Václav Havel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Václav Havel
Václav Havel cut out.jpg
urlabhraí Chairt 77


Uachtarán na Seicslóvaice

Nollaig 29, 1989 - Iúil 20, 1992
Gustáv Husák - luach ar iarraidh →
1. Uachtarán Phoblacht na Seice

Feabhra 2, 1993 - Feabhra 2, 2003
← luach ar iarraidh - Václav Klaus
Saol
Eolas breithePrág, 5 Deireadh Fómhair 1936
NáisiúntachtAn tSeicslóvaic
Poblacht na Seice
Áit chónaitheU dejvického rybníčku (en) Aistrigh
Rašínovo nábřeží 78 (en) Aistrigh
Rašínovo nábřeží 78 (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisAn tSeicis
BásHrádeček (en) Aistrigh, 18 Nollaig 2011
Áit adhlacthaVinohrady Cemetery (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (cliseadh riospráide)
Muintir
AthairVáclav Maria Havel
MáthairBožena Vavrečková
Céile/CéilíOlga Havlová  (Iúil 9, 1964 -  Eanáir 27, 1996)
Dagmar Havlová  (Eanáir 4, 1997 -  Nollaig 18, 2011)
Siblíní
liosta iomláin
Teaghlach
Oideachas
Alma materAkademické gymnázium Štěpánská (en) Aistrigh 1955)
Faculty of Theatre, Academy of Performing Arts in Prague (en) Aistrigh
Czech Technical University in Prague (en) Aistrigh
(1955 - 1957)
TeangachaAn tSeicis
Gairm
Gairmscríbhneoir, drámadóir, polaiteoir, stiúrthóir, file, stiúrthóir scannán, gníomhaí ar son chearta an duine, easaontach, scríbhneoir aistí, fealsamh agus iriseoir tuairime
FostóiríDivadlo V + W (en) Aistrigh
Театр «У Новака» (en) Aistrigh
Divadlo ABC (en) Aistrigh
Divadlo satiry (en) Aistrigh
Divadlo státního filmu (en) Aistrigh
Osvobozené divadlo (en) Aistrigh
Brewery Trutnov (en) Aistrigh
City Theatres of Prague (en) Aistrigh
University of Chemistry and Technology (en) Aistrigh  (1951 -  1955)
Theatre on the Balustrade (en) Aistrigh  (1960 -  1968)
Saothar iomráiteachAntikódy (en) Aistrigh
The Garden Party (en) Aistrigh
Leaving (en) Aistrigh
The Power of the Powerless (en) Aistrigh
The Memorandum (en) Aistrigh
Audience (en) Aistrigh
Temptation (en) Aistrigh
Largo desolato (en) Aistrigh
Duaiseanna
Duais Idirnáisiúnta Shéarlais Mhóir Aachen  (Bealtaine 9, 1991)
enllaç= Grand-croix de la Légion d'honneur‎  (Márta 1990)
Collar of the Order of the White Lion  (Deireadh Fómhair 2003)
enllaç= Recipient of the Order of Tomáš Garrigue Masaryk, 1st class  (Deireadh Fómhair 2003)
enllaç= Presidential Medal of Freedom  (Iúil 2003)
enllaç= Grand Cross of the Order of the White Double Cross‎ : Rudolf Schuster, President of Slovakia (en) Aistrigh  (Eanáir 29, 2003)
enllaç= Grand Cross of the Order of Vytautas the Great  (Meán Fómhair 1999)
enllaç= Collar of the Order of the Cross of Terra Mariana  (Aibreán 1996)
enllaç= Order of the White Eagle  (Deireadh Fómhair 1993)
enllaç= Commandeur des Arts et des Lettres‎  (Feabhra 2001)
Gottlieb Duttweiler Prize  (1990)
enllaç= Austrian Decoration for Science and Art  (Samhain 2005)
enllaç= Grand Collar of the Order of the Southern Cross  (Deireadh Fómhair 1990)
enllaç= Grand Cross of the Order of the Bath  (Márta 1996)
enllaç= Collar of the Order of Isabella the Catholic‎  (Iúil 1995)
Prix mondial Cino Del Duca  (1997)
enllaç= St. George's Order of Victory  (Deireadh Fómhair 2011)
enllaç= Order of Prince Yaroslav the Wise, 3rd class  (Deireadh Fómhair 2006)
enllaç= Order of Brilliant Star  (Samhain 2004)
Gandhi Peace Prize  (Lúnasa 2003)
enllaç= Knight Grand Cross of the Order of Merit of the Italian Republic  (Aibreán 2002)
enllaç= Grand Cross with Chain of the Order of Merit of the Republic of Hungary (civil)  (Meán Fómhair 2001)
enllaç= Order of State of Republic of Turkey  (Deireadh Fómhair 2000)
enllaç= Order of al-Hussein bin Ali  (Meán Fómhair 1997)
enllaç= Order of Rio Branco  (Meán Fómhair 1996)
enllaç= Order of the Liberator General San Martín  (Meán Fómhair 1996)
enllaç= Order of the Oriental Republic of Uruguay  (Meán Fómhair 1996)
enllaç= Order of Freedom of the Republic of Slovenia  (Samhain 1993)
Erasmus Prize  (1986)
Franz Kafka Prize  (2010)
Concordia Prize
enllaç= Companion of the Order of Canada  (Bealtaine 8, 2003)
Peace Prize of the German Publishers' and Booksellers' Association  (Deireadh Fómhair 15, 1989)
Olof Palme Prize  (1989)
Indira Gandhi Peace Prize  (1993)
Princess of Asturias Award for Communications and Humanities  (1997)
Geuzenpenning  (1995)
Four Freedoms Award - Freedom Medal
enllaç= Philadelphia Liberty Medal
Freedom Award  (2003)
Giuseppe Motta Medal  (2008)
Light of Truth Award  (2004)
Monismanien Prize  (2005)
Democracy Service Medal
Delta Prize for Global Understanding
enllaç= Philadelphia Liberty Medal  (1994)
Ambassador of Conscience Award  (2003)
enllaç= Order of the Three Stars, 1st Class
Bridge Prize of the City of Regensburg  (2006)
Catalonia International Prize  (1995)
Lagun Onari  (2001)
Fulbright Prize  (1997)
Quadriga  (2009)
International Simón Bolívar Prize  (1990)
enllaç= Order of the Star of Jordan
Sonning Prize  (1991)
Honorary doctor of the Dresden University of Technology
honorary doctor of the Université libre de Bruxelles  (1991)
Honorary doctor of the University of Liège  (2007)
honorary doctor of the Bar-Ilan University
honorary doctor of the Hebrew University of Jerusalem
honorary doctor of the University of Warsaw
Jaroslav Seifert Prize  (2008)
Karel Čapek Prize
honorary doctorate of Haifa University
1st of June Award  (2009)
honorary citizen of Plzeň  (Bealtaine 6, 1990)
Theodor Heuss Award  (1993)
honorary citizen of Budapest  (2013)
honorary doctor of the University of Padua
enllaç= Grand Cross Special Class of the Order of Merit of the Federal Republic of Germany  (Bealtaine 2000)
Fellow of the Royal Society of Literature
enllaç= Knight Grand Cross with Collar of the Order of Merit of the Italian Republic
Austrian State Prize for European Literature  (1968)
honorary citizen of Prague
honorary doctorate of the Masaryk University  (1995)
Deutscher Nationalpreis  (2003)
enllaç= Grand Collar of the Order of Liberty
Point Alpha Prize  (2008)
Saint George medal
Čestná medaile T. G. Masaryka
honorary doctorate of the Vrije Universiteit Brussel  (1990)
participant in the resistance and resistance against communism
German citizenship price  (2000)
enllaç= Order Ecce Homo
enllaç= Order of the Chrysanthemum
Princess of Asturias Awards
[[]]  (2012)
Ainmníodh é/í le haghaidh
[[Drama Desk Award for Outstanding Play (en) ]]
(1984)
BallraíochtCivic Forum (en) Aistrigh
Czech Helsinki Comitee (en) Aistrigh
Committee for the Defense of the Unjustly Prosecuted (en) Aistrigh
Deutsche Akademie für Sprache und Dichtung
Cumann Ríoga na Litríochta
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Bavarian Academy of Fine Arts (en) Aistrigh
Club na Róimhe
gasógaíocht
Charter 77 (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceach neamhchleachtach
Páirtithe polaitíochtaCivic Forum (en) Aistrigh
IMDbnm0369730
vaclavhavel.cz
Discogs ID802365
Vaclav Havel Signature.svg

Ba dhrámadóir, scríbhneoir agus polaiteoir Seiceach é Václav Havel ([ˈvaːtslaf ˈɦavɛl]). Ba eisean uachtarán deireanach na Seicsclóvaice agus céad uachtarán Phoblacht na Seice. Scríobh sé breis is fiche dráma agus iliomad de shaothair neamhfhicsin. Bhí sé gníomhach i bpolaitíocht na Seicslóvaice ó na 1960í ar aghaidh, go háirithe tar éis Earrach Phrág 1968. Chaith sé tréimhsí i bpríosún. Tar éis Réabhlóid na Veilbhite 1989 ceapadh Havel ina uachtarán, ról inar fhan sé go ceann trí bliana déag. Ba faoina uachtaránacht a cuireadh daonlathas ilpháirtí i bhfeidhm sa tír. Fuair sé bás ar 18 Nollaig 2011.

Luath-thréimhse a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Václav Havel 5 Deireadh Fómhair 1936 i bPrág. Fiontraithe agus intleachtóirí ba iad a mhuintir agus bhí dlúthpháirt acu i saol na Seicslóvaice ó na 1920í go dtí na 1940í. B’úinéir tálún é a athair agus ba de theaghlach cáiliúil í a mháthair a raibh a hathair ise ina ambasadóir agus iriseoir. Mar gheall ar an chúlra “buirgéiseach” seo, chuir an rialtas cumannach bac ar Havel dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh oideachais de. Tar éis a scolaíocht éigeantach a bheith curtha de aige i 1951, bhí air printíseacht a dhéanamh, ach d’fhreastail sé ar ranganna oíche ag an am céanna chun a oideachas meánscoile a chríochnú. Bhí cosc air staidéar a dhéanamh ar aon ollscoil a raibh clár sa léann daonna aici; mar sin, shocraigh Havel dul i mbun staidéar na heacnamaíochta ag Institiúid Teicneolaíochta Phrág (České vysoké učení technické).

Drámadóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Václav Havel (ar dheis) leis a fhile Meiriceánach Hedwig Gorski (ar chlé)

Tar éis a sheirbhíse san arm (ó 1957 go 1959 – bhí an tseirbhís mhíleata éigeantach), thosaigh Havel ag obair mar ghiolla stáitse in Divadlo na zábradlí (“amharclann ar an staighre”) agus rinne staidéar ar an drámaíocht go cianda ag Acadamh na dTaibh-Ealaíon (Akademie múzických umění) i bPrág. Thosaigh sé ag scríobh drámaí. Ba é Zahradní slavnost (“cóisir gharraí”) an chéad dráma aige agus cuireadh ar stáitse i 1963 é. Tháinig drámaí eile ina dhiaidh: Vyrozumění (“an meamram”, 1965) agus Ztížená možnost soustředění (“lagachar intinne”, 1968). Tharraing na drámaí seo clú agus cáil air go náisiúnta, agus go hidirnáisiúnta fiú tar éis do Vyrozumění a bheith curtha ar stáitse i Nua-Eabhrac sa bhliain 1968. Tar éis eachtraí 1968 cuireadh cosc ar dhrámaí Havel mar gheall ar ghníomhaíochtaí polaitiúla an drámadóra, ach lean compántais rúnda á gcur ar stáitse, gan fhios do na húdaráis.

Easaontóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Václav Havel (ar dheis) agus Karol Sidon (ar chlé)

Sa bhliain 1968 rinne fórsaí na dtíortha cumannacha ionradh ar na tSeicslóvaic chun stop a chur le hEarrach Phrág, togra a bhí ar siúl chun réimeas níos liobrálaí a chur ar bun sa tír. Le linn sheachtainí tosaigh an ionraidh rinne Havel tráchtaireacht ar na heachtraí ar an raidió, rud a d’fhág gur chuir na húdaráis cosc ar a chuid drámaí tar éis Earrach Phrág a bheith curtha faoi chois acu. B’éigean do Havel an amharclann a fhágáil agus post a ghlacadh mar oibrí láimhe i ngrúdlann. Scríobh sé dráma faoina sheal sa ghrúdlann dar teideal Audience (“an éisteacht”). Scaipeadh an dráma seo, agus cinn eile ina dhiaidh, ar fud na tíre i bhfoirm samizdat (foilseachán mídhleathach). Thug drámaí de chuid Havel léargas ar a áiféisí a bhí an saol faoin réimeas cumannach.

Sa bhreis ar a bheith ag scríobh drámaí, bhí Havel gníomhach go polaitiúil. Sa bhliain 1977, bhí sé ar dhuine de lucht bunaithe Cairt 77, feachtas ar son cearta sibhialta a d’eascair as litir oscailte a scríobh Havel chuig Uachtarán na Seicslóvaice dhá bhliain roimhe. Sa bhliain 1978 chuidigh sé le bunú Výbor na obranu nespravedlivě stíhaných (“coiste um chosaint iad siúd faoi ghéarleanúint”). Chaith sé tréimhsí éagsúla i bpríosún mar gheall ar na gníomhaíochtaí seo. Bhí iomlán de chúig bliana caite i bpríosún aige faoi dheireadh thréimhse an chumannachais. Rinne sé cuntas ar cheann dá shealanna i bpríosún sa leabhar Dopisy Olze (“litreacha chuig Olga”), leabhar ar bailiúchán é de litreacha chuig a bhean chéile.

Sa bhliain 1989 agus Réabhlóid na Veilbhite ar siúl sa tSeicslóvaic, bhí Havel ina cheannaire ar Občanské fórum (“fóram na saoránach”), eagraíocht a rinne idirbheartaíocht leis an rialtas agus a chuir deireadh le riail na gcumannach sa tSeicslóvaic. Toghadh ina uachtarán ar an tír go gairid ina dhiaidh é.

Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Casadh íorónta a bhí ann i saol Václav Havel nuair a toghadh ina uachtarán é. Mhaígh Havel roimhe sin nár theastaigh oifig pholaitiúil uaidh. Ina ainneoin sin, chaith sé téarma amháin mar Uachtarán na Seicslóvaice (1990 – 1992) agus dhá théarma mar Uachtarán Phoblacht na Seice (1993 – 2003).

Bhí Havel i bhfabhar an tSeicslóvaic a bheith ina stát amháin, ach níor éirigh leis a thuairim a chur ina luí ar bhrúghrúpaí na Slóvacach agus scoilteadh an tír ina dhá thír neamhspleácha ag deireadh na bliana 1992, Poblacht na Seice agus an tSlóvaic.

Havel sna blianta iar-uachtaránachta

I measc na n-éachtaí ba thábhachtaí a d’éirigh le Havel a bhaint amach le linn a uachtaránachta tá Comhaontú Vársá a scor (eagraíocht mhíleata na dtíortha cumannacha ab ea Comhaontú Vársá), imeacht shaighdiúirí an Aontais Shóivéadaigh as an tSeicslóvaic (bhí fórsaí Sóivéadacha lonnaithe sa tSeicslóvaic ó 1968 agus níor imigh go hiomlán go deireadh 1990) agus glacadh na dtíortha iarchumannacha mar bhaill NATO i 1999.

Fuarthas amach i 1996 go bhfuil ailse scamhóg ar Havel. D’éirigh sé as an tobac dá bharr. Sa bhliain chéanna fuair a bhean chéile Olga bás le hailse. Bhí gean ag an phobal uirthi agus chothaigh Havel conspóid nuair a phós sé ban-aisteoir óg, Dagmar Veškrnová, taobh istigh de bhliain.

Iar-Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Václav Klaus a tháinig i gcomharbacht ar Václav Havel mar uachtarán sa bhliain 2003. Níorbh fhéidir le Havel seasamh le haghaidh uachtaránachta a thuilleadh tar éis dhá théarma a bheith caite san oifig aige. Ó shin i leith, tá sé tar éis filleadh ar an scríbhneoireacht. Chaith sé tréimhse mar scríbhneoir cónaitheach ag Ollscoil Columbia sa bhliain 2006. I measc saothair eile, scríobh sé dráma dírbheathaisnéiseach dar teideal Odcházení (“an t-imeacht”) agus leabhar cuimhní cinn dar teideal Prosím stručně (“go hachomair, le bhur dtoil” – foilsithe i mBéarla faoin teideal To the Castle and Back).

Fuair sé bás ar 18 Nollaig 2011.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]