Chaim Herzog
An 6ú hUachtarán ar Iosrael (1983-93) ab ea Chaim Herzog (17 Meán Fómhair 1918 – 17 Aibreán 1997). Saighdiúir, dlíodóir, fear gnó agus taidhleoir ab ea é chomh maith, a d'fhás suas in Éirinn.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luathshaol in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Herzog i 2 Norman Villas[1] i mBéal Feirste (anois 185 Clifton Park Avenue[2]). Bhí a athair, Isaac Herzog, go láidir i bhfabhar an phoblachtachais Éireannaigh (bhí Gaeilge líofa aige is cosúil). Mar sin thugtaí "Raibí Shinn Féin" air ar feadh tamaill áirithe. Rinneadh Ard-Raibí Aisceanásaíoch[3] na Palaistíne dá athair (agus Ard-Raibí Iosrael ina dhiaidh sin go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1959).
Ós rud é gur mhac le hArd-Raibí na hÉireann, tógadh Herzog i mBaile Átha Cliath é idir 1919 agus 1935, ar 33 Ascaill Ghort na mBláth, Portobello[4]. Bhí Cearbhall Ó Dálaigh ina chara ag Chaim i laethanta a óige, ina chónaí in aice leis ar 15 bóthar Portobello.[5]
D'fhreastail Herzog ar Choláiste Alexandria (naíonra) ar dtús, agus ansin ar Choláiste Wesley (ar Fhaiche Stiabhna ag an am). Ghnóthaigh sé scoláireacht nuair a bhí sé ann. Chaith sé roinnt blianta ag dornalaíocht agus d'éirigh go maith leis,[6]
Scríobh Brendan Delap i 2020 go raibh onóir sa Ghaeilge faighte ag Herzog san Ardteist[7] (agus beagnach 17 mbliana d'aois i 1935, más fíor). Ar aon nós, bhí sé ar bharr an ranga.
Bhog sé go dtí an Phalaistín i mBealtaine 1935.
Staidéar agus Cogadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh Herzog ag déanamh staidéir i gColáiste na hOllscoile, Londain sa bhliain 1938[8]. Fuair sé céim sa dlí i 1941 agus rinneadh abhcóide d'Ósta Lincoln de i 1942, agus é ina oifigeach oiliúna san Arm ag an am céanna.
Bhí Herzog in Arm na Breataine, ó 1942 go dtí 1947. Bhí Chaim Herzog (a d'fhás suas i mBaile Átha Cliath) ann nuair a chimigh na Sasanaigh Himmler agus scríobh sé cuntas suntasach faoi,[9] Faoi dheireadh, rinneadh Maor de.
- Ansin bhí Herzog i bhFórsaí Cosanta Iosrael (1948-62) ar éirigh sé as mar Mhaorghinearál. Bhí sé ina Cheannaire ar an mBrainse um Fhaisnéis Mhíleata ó 1948 go dtí 1950 agus ansin ó 1959 go dtí 1962). Bhí sé ina attaché míleata in Ambasáid Iosrael i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó 1950 go dtí 1954.[10]
Ní ba dhéanaí, bhí Herzog ina Ghobharnóir Míleata ar feadh tamaillín le haghaidh na gcríoch a bhfuair Iosrael seilbh orthu tar éis Chogadh na Sé Lá.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a chuaigh Herzog ar ais chun an tsaoil shibhialta sa bhliain 1962, thosaigh sé ag dlíodóireacht agus thug sé faoi roinnt stiúrthóireachtaí.
Sa bhliain 1972, bhí Herzog ar an triúr a chuir an dlíghnólacht, "Herzog, Fox & Neeman", ar bun (atá i measc na ngnólachtaí dlí is mó le rá in Iosrael fós).[11]
Bhí Herzog ina Ambasadóir chun na Náisiún Aontaithe ó 1975 go dtí 1978.
Dhá bhliain tar éis dó a bheith tofa chun na Knesset ar liosta na Comhghuaillíochta (Páirtí an Lucht Oibre de chuid Iosrael), rinneadh Uachtarán Stát Iosrael. Chuir sé dhá thréimhse cúig bliana isteach san oifig sin.
Cuairt ar Éirinn, 1985
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1985 thug Herzog cuairt stáit ar Éirinn, ag filleadh ar ais ar a alma mater agus ag oscailt Mhúsaem Giúdach na hÉireann i mBaile Átha Cliath chomh maith. Thug sé cuairt ar an tSnaidhm, Contae Chiarraí freisin, chun dealbh in ómós a chara Chearbhaill Uí Dhálaigh a nochtadh.[12] Ag an am, rinneadh roinnt léirsithe in aghaidh a cuairte, maidir le polasaí eachtrach Iosrael, i dtaobh na Liobáine Theas go mór mór. Bhí trúpaí na hÉireann imlonnaithe ann ag an am, mar chuid d'Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL).
Bás agus teaghlach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Niúmóine a chniog Herzog agus d'éag sé i Tel Aviv é ar 17 Aibreán 1997, in aois 78 bliain dó[13]. Tá sé curta i reilig Mount Herzl, Iarúsailéim.
Tá mac leis, Íosác nó Isaac Herzog, a bhí ina chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre de chuid Iosrael agus ina Cheannaire ar an bhFreasúra ó 2013-2018.[14] D'éirigh sé ina Uachtarán ar Stát Iosrael sa bhliain 2021, ag leanúint a athar.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Open Plaques. "Chaim Herzog blue plaque" (en-GB). openplaques.org. Dáta rochtana: 2020-04-18.
- ↑ nochadh plaic chuimhneacháin ina onóir sna 200idí ag 185 Clifton Ville Avenue.
- ↑ ""Ashkenaz"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-04-18.
- ↑ dublincity.ie. "Portobello Map Guide". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-26. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-04-18.
- ↑ Chaim Herzog (2019-08-16). "Living History: A Memoir" (as en). Plunkett Lake Press.
- ↑ "An Dlí" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-04-18.
- ↑ "Giants of Israeli politics both sprang from Belfast's tiny Jewish community" (en). www.newsletter.co.uk. Dáta rochtana: 2020-04-18.[nasc briste go buan]
- ↑ Chaim Herzog (2019-08-16). "Living History: A Memoir" (as en). Plunkett Lake Press.
- ↑ "Chaim Herzog | president of Israel" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-04-18.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2 Meith. 2021). "Herzog Óg". Dáta rochtana: 3 Meith. 2021.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2 Meith. 2021). "Herzog Óg". Dáta rochtana: 3 Meith. 2021.
- ↑ Rodney Carlisle (2015-03-26). "Encyclopedia of Intelligence and Counterintelligence" (as en). Routledge.
- ↑ Office of the President of Ireland. "Diary President Receives Mr Isaac Herzog Son Of Former President Of The State Of Israel Chaim Herzog On The 100th Anniversary Of The Birth Of His Father" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-04-18.