."[5] Agus dúirt Sami Abu Zuhri, feidhmeannach sinsearach le Hamas, go raibh an tIonchúisitheoir ag rá "gur ionann an té a bhí á chéasadh agus an céastúnach".[6]

Ach ní mhaíonn an CCI go bhfuil comhionannas idir Rialtas Iosrael agus Hamas ar chor ar bith.[1]

Bhí cinneadh na CCI cáinte go láidir ag Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden, Daonlathaí, agus ag an bPáirtí Poblachtach araon. Bhí amhras caite ag Joe Biden freisin ar an bpróiseas faoina ndearnadh an cinneadh na barántais ghabhála a eisiúint agus tionscnaíodh feachtas forleathan imeaglaithe. Chuir Rialtas na Stáit Aotnaithe smachtbhannaí ar oifigigh na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Háig (níl cead acu taisteal go dtí na Stáit Aontaithe). Níl ballraíocht ag na Stáit Aontaithe sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ach tacaíonn an tír le rialuithe áirithe, cuir i gcás, an cinneadh a rinneadh anuraidh barántas gabhála a eisiúint i leith Uachtarán na Rúise Vladimir Putin maidir leis an gcogadh san Úcráin.[7]

Ina thuarascáil dhomhanda bhliantúil, a eisíodh i mí Aibreáin 2024, dúirt Amnesty International go bhfuil  an Bhreatain ag lagú cosaintí cearta daonna go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus go bhfuil cliseadh beagnach ar an dlí idirnáisiúnta.[2]

Nós imeachta dlíthiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Painéal breithiúna de chuid na cúirte a dhéanfaidh cinneadh faoin iarratas.

Ach fiú má eisítear barántas níl sé d'acmhainn ag an gCúirt Idirnáisiúnta é a chur i bhfeidhm. Níl Iosrael ná na Stáit Aontaithe ina bhall den CCI agus deir Rialtas Iosrael nach bhfuil aon údarás aici in Iosrael ná Gaza. Ach má cheadaítear na barántais d’fhéadfaí na daoine atá luaite leo a ghabháil in aon cheann den 124 stát atá ina mbaill den ICC.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 icc-cpi.int / Fatou Bensouda | International Criminal Court (3 Márta 2021). "Statement of ICC Prosecutor, Fatou Bensouda, respecting an investigation of the Situation in Palestine". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-09. Dáta rochtana: 2024-05-22.
  2. 2.0 2.1 ExtraG.ie (2024-04-24). "Breatain 'ag déanamh damáiste d'aon ghnó do chearta daonna'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-05-22.
  3. cc-cpi.int (2024-05-20). "Statement of ICC Prosecutor Karim A.A. Khan KC: Applications for arrest warrants in the situation in the State of Palestine | International Criminal Court". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-05-20. Dáta rochtana: 2024-05-22.
  4. Felix Pope. "ICC to seek arrest warrant against Netanyahu and Yahya Sinwar" (en). www.thejc.com. Dáta rochtana: 2024-05-22.
  5. 5.0 5.1 5.2 "Barántais ghabhála á lorg ag ionchúisitheoir an ICC do Netanyahu agus ceannairí Hamas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-20). Dáta rochtana: 2024-05-22.
  6. Nuacht RTÉ (2024-05-20). "Gabháil cheannairí Iosrael agus cheannairí Hamas ón ICC" (as ga-IE). 
  7. Nuacht RTÉ (2024-05-22). "Meiriceá ag cuimhneamh ar smachtbhannaí a chur ar chúirt sa Háig" (as ga-IE).