Olltoghchán na Spáinne, 2023
Cineál | olltoghchán na Spáinne grúpa toghchán toghchán tobann | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 23 Iúil 2023 | |||
Tír | an Spáinn | |||
Baint le limistéar údaráis | an Spáinn | |||
Is cúis le | 15th legislature of Spain (en) | |||
Oifig le buachan | Ball de Chomhdháil na dTeachtaí (350) member of the Senate of Spain (en) (208) | |||
Croineolaíocht | ||||
29 Bealtaine 2023 | Call for an election (en) | |||
Codanna | ||||
Suíomh gréasáin | elecciones.generales23j.es |
Reáchtáladh Olltoghchán na Spáinne ar an 23 Iúil 2023. I mí na Samhna 2023, bhí dóthain tacaíochta faighte ag Pedro Sánchez (Sóisialach) le fanacht ina phríomh-aire ar an Spáinn agus margadh déanta aige a raibh iarratas ar stádas oifigiúil san Aontas Eorpach don Chatalóinis, Gailísis agus Bascais mar chuid de.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhógair Príomh-aire na Spáinne Pedro Sanchez olltoghchán tobann ar 29 Bealtaine 2023, an lá tar éis dá Pháirtí Sóisialach (PSOE) buille mór a fhulaingt sna toghcháin áitiúla agus réigiúnda[2]. Chaill na Sóisialaigh (PSOE) agus a gcomhghuaillithe (Podemos go háirithe) sa rialtas náisiúnta an líon is mó suíocháin. Treisíodh an Eite Dheis - an Partido Popular (PP) agus an páirtí Vox. Ghnóthaigh an PP an líon is mó suíocháin sna toghcháin agus thóg an PP seilbh ar 6 réigiún a bhíodh faoi cheannas Sóisialach. Ach bhí an PP i dtuilleamaí Vox le rialú sna réigiúin sin.[3]
Comhrialtas nua
[cuir in eagar | athraigh foinse]Theip ar pháirtithe na heite clé agus páirtithe na heite deise móramh a fháil san olltoghchán ar an 23 Iúil 2023.
Ach ar 10 Samhain 2023, tháinig comhrialtas conspóideach le chéile,agus na Sóisialaigh faoi Pedro Sánchez le dul i bpáirt le páirtí neamhspleáchais na Catalóine.[4] D'fhág toradh toghchán na Spáinne go raibh Sanchez ag braith ar pháirtithe ón gCatalóin, ó thír na mBascach agus dreamanna eile chun comhrialtas a chur le chéile.[5] D’fhógair an Páirtí Sóisialach agus Junts, an páirtí scarúnaithe ón gCatalóin, go raibh sé ina mhargadh eatarthu.
Ghéill na Sóisialaigh dlí nua a thabharfadh pardún don uile dhuine a raibh baint acu le reifreann neamhspleáchais na Catalóine in 2017 (reifreann ar theip air). D’fhéadfadh go mbronnfaí pardún faoin dlí nua ar 1,500 duine a ciontaíodh nó atá ar a dtriail faoin mbaint a bhí acu leis an reifreann nó le gníomhartha eile.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Pedro Sánchez le fanacht ina phríomh-aire ar an Spáinn" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-09). Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ "Spanish prime minister calls early general election after battering in regional vote" (en). AP NEWS (2023-05-29). Dáta rochtana: 2023-05-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-29). "Olltoghchán tobann fógartha mí Iúil sa Spáinn" (as ga).
- ↑ "Cathal Ó Cuaig : Tráchtaire atá lonnaithe i Barcelona." (en). RTE Radio (2023-11-10). Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ RnaG (2023-08-22). "Tús Aite: Stádas AE Teangacha na Spáinne" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ "Pedro Sánchez le fanacht ina phríomh-aire ar an Spáinn" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-09). Dáta rochtana: 2023-11-11.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |