Géarchéim airgeadais 2023
Cineál | banking crisis (en) |
---|---|
Cuid de | 2023 global banking crisis (en) |
Tréimhse | 8 Márta 2023 - |
Dáta na bliana | 2023 |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Rannpháirtí | |
Is cúis le | Bank Term Funding Program (en) |
Codanna | |
Bhris Géarchéim airgeadais 2023 amach nuair a theip an banc, 'Silicon Valley Bank' (SVB) i gCalifornia ar 10 Márta 2023.
Cúiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn 2022-2023, bhí an Banc Cúlchiste Feidearálach ag ardú rátaí úis, agus thit an tóin as na Treasuries, na bannaí rialtais, dá bharr sin. Ach chuir SVB go leor Treasuries i ngeall mar chomhthaobhacht.
Tarrtháil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghabh Comhlacht Árachais Taiscí Feidearálacha (CATF) na Stát Aontaithe seilbh ar Silicon Valley ar 10 Márta 2023. Dhún na rialtóirí Meiriceánacha an banc nuair a rinneadh astarraingt ollmhór ar na taiscí tar éis do luach na scaireanna titim as a chéile.[1]
Bronnann an foras stáit sin ráthaíocht ar thaiscí bainc, go dtí $250,000.[2] I ndiaidh an táthcheangail, bhí an CATF ag iarraidh SVB a dhíol.
Bhuail deacrachtaí eile an earnáil baincéireachta sna Stáit Aontaithe, agus tháinig ardú mór ar árachas chun cosaint a thabhairt do na bainc i gcás loicthe. Bhí First Republic Bank i gCalifornia ar forbhás. Ach tháinig bainc eile i gcabhair air agus airgead a chur i dtaisce ann.[3]
Iarmhairtí san Eoraip
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na rátaí úis ag dul in airde san Eoraip chomh maith, agus bhí na infheisteoirí ag éirí drogallach roimh rioscaí.[4] Thit luach stoc i mbainc go trom ar na margaí airgeadais.[5] Tháinig bainc cheannais san Eoraip le chéile lena chinntiú go mbeadh bainc fós leachtach agus in ann sócmhainní a shóinseáil go hairgead tirim.[3]
Ar 19 Márta 2023, tarrtháladh ceann de na bainc is mó san Eoraip, Crédit Suisse, a bhí ar shéala loiceadh. Cheadaigh Rialtas na hEilvéise do mhórbhanc eile, UBS, Credit Suisse a cheannach ar €3 billiún agus dul freagrach i gcaillteanais de €5 billiún. Bhí Rialtas na hEilvéise ag dul in urrús ar an socrú a rinneadh faoi théirim lena chinntiú nach loicfeadh Credit Suisse agus nach dtarraingeofaí géarchéim baincéireachta idirnáisiúnta.[3]
Bhí sé geallta ag an mBanc Ceannais Eorpach go dtabharfar iasachtaí do bhainc sa limistéar euro, más gá.
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt an Roinn Airgeadais in Éirinn, "Cé gur beag de thionchar díreach atá ag teip an Bhainc ar chóras airgeadais na hÉireann, tá iasachtaí faighte ag roinnt comhlachtaí Éireannacha ó SVB ó 2012,"[1]
Sa bhliain 2019, d'fhógair SVB go raibh sé i gceist acu a gcuid iasachtaí do ghnólachtaí nuabhunaithe teicneolaíochta Éireannacha a mhéadú go $500m mar chuid de chomhoibriú le Ciste Infheistíochta Straitéisach na hÉireann (ISIF). Dúirt an Ciste sin go raibh tuairim is $100m infheistithe sa bhliain 2023 i gcúig chiste infheistíochta a bhí faoi bhainistíocht SVB Capital, fochuideachta le SVB Group.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-03-12). "An Roinn Airgeadais ag faire imeachtaí i Silicon Valley Bank" (as ga-IE).
- ↑ Lorie Konish. "Are your bank deposits FDIC-insured? What to know in the wake of Silicon Valley Bank, Signature Bank closures" (en). CNBC. Dáta rochtana: 2023-03-25.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2023-03-20). "Luach stoc i mbainc tite agus Credit Suisse ceannaithe ag UBS" (as ga-IE).
- ↑ RTÉ (2023-03-20). "Patrick Honohan on the latest banking crisis" (as en).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-03-24). "Titim mhór ar luach scaireanna baincéireachta arís inniu" (as ga).