Ionchúiseamh Donald Trump in Georgia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonchúiseamh Donald Trump in Georgia
Map
Cineálcás coiriúil
ionchúiseamh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deindictments against Donald Trump (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht14 Lúnasa 2023 - 
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisGeorgia Cuir in eagar ar Wikidata
Ionchúisitheoir dúiche Fani Willis
Defendant (en) Aistrigh Donald Trump Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisattempts to overturn the 2020 United States presidential election (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisGrianghraf aithinte de Donald Trump Cuir in eagar ar Wikidata
Cosantóir
CúirtFulton County Superior Court (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfultonclerk.org… Cuir in eagar ar Wikidata


Ar 14 Lúnasa 2023, bhí iaruachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, cúisithe ag ardghiúiré in Georgia in iarracht a dhéanamh toradh thoghchán uachtaránachta na tíre in 2020 a chur ar ceal. Tugtar The State of Georgia v. Donald J. Trump, et al ar an gcás.[1]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaill Trump an Toghchán Uachtaránachta 2020 le breis is seacht milliún vóta. Ach sheas sé leis an scéal gur aige a bhí an bua, Spreag an bhréag mhór seo daoine chun ruathar a thabhairt faoin gCaipeatól na Stát Aontaithe i mí Eanáir 2021.[2]

Roimhe sin, ar 19/20 Samhain 2020, bhí sé deimhnithe ag torthaí ó athchomhaireamh a déanadh in Georgia go raibh an bua ag Joe Biden.[3] Ach fós bhí lucht tacaíochta Trump den bharúil go raibh roinnt de na vótaí a caitheadh, neamhbhaillí. Mhaígh an tUasal Trump féin, gan aon fhianaise mar chrann taca, mura gcomhaireadh ach na vótaí a bhí dleathach, gur aigesan a bhí toghchán na hUachtaránachta.[4] 'Is léir' a dúirt sé ag an am 'go bhfuil caimiléireacht ar bun leis an toghchán seo agus iarracht á déanamh é a ghoid uaim'.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 11 Iúil 2023, cuireadh Ard-ghiúré faoi mhion i Georgia sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo leis an bhfianaise in aghaidh an Iar-Uachtaráin Trump a mheas.[5]

Tá ardghiúiré i stát Georgia tar éis Donald Trump a dhíotáil i gcúiseanna coiriúla a bhaineann le comhrá teileafóin a bhí aige leis an oifigeach toghchánaíochta is sinsearaí sa stát sin ar an 2 Eanáir 2021. Sa chomhrá sin, d'iarr Trump ar Brad Raffensperger tuilleadh vótaí a aimsiú ar a shon le dúil toradh an toghcháin in Georgia a athrú. Bhí Donald Trump fós ina uachtarán ag an am ach thug Brad Raffensperger an t-eiteachas dó.

Chomh maith le Trump, tá ocht nduine dhéag eile le cúiseamh in os cionn dhá scór cion coiriúil san iomlán. Tá iarcheann foirne Donald Trump sa Teach Bán, Mark Meadows, agus na dlíodóirí Rudy Giuliani agus John Eastman ina measc. Tá siad ar fad le cúiseamh i gcambheartaíocht, cúis a chuirtear den chuid is mó i leith daoine a bhfuil baint acu le coireacht eagraithe. Má bhíonn Trump ciontaithe féin in Georgia, ní féidir leis maithiúnas a thabhairt dó féin a luaithe agus a bheidh sé tofa mar Uachtarán in 2024 mar níl Ionchúiseamh Feidearálach ata ann.[6]

 Senate Committee on the Judiciary, 2021-10-07[7]

Is í an t-ionchúisitheoir dúiche i gcathair Atlanta, Fani Willis, a d'fhógair na cúiseanna atá curtha i leith an iar-Uachtaráin. Dhearbhaigh Fani Willis go bhfuil sé i gceist na naoi gcúisí dhéag a chur ar a dtriail in éindí. Is féidir téarma príosúin suas le fiche bliain a ghearradh ar dhaoine a chiontaítear i gcambheartaíocht.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cháin Trump an cinneadh é a dhíotáil agus mhaígh sé gur cinneadh claonta a bhí ann. "Cén fáth nár díotáladh mé dhá bhliain go leith ó shin?" arsa sé. Is cosúil faoi láthair gurb é a bheas ina iarrthóir ag an bPáirtí Poblachtach sa chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024. Mhaígh an tUasal Trump gur iarracht a bhí sa chinneadh a fheachtas toghchánaíochta a chur ó mhaith.

Tá na pobal a thacaíonn le Trump dall ar na cúiseanna agus na cásanna seo ar fad. Níl tada sa dlí a chuirfeadh cosc air bheith ina Uachtarán agus é ciontaithe i gcoir.

Ciníochas[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Lúnasa 2023, thosaigh lucht Trump ag baint úsáid as an focal ‘Riggers’ chun ‘prosecutors’ a mhaslú, a n-intinn dírithe ar Willis go háirithe.[8] Ar a ardán meáin shóisialta, Truth Social, níor luaigh Trump ainm Willis, ach chuir sé cúisí ar na n-ionchúisitheoirí. ‘They never went after those that Rigged the Election,’ a dúirt Trump. ‘They only went after those that fought to find the RIGGERS!’ Is Meiriceánach Afracach í Willis agus is amhlaidh an bheirt ionchúisitheoirí atá lonnaithe i Nua-Eabhrac, a rinne imscrúdú ar Trump chomh maith, a chúisigh Trump i mí Aibreáin as líomhnaithe ‘hush-money’[9].

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Raidió na Gaeltachta (18 Lúnasa 2023). "Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  2. Tuairisc (16 Samhain 2022). "‘Tá Meiriceá ag dul i léig’ – fógra déanta ag Donald Trump go bhfuil sé ag seasamh d’uachtaránacht SAM arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-16.
  3. Nuacht RTÉ (2020-11-20). "Deimhníonn athchomhaireamh i Georgia bua do Joe Biden" (as ga). 
  4. Nuacht RTÉ (2020-11-06). "Measann oifigigh go mbeidh athchomhaireamh i Georgia" (as ga). 
  5. Raidió na Gaeltachta / ADHMHAIDIN (13 IÚIL 2023). "Diarmuid Mac Suibhne, Tráchtaire ar chúrsaí polaitíochta na Stáit Aontaithe." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  6. Máirín Ní Ghadhra (14 Iúil 2023). "Ní cosúil go gcuirfidh an dlí aon bhac ar iarracht Trump filleadh ar an Teach Bán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-14.
  7. 7.0 7.1 "Subverting Justice: How the Former President and His Allies Pressured DOJ to Overturn the 2020 Election | United States Senate Committee on the Judiciary" (en). www.judiciary.senate.gov. Dáta rochtana: 2023-08-20.
  8. "Gab Social". gab.com. Dáta rochtana: 2023-08-20.
  9. Joe Breathnach / Extrag.ie (2023-08-16). "Úsáid Trump focal ‘Riggers’ chun ‘prosecutors’ gorm a mhaslú" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-08-20.