Jump to content

Nancy Pelosi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNancy Pelosi

(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Nancy Patricia D'Alesandro Cuir in eagar ar Wikidata
26 Márta 1940
85 bliana d'aois
Baltimore, Maryland Cuir in eagar ar Wikidata
Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2021 –

Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2019 – 3 Eanáir 2023
← Paul Ryan
Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2019 – 3 Eanáir 2021


Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2017 – 3 Eanáir 2019


Ionadaí na Stát Aontaithe
6 Eanáir 2015 – 3 Eanáir 2017


Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2013 – 3 Eanáir 2015


Ionadaí na Stát Aontaithe
5 Eanáir 2011 – 3 Eanáir 2013


Ionadaí na Stát Aontaithe
6 Eanáir 2009 – 3 Eanáir 2011


Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe
4 Eanáir 2007 – 3 Eanáir 2011
← Dennis HastertJohn Boehner →
Ionadaí na Stát Aontaithe
4 Eanáir 2007 – 3 Eanáir 2009


Ionadaí na Stát Aontaithe
4 Eanáir 2005 – 3 Eanáir 2007


Ionadaí na Stát Aontaithe
7 Eanáir 2003 – 3 Eanáir 2005


Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2001 – 3 Eanáir 2003


Ionadaí na Stát Aontaithe
6 Eanáir 1999 – 3 Eanáir 2001


Ionadaí na Stát Aontaithe
7 Eanáir 1997 – 3 Eanáir 1999


Ionadaí na Stát Aontaithe
4 Eanáir 1995 – 3 Eanáir 1997


Ionadaí na Stát Aontaithe
5 Eanáir 1993 – 3 Eanáir 1995


Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 1991 – 3 Eanáir 1993


Cathaoirleach Democratic Senatorial Campaign Committee (en) Aistrigh
1985 – 1986
Party chair (en) Aistrigh Páirtí Daonlathach California
1981 – 1983 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Iodálacha
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síTrinity Washington University (en) Aistrigh - eolaíocht pholaitiúil (1958–1962)
Institute of Notre Dame (en) Aistrigh (1954–1958) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaltimore
Nua-Eabhrac
San Francisco
Pacific Heights (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Suíomh oibre Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaan Páirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéilePaul Pelosi (1963–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNancy Corinne Prowda, Christine Pelosi, Paul Pelosi, Jr., Alexandra Pelosi Cuir in eagar ar Wikidata
AthairThomas D'Alesandro, Jr.  agus Annunciata M. "Nancy" D'Alesandro
SiblínThomas L. J. D'Alesandro III
Croineolaíocht
28 Deireadh Fómhair 2022Attack on Paul Pelosi (en) Aistrigh (Pacific Heights (en) Aistrigh)
2 Lúnasa 2022-3 Lúnasa 20222022 visit by Nancy Pelosi to Taiwan (en) Aistrigh
2 Samhain 2010Toghchán 2010 do Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe
23 Márta 2010Patient Protection and Affordable Care Act
10 Eanáir 2007-Iúil 2008Iraq War troop surge of 2007 (en) Aistrigh
20 Eanáir 1961inauguration of John F. Kennedy (en) Aistrigh
100 Hour Plan (en) Aistrigh
Efforts to impeach George W. Bush (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinpelosi.house.gov Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2119042 Allocine: 622767 Rottentomatoes: celebrity/nancy_pelosi TMDB.org: 984100
Facebook: NancyPelosi X: SpeakerPelosi Bluesky: pelosi.house.gov Instagram: speakerpelosi Youtube: UCxPeEcH0xaCK9nBK98EFhDg Discogs: 5725008 Goodreads author: 1232968 Goodreads character: 31214 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe í Nancy Patricia D'Alesandro Pelosi (ar 26 Márta, 1940 a rugadh í), ionadaí de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh chuig Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe, ar son an Ochtú Ceantar Comhdhála i gCalifornia (a chuimsíonn an chuid is mó de chathair San Francisco).

Bhí sí lárnach sna mórchinntí ar fad a rinne na Daonlathaigh ó na 1990idí go dtí na 2020idí. Nuair a bhí Barack Obama sa Teach Bán, 2008-2026, tugadh Mamó an pháirtí Dhaonlathaigh ar Pelosi i measc tráchtairí agus iriseoirí. Bhí beagán baint ag an leasainm leis an teaghlach mór atá ag Pelosi ach is mó ná sin baint a bhí aige le haois na mná a bhí mar spéicéir ar Theach na nIonadaithe agus a raibh cumhacht thar na bearta aici sa bpáirtí.[1]

Saolaíodh i mBaltimore, Maryland í mar Nancy Patricia D'Alesandro. Ba iad Anunciata M. (“Nancy”) agus Thomas D’Alesandro a tuismitheoirí. Ba bhall de Chomhdháil na Stát Aontaithe é a hathair. Bhí sé ina mhéara ar Baltimore freisin, roimhe sin.

D’fhreastail Nancy Pelosi ar an Institute of Notre Dame, ardscoil Chaitliceach do chailíní, i mBaltimore. Bhain sí céim bhaitsiléara san eolaíocht pholaitiúil amach ag Trinity College (Ollscoil Trinity Washington inniu) in Washington, D.C. sa bhliain 1962.

Bhí Pelosi tofa i gcathair San Francisco mar ionadaí comhdhála ó 1987 nuair a bhí Ronald Reagan ina Uachtarán ar na Stát Aontaithe.

Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe (nó Ceann Comhairle) a bhí inti sa 110-111ú Comhdháil (2007-2011). Thogh a comhbhaill Dhaonlathacha sa Teach í mar Cheannaire an Mhionlaigh don 112ú Comhdháil, a thosaigh i mí Eanáir, 2011.

Mar Cheann Comhairle, ba í an dara duine (i ndiaidh an leasuachtaráin) mar chomharba ar uachtarán na Stát Aontaithe mura mbeadh sé seo ábalta a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

Ba í an chéad bhean san oifig sin agus, mar sin, ba í an bhean is airde oifig i stair SAM go dtí 2021, nuair a ceapadh Kamala Harris mar leasuachtarán. (Is í an chéad duine as California agus an chéad duine de shliocht Iodálach sa phost sin freisin.)

Chuaigh John Boehner ina háit mar Cheann Comhairle san 112ú Comhdháil.

I mí Lúnasa 2022, tháinig Pelosi chuig an Téaváin, ar an bpolaiteoir Meiriceánach is sinsearaí le cuairt a thabhairt ar an Téaváin le fada an lá, agus d'ainneoin an fholáirimh a bhí tugtha ag Rialtas na Síne di gan cos a leagan ar an oileán.[2]

I gcruinniú a bhí aici le hUachtarán na Téaváine Tsai Ing-wen, mhaígh Pelosi go bhfuil an Téaváin ar cheann de na sochaithe is saoire ar domhan agus gheall sí nach loicfeadh na Stáit Aontaithe ar an tír go brách. Dúirt Pelosi go bhfuil deis ann an comhar eacnamaíochta idir na Stáit Aontaithe agus an Téaváin a neartú i bhfianaise reachtaíochta nua in Washington.[2]

Sa bhliain 2024, chreid go leor go bhfuil sí lárnach i gcónaí sa bpatuaire i measc bhaill ann pháirtí ó d’éirigh Joe Biden as an bhfeachtas uachtaránachta in 2024 agus ó fuair Donald Trump bua cuimsitheach ar Kamala Harris i dtoghchán mhí na Samhna 2024. Ach cuireadh i gcion uirthi seasamh i leataobh mar cheannasaí ar na Daonlathaigh sa gComhdháil.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Máirín Ní Ghadhra (17 Lúnasa 2025). "Ní léir go fóill an bhfuil na Daonlathaigh réidh le slán a fhágáil le Mamó Nancy" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-19.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2022-08-03). "Cuairt Nancy Pelosi ar an Téaváin cáinte ag an tSín" (as ga-IE). 

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]