Féilire Ghréagóra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Féilire a chuir an Pápa Gréagóir XIII ar bun i 1582, in úsáid ar fud an Domhain anois. Bhí an bhliain 11 nóiméad níos faide ná an bhliain thrópaiceach de réir seanfhéilire Iúil. Faoin 15ú céad bhí 21 Márta, cónocht an fhéilire, ag titim 10 lá níos déanaí ná fíorchónocht an earraigh. Ba ghá 10 lá a bhaint den bhliain, agus léimeadh ó 4 Meán Fómhair go dtí 15 Meán Fómhair chun féilire nua Ghréagóra a thabhairt isteach agus an féilire is na séasúir a chur i gcomhfhreagairt dá chéile. Cinneadh go ndéanfaí leasú eile ar an bhféilire chun nach n-éireodh an earráid chéanna arís: nach bliain bhisigh a bheadh i mbliain an chéid muna mbeadh sí inroinnte ar 400. Mar sin, ba bhlianta bisigh 1600 is 2000, ach níor bhlianta bisigh 1700, 1800 ná 1900, agus ní bliain bhisigh a bheidh i 2100. Nuair a ríomhtar meánfhad na bliana thar 400 bliain, is é 365.2425 lá a fhaightear, luach atá an-ghar don fhíorluach, 365.2422 lá. Ós rud é gurb é an Pápa a thug an féilire nua isteach, ghlac na tíortha Caitliceacha go fonnmhar leis, ach níor ghlac an Bhreatain ná na coilíneachtaí Meiriceánacha leis go dtí 1752, agus bhí gá le leasú 11 lá nuair a rinne siadsan an t-athrú.