Franz Kafka

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Franz Kafka
Franz Kafka, 1923.jpg
Saol
Ainm iomlánFranz Kafka
Eolas breithePrág, 3 Iúil 1883
NáisiúntachtCisleithania
An tSeicslóvaic
Áit chónaithePrág
Grúpa eitneachna Giúdaigh
Teanga dhúchaisAn Ghearmáinis
An tSeicis
BásKafka Sterbehaus (en) Aistrigh agus Kierling, 3 Meitheamh 1924
Áit adhlacthaNew Jewish Cemetery (en) Aistrigh
Grave of Franz Kafka (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (laryngeal tuberculosis (en) Aistrigh)
Muintir
AthairHermann Kafka
MáthairJulie Kafka
Páirtí/PáirtitheDora Diamant
Siblíní
Oideachas
Alma materFaculty of Law, German University in Prague (en) Aistrigh
College of Philosophy of the Prague German University (en) Aistrigh
Ollscoil Shéarlais i bPrág
German University in Prague (en) Aistrigh
(1901 - 1906) Dochtúir le Dlí : dlí
TeangachaAn Ghearmáinis
An tSeicis
MúinteoiríFriedrich Thieberger
Gairm
Gairmúrscéalaí, fabhalscéalaí, gearrscéalaí, nathaí, dialannaí, aistritheoir, dlíodóir, scríbhneoir scripte scannáin, file dlíodóra, claims adjuster (en) Aistrigh, scríbhneoir próis agus scríbhneoir
FostóiríAssicurazioni Generali
Allgemeine Unfallversicherungsanstalt (en) Aistrigh
Saothar iomráiteachDie Verwandlung
Der Process
The Castle (en) Aistrigh
Before they (en) Aistrigh
Lost in America (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthiHeinrich von Kleist, Gustave Flaubert agus Robert Walser
Gluaiseachtlitríocht nua-aoiseach
eiseachas
Gluaiseacht ealaínenua-aoiseachas
belletristic literature (en) Aistrigh
gearrscéal
pritcha (en) Aistrigh
úrscéal
mearfhicsean
Cleamhnú
ReiligiúinAn Giúdachas
IMDbnm0434525
franzkafka.de
Discogs ID431267
Franz Kafka's signature.svg

Feidhmeannach árachais, dlíodóir agus scríbhneoir Gearmáinise ab ea Franz Kafka (3 Iúil 1883 - 3 Meitheamh 1924). Meastar go forleathan go bhfuil Kafka ar cheann de na daoine is mó tionchair i litríocht an 20ú haois.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Kafka i bPrág san Ostair-Ungáir ag an am, arb í príomhchathair na Seice inniu í, agus tógadh i dteaghlach meánaicmeach Giúdach é.

Céimí de chuid Deutsche Karl-Ferdinands-Universität (Ollscoil Ghearmánach Karl-Ferdinand) i bPrág, d'aistrigh Kafka ón gceimic go dtí an dlí mar a phríomhábhar staidéir, ionas go mbeadh deis ní ba mhó aige staidéar a dhéanamh ar an nGearmáinis agus ar stair na healaíne agus toisc go raibh deiseanna gairme ní b'fhearr ag gabháil leis.[1]

Fuair Kafka dochtúireacht sa dlí sa bhliain 1906, tar éis dó staidéar a dhéanamh air ar feadh cúig bliana. Chaith sé bliain ina dhiaidh sin mar intéirneach gan phá sna cúirteanna, de réir a oibleagáide.

Obair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Kafka an chuid eile dá shaol oibre in dhá chomhlacht árachais,

  • Assicurazioni Generali (1907-1908) agus
  • an Arbeiter-Unfallversicherungs-Anstalt für das Königreich Böhmen in Prag (An Foras um Árachas Timpiste na n-Oibrithe le haghaidh Ríocht na Boihéime i bPrág, 1908-1918).

An chuid is mó den am sin, dhéanadh Kafka fiosrúchán ar éilimh árachais maidir le timpistí agus measúnú árachais. De ghnáth chríochnaíodh Kafka a chuid oibre faoi 2in gach lá. Mar sin bhí go leor ama aige lena chuid scríbhneoireachta a dhéanamh.

Franz Kafka roimh 1900

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1918, cuireadh Kafka amach ar phinsean míchumais mar gheall ar an eitinn, siocair a bháis sé bliana ina dhiaidh sin.

An eitinn ba thrúig bháis do Kafka. Bhásaigh sé i gKlosterneuburg in aice le Vín.[2] De réir dealraimh, fuair Kafka bás go díreach leis an ocras ós rud é go raibh laraing athlasta aige de bharr na heitinne.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor foilsíodh an chuid ba mhó dár scríobh Kafka ach i ndiaidh a bháis (féach na lisotaí thíos).

B'é a dhlúthchara agus seiceadóir liteartha, an scríbhneoir Max Brod (a bhí ina mhac léinn dlí leis), a choinnigh lámhscríbhinní Kafka i dtaisce. Thug Brod neamhaird ar threoir a thug Kafka ar leaba a bháis go ndófaí a chuid saothar neamhfhoilsithe. Chuir Brod os comhair an tsaoil mhóir iad, cé go raibh sé ordaithe ag Kafka féin dó na páipéir a chur trí thine.

deirfiúracha Kafka

Is iomaí saothar as an gcuid is clúití dá chuid scríbhneoireachta—mar shampla

  • Der Prozess“ (An Triail) (a bhfuil an fáthscéal „Vor dem Gesetz“ (I Láthair an Dlí) istigh ann, a foilsíodh cheana féin sa bhliain 1915). Gabhtar fear maidin amháin ar chúisimh anaithnide, agus feictear é féin faoi whims cúirte aisteach.
  • Der Schloss“ (An Caisleán)—tá mearbhall agus éidreoir le feiceáil iontu, faoi mar a bheadh i dtromluí, agus duine á chloí ag maorlathas atá míloighciúil agus treallach, de réir cosúlachta.

Tá móitífeanna agus téamaí ón dlí go mór i gceist ina chuid saothar.[3] Ar an mbealach sin, gan amhras, spreag oiliúint Kafka sa dlí agus a chuid oibre mar fheidhmeannach árachais a chuid saothar liteartha, go pointe áirithe, fiú mura raibh sé ar intinn ak Kafka scigaithris a dhéanamh ar cheachtar acu ar bhealach ar bith.

1910

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh a chuid gearrscéalta agus úrscéalta go mór mór i bhfeidhm ar an litríocht ó na 1920idí ar aghaidh.

Is minic a dhéanann dlíodóirí agus breithiúna inniu tagairt reitriciúil do nóisean an 'Kafkachais' agus iad ag cáineadh léamha nó feidhmithe an dlí atá saoithíneach, míloighciúil nó luaineach, dar leo.[4]

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsithe lena lá féin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1909 - Ein Damenbrevier ("Portús do mhná")
  • 1909 - Gespräch mit dem Beter ("Comhrá le duine atá ag guí")
  • 1909 - Gespräch mit dem Betrunkenen ("Comhrá le duine atá ar meisce")
  • 1909 - Die Aeroplane in Brescia ("Na hEitleáin i mBrescia")
  • 1917
    1912 - Großer Lärm ("Torann Mór")
  • 1913 - Betrachtung ("Marana"; ocht dtéacs déag próis, ina measc: Der Ausflug ins Gebirge, Der plötzliche Spaziergang)
  • 1913 - Das Urteil ("An Breithiúnas")
  • 1913 - Der Heizer ("An Stócálaí", an chéad chaibidil as an úrscéal neamhchríochnaithe "Der Verschollene")
  • 1915 - Die Verwandlung (An Claochlú)
  • 1915 - Vor dem Gesetz ("Os Coinne an Dlí"[1], cuid den úrscéal Der Process)
  • 1918 - Der Mord ("An Dúnmharú", 1918; seanleagan de: Ein Brudermord, "An Fhionaíl" (1919))
  • 1918 - Ein Landarzt ("Dochtúir Tuaithe", ceithre théacs déag próis, ina measc an gearrscéal Ein Landarzt féin, chomh maith le Elf Söhne, Ein Bericht für eine Akademie agus a lán eile)
  • 1919 - In der Strafkolonie ("Sa Choilíneacht Phionóis")
  • 1921 - Der Kübelreiter ("An Fear atá ag Marcaíocht ar Bhuicéad Guail")
  • 1924 - Ein Hungerkünstler ("Ealaíontóir Ocrais", ceithre théacs próis)

Foilsiúcháin iarbháis[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1904–1905 - Beschreibung eines Kampfes ("Cur Síos ar Chath")
  • 1907–1908 - Hochzeitsvorbereitungen auf dem Lande ("Bainis Tuaithe á hUllmhú")
  • 1914–1915 - Der Dorfschullehrer ("Máistir na Scoile Tuaithe")
  • 1915 - Blumfeld, ein älterer Junggeselle ("Blumfeld, fear scothaosta nár phós")
  • 1916–1917 - Der Gruftwächter ("Garda an Tuama")
  • 1916–1917 - Die Brücke ("An Droichead". Max Brod a cheap an teideal.)
  • 1917 - Eine Kreuzung ("Crosbhóithre")
  • 1917 - Der Jäger Gracchus ("Gracchus, an Sealgaire". Max Brod a cheap an teideal)
  • 1917 - Beim Bau der Chinesischen Mauer ("Ag Tógáil Bhalla Mór na Síne")
  • 1917 - Eine alltägliche Verwirrung ("Meascán mearaí den ghnáthchineál". Max Brod a cheap an teideal)
  • 1919 - Brief an den Vater ("Litir chuig an Athair")
  • 1920 - Heimkehr ("Filleadh Abhaile" - Max Brod a cheap an teideal)
  • 1920 - Das Stadtwappen ("Armas na Cathrach" - Max Brod a cheap an teideal)
  • 1920 - Kleine Fabel ("Fabhalscéal Beag" - Max Brod a cheap an teideal)
  • 1922 - Forschungen eines Hundes ("Madra ag Fiosrú" - Max Brod a cheap an teideal)
  • 1922 - Das Ehepaar ("An Lánúin Pósta")
  • 1923–1924 - Der Bau ("An Láithreán Tógála", Max Brod a cheap an teideal)
  • 1925 - Der Process ("An Phróis Dlí"; bhreac an t-údar an scéal síos sna blianta 1914/15. Der Prozess an leagan comhaimseartha Gearmáinise den teideal, ach d'fheicfeá Der Prozeß agus Der Proceß freisin; Der Process a scríobh Kafka féin) (Tugtar An Triail do leagan Gaeilge le Risteárd mac Annraoi den úrscéal seo (agus do scéal eile).)
    fógra báis
  • 1926 - Das Schloss ("An Caisleán"; chuir Kafka an scéal seo ar pár an chéad uair sa bhliain 1922. Úrscéal neamhchríochnaithe é)
  • 1927 - Der Verschollene ("An Fear a nDeachaigh Ceal ann". Scríobh Kafka an chéad sceits sa bhliain 1912. B'é an teideal a cheap Brod dó ná Amerika, is é sin, "Meiriceá", agus is minic a fhoilsítear an t-úrscéal seo faoin teideal sin inniu féin. Úrscéal neamhchríochnaithe eile atá ann).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. UCD School of Law. "Franz Kafka (1883-1924)" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  2. "Österreichische Franz Kafka Gesellschaft: Gedenkraum". www.franzkafka.at. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  3. Scil Dlí, Ollscoil Chicago (2009). "[https://chicagounbound.uchicago.edu/cgi/viewcontent.cgi?article=5029&context=journal_articles Kafka: The Writer as Lawyer (reviewing Stanley Corngold, Jack Greenberg & Benno Wagner, eds., Franz Kafka: The Office Writings)]". Dáta rochtana: 2020.
  4. Mar shampla, in Éirinn, Cearbhall Ó Dálaigh agus tagairt do 𝙈𝙚𝙡𝙡𝙞𝙣𝙜 𝙫 𝙊 𝙈𝙖𝙩𝙝𝙜𝙝𝙖𝙢𝙝𝙣𝙖 [1962] IR 1 (SC) 41 nó 𝙒𝙞𝙘𝙠𝙡𝙤𝙬 𝘾𝙤𝙪𝙣𝙩𝙮 𝘾𝙤𝙪𝙣𝙘𝙞𝙡 𝙫 𝙊'𝙍𝙚𝙞𝙡𝙡𝙮 [2019] IECA 257 (16 D.F. 2019) para 4.