Aidbhint

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAidbhint
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(la) adventus Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálséasúr liotúirgeach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid debliain liotúirgeach agus Christmas and holiday season (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


An Chéad Domhnach den Aidbhint, Eaglais Vaxholm, 2008

Tugtar séasúr na hAidbhinte ar an tréimhse ceithre seachtaine díreach roimh Nollaig (na ceithre Dhomhnach roimh an Nollaig). Is tús bliain na hEaglaise an chéad Dhomhnach den Aidbhint in Éirinn. Ciallaíonn an focal ‘Aidbhint’ ‘teacht i ngar (nó "i ndúil")’[1].

Seo tús an Bhliain Liotúirgeach Críostaí san Iarthar (ach ní hí an Aidbhint an chéad séasúr den bhliain in Eaglaisí an Oirthir).[2] Is séasúr é a chabhraíonn le Críostaithe ullmhú mar is cóir don Fhéile Mhór.[3] Díríonn an séasúr aigne agus meon an Críostaí ar theacht an Linbh Íosa.

Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fleasc an Aidbhint

Fleasc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réitítear fleasc don Aidbhint agus tá nós na fleisce go forleathan ar fud na hEorpa leis na cianta.

Déantar í as cuileann agus duilleoga síorghlas i riocht fáinne. Baineann an fáinne leis an tsíoraíocht toisc nach mbíonn tús ná deireadh leis. Agus seasann an ciorcal do Dhia chom maith, gan tús ná deireadh lena ghrá, lena thrócaire

Léiríonn na duilleoga síorghlasa go mbíonn athnuachan, go bhfuil an bheatha shíoraí i ndán dúinn

Na coinnle[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn ceithre coinneal uirthi, ceann do gach seachtain den Aidbhint. Seasann na coinnle don tréimhse feithimh. Bíonn dath corcra ar thrí choinneal, bándearg ar cheann eile agus bán ar an 25 Nollaig. Is deacair slí níos fearr a fháil chun ullmhú cuí a dhéanamh don Nollaig.[4]

Féilire Aidbhinte, Hohndorf

Lastar coinneal amháin ar chéad Domhnach na hAidbhinte, dhá cheann ar an dara Domhnach agus mar sin de go mbíonn na ceithre choinneal ar lasadh ar an Domhnach roimh Lá Nollag. Dá bhrí sin faoi mar a bhíonn na seachtainí ag gabháil thart  tagann breis solais ó Fhleasc na hAidbhinte go dtí go dtagann an Nollaig féin tráth a lastar Coinneal Mhór Bhán na Nollag i lár na fleisce.

  1. Coinneal an Dóchais - corcra (nó coinneal na tairngreachta); baineann an dath corcra le ríogacht agus baineann sé le haithreachas agus le troscadh.
  2. Coinneal na Síochána - corcra (nó Coinneal an Ullmhúcháin)
  3. Coinneal na Lúcháire - bándearg (nó coinneal an Aoire)[5]
  4. Coinneal an Ghrá - corcra (nó coinneal na nAingeal)
  5. Coinneal Bán do bhreith Íosa (nó coinneal an Chríost. Bíonn an coinneal deireanach bán agus seasann sé don leanbh Íosa gan smál, gan mháchail, a tháinig chun peacaí an Domhain a ghlanadh.

Eaglais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáideann an Eaglais Caitliceach corcairghorm mar dhath na hAidbhinte – dath a sheasann do bheith ag 'amharc romhainn'.

Úsáideann an dath bándearg ag an tríú Comhnach den Aidbhint, le hinsint dúinn go bhfuil an Nollaig ag teacht.

Féilire Aidbhinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féilire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féilire Aidbhinte, Gengenbach, An Ghearmáin

Athraíonn na dátaí gach bliain.  I 2012, mar shampla, tosaíodh an Aidbhint ar an 2ú lá de mhí na Nollag, an Chéad Domhnach den Aidbhint. Ach sa bhliain 2011:

27 Mí na Samhna 2011: An Chéad Domhnach den Aidbhint

4 Mí na Nollag 2011: An Dara Domhnach den Aidbhint

11 Mí na Nollag 2011: An Tríú Domhnach den Aidbhint (“Gaudete Sunday”)

18 Mí na Nollag 2011: An Ceathrú Domhnach den Aidbhint

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. getonline (2006-12-25). "Machnamh – Nollaig 2006" (en-US). Archdiocese of Tuam. Dáta rochtana: 2020-11-29.
  2. gaelscoiloilibheir.ie. "Nuachtlitir 06-12-2018". Dáta rochtana: 2020.
  3. education.dublindiocese.ie. "An tSéasúir den Aidbhint". Dáta rochtana: 2020.
  4. ennisparish.com (2020). "(QQLV3DULVK1HZVOHWWHU". Dáta rochtana: 2020.
  5. "What Is the Candle of Joy for Advent? Week 3" (en). Christianity.com. Dáta rochtana: 2020-11-29.