Leasú pinsin sa Fhrainc 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLeasú pinsin sa Fhrainc 2023
Cineálacht Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leis2023 French pension reform strikes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


agóid i Chambéry ar 11 Feabhra 2023

Sa Fhrainc, fógraíodh leasú pinsin ina dhlí ar 14 Aibreán 2023, chun an pinsin a athchóiriú le go mbeadh ar dhaoine dul ar scor ag ceithre bliana is seasca d'aois, in ait dhá bhliana is seasca [1][2] Thug an Chomhairle Bhunreachtúil cead a thabhairt don don Rialtas a leasú a ritheadh ar an lá céanna.[3]

Tharraing an leasú conspóid ollmhór le linn 2023. Dúirt an rialtas go raibh air an aois scoir a ardú chun an ciste a mhaoiniú. Dúirt na ceardchumainn go raibh slí eile chun cothromaíocht a fháil ar chóras an phinsin.

graifítí agus póstaeir, 19 Eanáir 2023

Bhí agóidí i gcoinne an athchóirithe ar siúl i bPáras agus i mbailte eile timpeall na tíre ar feadh cúpla mí. Bhí daoine ar buile leis an Uachtarán, Emmanuel Macron, as an tslí a chuir sé an t-athchóiriú tríd. Bhain an rialtas úsáid as Airteagal 49.3 de Bhunreacht na Fraince ; tugann an tAirteagal sin cead don rialtas dlí a thabhairt isteach gan vóta ó pholaiteoirí san Assemblé.[3]

Nuair a chuaigh an bille tríd ar dtús ar an séú lá déag de mhí an Mhárta, bhailigh slua mór daoine le chéile le bheith i mbun agóide. Cuireadh isteach ar sceideal na n-eitleán, na dtraenacha agus an bhailiúcháin dramhaíola.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Réforme des retraites : après la promulgation de la loi, Emmanuel Macron veut « faire le bilan », les syndicats refusent l’« agenda » du gouvernement" (fr). Le Monde.fr (2023-04-16). Dáta rochtana: 2023-04-16.
  2. "Réforme des retraites 2023 : une loi « promulguée en pleine nuit » ?" (fr-FR). La Croix (2023-04-16). Dáta rochtana: 2023-04-16.
  3. 3.0 3.1 3.2 Conradh na Gaeilge, Londain (15 Aibreán 2023). "‎Nuacht Mhall: (Ciarraí) on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-04-16.