An Phalaistín Shainordaitheach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Phalaistín Shainordaitheach
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 31°47′N 35°13′E / 31.78°N 35.22°E / 31.78; 35.22
Tír stairiúilRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairIarúsailéim Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,764,520 (1945) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús66.27 hab./km²
Teanga oifigiúilBéarla
An Eabhrais
an Araibis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnIoslam, An Giúdachas agus An Chríostaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla26,626 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRiarachán ar Chríocha Gafa an Namhad Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1 Iúil 1920
Díscaoileadh14 Bealtaine 1948
Á leanúint agIosrael, an Iordáin agus Rialtas na hUile-Phalaistíne Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaissainordú de chuid Chonradh na Náisiún Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrapunt na Palaistíne Cuir in eagar ar Wikidata

Aonán geopholaitíochta a bhí ann idir 1920 agus 1948 i réigiún na Palaistíne faoi Shainordú Chonradh na Náisiún ab ea an Phalaistín Shainordaitheach.[1]

Le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda (1914–1918), chuir éirí amach Arabach in aghaidh na nOtamánach agus Fórsa Sluaíochta Éigipteach na Breataine ruaig ar na Turcaigh Otamánacha as an Leiveaint.[2] D’aontaigh an Ríocht Aontaithe i gComhfhreagras McMahon–Hussein go seasfadh sí le neamhspleáchas na nArabach dá n-éireodh na hArabaigh amach in aghaidh na dTurcach Otamánach, ach i ndeireadh na dála, roinn an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc an réigiún eatarthu féin faoi Chomhaontú Sykes-Picot — feall i dtuairim na nArabach.

Rinne Dearbhú Balfour in 1917 cúrsaí fiú níos casta, toisc gur gheall an Bhreatain go dtacódh sí le bunú “baile náisiúnta” Giúdach sa Phalaistín. Ag deireadh an chogaidh, bhunaigh na Briotanaigh agus na Francaigh “Riarachán ar Chríocha Gafa an Namhad” (Béarla: Occupied Enemy Territory Administration) sa tSiria Otamánach. Lorg na Briotanaigh dlisteanacht trí shainordú a fháil ó Chonradh na Náisiún i Meitheamh 1922. Sprioc amháin a bhí ag córas sainordaithe Chonradh na Náisiún ná limistéir de chuid an Iar-Impireachta Otamánaí a riar “go dtí go mbeidh siad in ann seasamh ina n-aonar”.

Le linn an tSainordaithe, tháinig Giúdaigh go dtí na críocha ina dtonnta, agus d'fhás gluaiseachtaí náisiúnta sna pobail Ghiúdacha agus Arabacha araon. Mar thoradh air seo, tharla éirí amach na nArabach sa Phalaistín (1936–1939) agus an Cheannairc Ghiúdach sa Phalaistín Shainordaitheach (1944–1948). I mí na Samhna 1947, ghlac na Náisiúin Aontaithe le plean chun an tír a roinnt ina dhá stát, stát Arabach agus stát Giúdach. Nuair a tháinig deireadh le cogadh na Palaistíne in 1948, roinneadh an Phalaistín Shainordaitheach ar Stát Iosrael, ar Ríocht Haisimíteach na hIordáine (a ghabh seilbh ar thalamh ar Bhruach Thiar Abhainn na hIordáine), agus ar Ríocht na hÉigipte, a bhunaigh an “Coimirceas na hUile-Phalaistíne” i Stráice Gaza.

Ceapadh an Phalaistín Shainordaitheach ina Sainordú “Aicme A”, bunaithe ar a forbairt shóisialta, pholaitiúil agus eacnamaíoch. Níor úsáideadh an t-aicmiú seo ach i gcás na tíortha a raibh an cumas is láidre féinrialach acu.[3] Bhain gach sainordú Aicme A neamhspleáchas amach faoi 1946, seachas an Phalaistín Shainordaiteach.[4]

Is é “An Phalaistín" an t-ainm a tugadh ar chríoch an tSainordaithe, de réir traidisiúin áitiúil i measc na nArabach Palaistíneach agus na nOtamánach, chomh maith le traidisiún Eorpach.[5][6][7] Sonraíodh sa Chairt Sainordaithe go mbeadh trí theanga oifigiúla ann sa Phalaistín Shainordaiteach, is iad sin an Béarla, an Araibis agus an Eabhrais.

Sa bhliain 1926, chinn na údaráis Bhriotanacha go mbainfidís úsáid as na leaganacha Araibise agus Eabhraise den ainm Béarla, .i. filasţīn (فلسطين) agus pālēśtīnā (פּלשׂתינה) faoi seach. Mhol ceannairí na nGiúdach gur cheart ʾĒrēts Yiśrāʾel (ארץ ישׂראל, Tír Iosrael) a úsáid in Eabhrais. Sa deireadh, thángthas ar chomhréiteach chun túslitreacha an ainm Eabhraise mholta (א״י) a chur i lúibíní aon uair a úsáideadh ainm an tSainordaithe i gcáipéisí oifigiúla.[8] Ba é tuairim cheannairí na nArabach gur sháraigh an comhréiteach seo téarmaí an tSainordaithe. Mhol roinnt polaiteoirí Arabacha an t-ainm “Deisceart na Siria” (سوريا الجنوبية), ach dhiúltaigh na húdaráis Briotanacha don mholadh seo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. League of Nations decision confirming the Principal Allied Powers' agreement on the territory of Palestine”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Samhain 2013.
  2. "Allenby in Palestine: The Middle East Correspondence of Field Marshal Viscount Allenby June 1917 – October 1919" (2004) 22. Phoenix Mill, Thrupp, Stroud, Gloucestershire: Sutton Publishing Ltd. ISBN 978-0-7509-3841-9. 
  3. Legal Consequences of the Construction of a Wall in the Occupied Palestinian Territory, Advisory Opinion of 9 July 2004, 2004 International Court of Justice 63.
  4. Victor Kattan.
  5. Nur Masalha (2018). "Palestine: A Four Thousand Year History". Zed. ISBN 978-1-78699-272-7. 
  6. Khalidi 1997.
  7. Büssow, Johann (11 Lúnasa 2011). "Hamidian Palestine: Politics and Society in the District of Jerusalem 1872–1908". BRILL. ISBN 978-90-04-20569-7. Dáta rochtana: 17 Bealtaine 2013. 
  8. Sivak, Jacob (27 Meán Fómhair 2021). “How was 'Israel' once 'Palestine'? New books and old coins”. JPost.com. Jerusalem Post. ““While the Jewish representatives to the Mandatory government objected to the transliteration of Palestine into Hebrew and preferred the traditional Hebrew name of Eretz Yisrael, there were Arab objections. The compromise, suggested by Herbert Samuel, the first British High Commissioner to Palestine, who was a Jew and a Zionist, was the addition, in parentheses, of the Hebrew initials for Eretz Yisrael. The aleph yod abbreviation was used on all official documents, stamps, and coins until the end of the Mandate. “”