Isaac Herzog
(1945) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Nollaig 1888 Łomża, An Pholainn |
Bás | 25 Iúil 1959 70 bliana d'aois Iarúsailéim |
Áit adhlactha | Sanhedria Cemetery (en) |
Príomh-Rabbi Iosrael, Giúdaigh Aisceanazaíocha | |
1948 – 1959 ← luach ar iarraidh – Isser Yehuda Unterman → | |
Príomh-Rabbi an Phalaistín Shainordaitheach | |
1936 – 1948 ← Abraham Isaac Kook (en) – Deireadh an phoist → | |
Príomh-Rabbi Éire | |
1922 – 1936 ← luach ar iarraidh – Immanuel Jakobovits → | |
Príomh-Rabbi Baile Átha Cliath | |
1919 – luach anaithnid | |
Príomh-Rabbi Béal Feirste | |
1916 – 1919 | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Giúdachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Pháras Ollscoil Londan |
Gníomhaíocht | |
Gairm | raibí |
Teangacha | An Ghiúdais, Béarla, an Ghaeilge agus an Eabhrais |
Teaghlach | |
Páiste | Chaim Herzog, Yaakov Herzog |
Athair | Joël Leib HaLevi Herzog agus Liba Miriam Herzog (Gercek) |
Duine muinteartha | Michael Herzog (garmhac) Isaac Herzog (garmhac) |
Gradam a fuarthas
| |
Raibí céimiúil ab ea Raibí Yitzhak HaLevi Herzog (Eabhrais: יצחק אייזיק הלוי הרצוג) (rugadh 3 Nollaig 1888; básaíodh 25 Iúil 1959), bhíodh aithne air mar Isaac Herzog chomh maith.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ina raibí i mBéal Feirste ó 1916 go 1919, Rugadh a mhac, Chaim, i 2 Norman Villas i mBéal Feirste (anois 185 Clifton Park Avenue).
Sa bhliain bhog an teaghlach go Baile Átha Cliath;bhí siad ina gcónaí ag 33 Ascaill Ghort na mBláth, Portobello[1].
Ba é an chéad Phríomhraibí ar Éirinn é. Lean a réimeas ó 1921 go 1936[2].
Ba é an Príomhraibí (Aisceanazaíoch), ó 1937 go dtí a bhás, ar Údarás na Breataine sa Phalaistín agus in Iosrael tar éis a neamhspleáchais i 1948.
D'éirigh a mhac, Chaim Herzog, ina Uachtarán ar Iosrael.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba thírghráthóir agus Gaeilgeoir é. Ba phoblactánach láidir é, agus tugadh ‘The Sinn Féin Rabbi’ mar leasainm air.
Bhí Gaeilge, Béarla, Eabhrais, Polainnis agus Rúisis aige. Thaitin sé leis cuairt a thabhairt go dtí Gaeltachtaí in Ard Mhacha, in Aontroim agus i gCorcaigh. Ar an drochuair, bhí frithghiúdachas forleathan ag an am sin.[3].
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ dublincity.ie. "Portobello Map Guide". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-26. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Herzog, Chaim (1918-1997)". Israel and Zionism. The Department for Jewish Zionist Education. http://www.jafi.org.il/education/100/people/BIOS/herzog.html Curtha i gcartlann 2007-09-26 ar an Wayback Machine. Faighte 2007-11-05.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-23. Dáta rochtana: 2018-01-04.