Isaac Herzog Óg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Isaac Herzog Óg
Isaac Herzog, July 2021 (D1233-049).JPG
Ball den Knesset

Feabhra 17, 2003 - Aibreán 17, 2006
Ball den Knesset

Aibreán 17, 2006 - Nollaig 18, 2008
Aire Turasóireachta

Bealtaine 4, 2006 - Márta 21, 2007
An tAire Leasa agus Seirbhísí Sóisialta

Márta 21, 2007 - Eanáir 17, 2011
Ehud Olmert - Moshe Kahlon
Ball den Knesset

Nollaig 18, 2008 - Feabhra 24, 2009
Ball den Knesset

Feabhra 24, 2009 - Feabhra 5, 2013
Ball den Knesset

Feabhra 5, 2013 - Márta 31, 2015
Ball den Knesset

Márta 31, 2015 - Iúil 31, 2018 - Robert Tiviaev
11. Uachtarán Iosrael

Meitheamh 2, 2021 -
Reuven Rivlin
Saol
Eolas breithePardes Hanna-Karkur (en) Aistrigh, 22 Meán Fómhair 1960 (62 bliain d’aois)
NáisiúntachtIosrael
Áit chónaitheTel Aviv
Muintir
AthairChaim Herzog
MáthairAura Herzog
Céile/CéilíMichal Herzog (en) Aistrigh
Siblíní
liosta iomláin
Teaghlach
Oideachas
Alma materOllscoil Tel Aviv
Ollscoil Nua-Eabhrac
Ollscoil Cornell
Ramaz School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
An Eabhrais
Gairm
Gairmpolaiteoir, dlíodóir agus abhcóide
Áit oibreIarúsailéim
Cleamhnú
ReiligiúinAn Giúdachas
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Lucht Oibre na hIosrael
Instagramisaacherzog
TwitterIsaac_Herzog
Isaac Herzog Signature HE.svg
Isaac Herzog agus a sheanathair, an 'Sinn Féin rabbi'

Uachtarán ar Stát Iosrael is ea Isaac Herzog Óg (a rugadh ar 22 Meán Fómhair 1960 i dTel Aviv).[1]

2004

Is mac le iar-Uachtarán Stát Iosrael é, an Ginearál Chaim Herzog (1918-1997), a rugadh i mBéal Feirste. Is garmhac leis an iar-Príomhraibí Iosrael é, Isaac Herzog (1888-1959), a bhí ina raibí i mBéal Feirste agus Baile Átha Cliath; tugadh an "Sinn Féin Rabbi" air sna 1910idí-1920idí.

2014

Is iar-Aire agus iar-Chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre é.[2] Bhí sé ina chomhalta den Knesset idir 2003 agus 2018.

I mí an Mheithimh 2018 toghadh é mar Chathaoirleach ar Ghníomhaireacht Ghiúdach Iosrael, agus mar uachtarán ar Iosrael sa bhliain 2021.

le Joe Biden, 2016

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is garmhac leis an Raibí Yitzhak HaLevi (Isaac) Herzog (1888-1959) agus mac leis an nGinearál Chaim Herzog (1918-97) é. An séú hUachtarán ar Stát Iosrael (1983-93) ab ea Chaim Herzog, a rugadh i mBéal Feirste agus a tógadh i mBaile Átha Cliath é.

Bhí Isaac Herzog Mór ina Ard-Raibí na hÉireann idir 1921 agus 1936. Duine a bhí go láidir i bhfabhar an phoblachtachais Éireannaigh agus a raibh Gaeilge líofa aige, thugtaí "Raibí Shinn Féin" air ar feadh tamaill áirithe agus bhí Cearbhall Ó Dálaigh ina chara ag Chaim Herzog i laethanta a óige. Bhí Isaac Herzog Mór ina Ard-Raibí Aisceanásaíoch ar an bPalaistín ó 1936 go 1948 agus ina Ard-Raibí ar Iosrael ina dhiaidh sin go dtí go bhfuair sé bás.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

lena bhean, Michal, 2017

Sa bhliain 1960 i dTel Aviv a rugadh Isaac Herzog Óg. Chaith sé cuid dá óige i Nua-Eabhrac, tráth a bhí a athair ina Ambasadóir chun na Náisiún Aontaithe (1975-78). Fuair sé céim sa dlí ó Ollscoil Tel Aviv agus chuaigh sé isteach sa ghnólacht dlí Herzog, Fox & Neeman (i measc na ngnólachtaí dlí is mó le rá in Iosrael, a chomhbhunaigh a athair sa bhliain 1972).[1]

Ar nós a athar, bhí Isaac Óg ina pholaiteoir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Iosrael.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Isaac Óg ina bhall den Knesset idir 2003 agus 2018 agus go leor uaireanta ina Aire sna blianta sinː

  • Tithíochta & Tógála, 2005;
  • Turasóireachta, 2006-7;
  • An Diaspóra, Na Sochaí, agus An Chomhraic in aghaidh An Fhrith-Sheimíteachais, 2007-09;
  • Seirbhísí Leasa ⁊ Sóisialta, 2007-11).

Bhí Isaac Óg ina ina chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre Iosrael ó 2013 go 2017, agus ina chomhchathaoirleach ar an Aontas Síónach ó 2014 go 2017. Bhí sé ina Cheannaire ar an bhFreasúra ó 2013 go 2018.

Sa bhliain 2018 a toghadh ina chathaoirleach ar an An nGníomhaireacht Ghiúdach d’Iosrael é agus dhírigh sé ar an mbearna idir an bpobal Giúdach agus Stát Iosrael a líonadh.

Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 2 Meitheamh 2021, toghadh Herzog Óg ina Uachtarán ar Stát Iosrael, le dul in oifig ar an 9 Iúil 2021.

Bhuail sé Miriam Peretz 87 go 26 i vóta an Knesset ar cé atá le bheith ina chéad Uachtarán eile. Sheas an bheirt acu mar iarrthóirí neamhspleácha.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2 Meith. 2021). "Herzog Óg". Dáta rochtana: 3 Meith. 2021.
  2. Office of the President of Ireland. "Diary President Receives Mr Isaac Herzog Son Of Former President Of The State Of Israel Chaim Herzog On The 100th Anniversary Of The Birth Of His Father" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-04-18.