Milan Kundera

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMilan Kundera

(1980) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Aibreán 1929
Brno (An tSeicslóvaic)
Bás11 Iúil 2023
94 bliana d'aois
7ú arrondissement Pháras ()
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síFilm and TV School of the Academy of Performing Arts in Prague (en) Aistrigh (1949–1952)
Faculty of Arts, Charles University in Prague (en) Aistrigh (1948–1949) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePáras
Purkyňova street (en) Aistrigh
Roazhon
Teanga dhúchaisan tSeicis
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht, litríocht deoraíochta agus aistriú
Gairmscríbhneoir, drámadóir, múinteoir ollscoile, úrscéalaí, scríbhneoir scripte, aistritheoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1953 –  2023
FostóirSchool for Advanced Studies in the Social Sciences (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach na Seicslóvaice (1956–1970)
Páirtí Cumannach na Seicslóvaice (1948–1950) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraÚrscéal, gearrscéal, aiste, dráma agus dán
TeangachaAn Fhraincis agus an tSeicis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileOlga Haasová (1956–1960í), colscaradh
Věra Kunderová (1967–2023), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLudvík Kundera  agus Milada Kunderová
Duine muintearthaLudvík Kundera (col ceathair fir) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0475081 Allocine: 38204 Allmovie: p313108
Musicbrainz: f0c8762f-eeca-4bb2-862d-b89f87ce6db6 Discogs: 3469926 Find a Grave: 256559804 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba scríbhneoir agus intleachtóir de bhunú na Seicslóvaice é Milan Kundera (a rugadh in Brno ar 1 Aibreán 1929 agus a d'éag ar 11 Iúil 2023 i bPáras), agus ar dhuine de mhórscríbhneoirí na Seicise, na Fraincise agus an domhain sa 20ú haois.[1][2][3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhás Kundera aníos i gcathair Brno sa tSeicslóvaic. Ba cheoleolaí agus pianódóir cáiliúil athair Milan, Ludvík Kundera. Bhí suim sa cheol ag Milan chomh maith, an snagcheol go háirithe nuair a bhí sé sna déaga. Rinne sé staidéar ar litríocht agus fealsúnacht in Ollscoil Charles i bPrág ar dtús ach bhain sé céim amach in Ealaíon Scannánaíochta in 1952. Ceapadh é mar léachtóir sa litríocht sa scoil scannánaíochta.

Mar fhear óg, chreid sé go láidir sa chóras Cumannach a fuair forlámhas ar an tSeicslóvaic i 1948. Sa bhliain 1948 agus é fós ina mhac léinn, bhain sé ballraíocht sa pháirtí Cumannach amach. Ruaigeadh as an bpáirtí é don chéad uair sa bhliain 1950. Scríobh sé úrscéal faoin eachtra seo níos déanaí, Žert (The Joke, 1967 - féach thíos). D’aithin sé nádúr ollsmachtach an chórais sa leabhar seo.

Phós sé Vera Hrabankova in 1967.

Bhí Kundera páirteach in ‘Earrach Phrág’, gluaiseacht chultúrtha agus pholaitiúil sa tSeicslóvaic ag deireadh na 1960idí, gluaiseacht a bhí ar son saoirse na n-ealaíon, saoirse cainte agus athruithe eile a bhíothas ag ag iarraidh a thabhairt isteach sa chóras Cumannach a bhí i réim sa tír ag an am sin.[1]

Rinne an tAontas Sóivéadach agus á thíortha satailíte ionradh míleata ar an tSeicslóvaic i Lúnasa 1968.

Ruaigeadh Kundera as an bpáirtí don dara huair sa bhliain 1970 agus cuireadh cosc ar shaothar Kundera ina thír dúchais. Ach ag an am sin, ní raibh Kundera ar aon intinn le Václav Havel (drámadóir mór le rá agus uachtarán na tíre sna 1990idí tar éis na réabhlóide). Bhí caidreamh achrannach ag Kundera leis na heasaontóirí timpeall ar Václav Havel go dtí lá a bháis.[3]

Sa bhliain 1975, d’fhág Kundera Prág agus d’imigh go dtí an Fhrainc (Rennes go dtí 1990 agus ansin Páras) agus lean sé air ag scríobh i bhFraincis. Bhí cónaí air sa Fhrainc go dtí lá a bháis, 11 Iúil 2023 i bPáras, in aois a cheithre bliana is nócha.

Níor fhill Kundera rómhinic ar a thír dhúchais fiú tar éis thurnamh an Chumannachais in 1989. Agus é sa Fhrainc, thosaigh sé ag scríobh as Fraincis de réir a chéile – scríbhneoir dátheangach a bhí ann, mar sin, a bhí in ann tairbhe a bhaint as an dá dhúchas chomh maith le traidisiún liteartha na hEorpa trí chéile.[3]

Ficsean[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is mar úrscéalaí a bhain Kundera cáil dhomhanda amach.[3]

Tá taithí an duine a thug a dhílseacht d’idé-eolaíocht tráth ina shaol – ach ar tháinig díomá orthu fúithi ina dhiaidh sin – lárnach ina chuid saothar. Tá an téama seo lárnach san úrscéal is cáiliúla dá chuid, Nesnesitelná lehkost bytí  [a aistríodh go Béarla mar, The Unbearable Lightness of Being, 1984]. Rinne Philip Kaufman scannán bunaithe ar an úrscéal i 1988.[4]

Tháinig a chéad úrscéal, Žert (An Jóc) amach sa bhliain 1965, a nascann a thaithí phearsanta leis an gCumannachas agus stair na Seicslóvaice le téamaí ginearálta ar nós an ghrinn, na hidé-eolaíochta agus an díoltais. Rinne Jaromil Jireš scannán bunaithe ar an úrscéal i 1968.[3]

Úrscéal eile a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an bpobal ná Kniha smíchu a zapomnění (Leabhar an Gháire agus na Díchuimhne, 1979) ina gcleachtann Kundera a stíl shainiúil scríbhneoireachta a cheanglaíonn plotaí neamhspleácha agus stíleanna éagsúla le chéile go healaíonta.

Ba nuálaí a bhí i Kundera chomh maith le bheith ina thraidisiúnaí agus é ag treabhadh seánra an úrscéil. Fuair sé inspioráid ó úrscéalaithe móra – Cervantes, Rabelais, Sterne, Diderot agus eile – a chuir béim ar an éagsúlacht stíle agus ábhair agus a d’fhéach leis an fhoirm liteartha a leathnú amach.[3]

Ruaigeadh Kundera as an bpáirtí don chéad uair sa bhliain 1950. Scríobh sé úrscéal faoin eachtra seo níos déanaí, Žert (The Joke, 1967).

Aiste liteartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thar aon rud eile, bhí Kunderaina mháistir ar an aiste liteartha – sleachta ar an bhfealsúnacht, ar an stair nó ar an gceol laistigh de na húrscéalta, atá ceangailte go scaoilte leis na plotaí. Chun sampla amháin a lua, tá an cur síos is fearr a scríobhadh riamh ar cheol na Moráive ar fáil ar leathanaigh Žert. In ainneoin na nuála ar fad, tá a chuid úrscéalta breá soléite i gcónaí agus tá siad in ann aird an léitheora a choinneáil.[3]

Sa leabhar aistí L’art du Roman (Ealaín an Úrscéil) a foilsíodh i bPáras i 1986, míníonn Kundera an bealach ar nasc sé an ceol leis an litríocht. Is ríshuimiúil freisin dearcadh Kundera ar Franz Kafka mar scríbhneoir a raibh bunús daingean réalaíoch taobh thiar dá shaothar (rud a thugann léargas ar leith ar scéalta Kafkacha Uí Chadhain, ‘An Eochair’ go háirithe).[3]

Fealsúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

San óráid a thug Kundera do Chumann Scríbhneoirí na Seicslóvaice i 1967, míníonn sé gur chosain athbheochanóirí na Seicise ceart maireachtála an náisiún de réir an chultúir i gcónaí. Ina thuairimse, braitheann bheith ann an náisiúin féin ar na luachanna cultúrtha a chruthaíonn sé – ní ar a shon féin ach ar mhaithe le cultúr níos leithne, Eorpach nó domhanda.[1]

Céadfhoilsíodh an aiste pholaitiúil An tIarthar Fuadaithe[5] sa Fhraincis i 1983 (as Gaeilge i 1990[2]), agus arís sa bhliain 2023. Breathnaíonn Kundera ar imeachtaí an chogaidh fhuair i gcomhthéacs stair agus chultúr lár na hEorpa. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an bhfocal ‘lár’ toisc go mbíonn díomá agus frustrachas ar an gcuid is mó d’áitritheoirí an réigiúin pé uair a thugtar ‘Oirthear na hEorpa’ air. Is é bunéirim na haiste gur ‘fuadaíodh’ lár na hEorpa go dtí an tOirthear nuair a tháinig formhór an cheantair faoi smacht na Rúise tar éis an dara cogadh domhanda. Áitíonn Kundera go tréan go mbaineann an limistéar leis an Iarthar go cultúrtha agus gur éagóir mhór staire a bhí san ‘fhuadach’ sin. Mórann sé tábhacht lár na hEorpa ó thaobh na smaointeoireachta, an cheoil agus na litríochta de.[1]

Dar leis, d’eascair an saibhreas cultúrtha neamhchoitianta seo as an éagsúlacht mhór teangacha, cultúir agus creidimh a bhí le fáil sa réigiún – b’fhoinse teannais an éagsúlacht go cinnte, ach foinse chruthaitheachta as cuimse ag an am céanna. Is í ‘an éagsúlacht is mó san áit is cúinge’ bunphrionsabal lár na hEorpa, dar le Kundera, i gcodarsnacht leis ‘an éagsúlacht is lú san áit is fairsinge’ a shamhlaíonn sé leis an Rúis.[1]

Můj Janáček[6]

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán smaointe san aiste a gcuirfeadh lucht na Gaeilge suim ar leith iontu. Labhraíonn Kundera faoi thíortha lár na hEorpa mar “náisiúin bheaga” a bhí ar an taobh “mícheart” den stair go minic agus nach féidir leo a bheith cinnte riamh cé chomh fada a mhairfidh siad.[1]

D'fhoilsigh Coiscéim Croí na hEorpa,[5] arna aistriú ag Áine Ní Conghaile, sa bhliain 1990.[2]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Man: A Wide Garden (Člověk zahrada širá) (1953)
  • The Last May (Poslední máj) (1961) – faoi Julius Fučík
  • Monologues (Monology) (1965)

Aistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • About the Disputes of Inheritance (1955)
  • The Art of the Novel: Vladislav Vancura's Path to the Great Epic (Umění románu: Cesta Vladislava Vančury za velkou epikou) (1960)
  • The Czech Deal (Český úděl) (1968)
  • Radicalism and Exhibitionism (Radikalismus a exhibicionismus) (1969)
  • The Stolen West or The Tragedy of Central Europe (Únos západu aneb *Tragédie střední Evropy) (1983)
  • Croí na hEorpa, Coiscéim 1990, arna aistriú ag Áine Ní Conghaile[2]
  • The Art of the Novel (L'art du Roman) (1986)
  • Testaments Betrayed (Les testaments trahis) (1992)
  • D'en bas tu humeras les roses (léaráidí Ernest Breleur) (1993)
  • The Curtain (Le Rideau) (2005)

Drámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Owner of the Keys (Majitelé klíčů) (1962)
  • Two Ears, Two Weddings (Dvě uši, dvě svatby) (1968)
  • The Blunder (Ptákovina) (1969)
  • Jacques and His Master (Jakub a jeho pán: Pocta Denisu Diderotovi) (1971)

Uscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Joke (Žert) (1967)
  • Laughable Loves (Směšné lásky) (1969)
  • The Farewell Waltz (Valčík na rozloučenou) (Original translation title: The Farewell Party) (1972)
  • Life Is Elsewhere (Život je jinde) (1973)
  • The Book of Laughter and Forgetting (Kniha smíchu a zapomnění) (1978)
  • The Unbearable Lightness of Being (Nesnesitelná lehkost bytí) (1984)
  • Immortality (Nesmrtelnost) (1990)
  • Slowness (La Lenteur) (1993)
  • Identity (L'Identité) (1998)
  • Ignorance (L'Ignorance) (2000)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 Radvan Markus (11 Bealtaine 2023). "Tragóid na hEorpa Láir – aiste a scríobhadh 40 bliain ó shin ar tábhachtaí ná riamh í" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-11.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Milan Kundera (1990). "Croí na hEorpa (Coiscéim ... Na Leabhair i gcló)". coisceim.ie. Dáta rochtana: 2023-05-11.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 3.7 Radvan Markus (18 Iúil 2023). "Milan Kundera – laoch mór litríochta a chabhraigh liom Máirtín Ó Cadhain a thuiscint" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-18.
  4. "The Unbearable Lightness of Being (film)" (as en) (2023-07-16). Wikipedia. 
  5. 5.0 5.1 Un Occident kidnappé: Ou la tragédie de l’Europe centrale (An tIarthar Fuadaithe: Tragóid Lár na hEorpa
  6. "Můj Janáček" (as cs) (2020-06-07). Wikipedie. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]