Jump to content

Corn an Domhain sa Rugbaí 2023

Comhordanáidí: 47°N 2°E / 47°N 2°E / 47; 2
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comórtas SpóirtCorn an Domhain sa Rugbaí 2023
Distribution map (en)
Íomhá
Ainm oifigiúil2023 Rugby World Cup
Coupe du Monde de rugby 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
CineálCorn Rugbaí an Domhain Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtrugbaí aontais Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíWorld Rugby (en) Aistrigh
French Rugby Federation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtithe20 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit agus dáta
Áitan Fhrainc 47°N 2°E / 47°N 2°E / 47; 2 Cuir in eagar ar Wikidata
Eatramh8 Meán Fómhair 2023 – 28 Deireadh Fómhair 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Eagrán10 Cuir in eagar ar Wikidata
Rangú
BuaiteoirSouth Africa national rugby union team (4) Cuir in eagar ar Wikidata
Staitisticí
Cluichí48 Cuir in eagar ar Wikidata
Lucht féachana2,437,208 (50,775 in aghaidh an imeachta)
Tuilleadh eolais
Suíomhrugbyworldcup.com… Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Corn an Domhain sa Rugbaí 2023 an 10ú huair a eagraíodh Corn Rugbaí an Domhain, a reáchtáladh 8 Meán Fómhair - 28 Deireadh Fómhair 2023, sa Fhrainc agus 20 foireann rannpháirteach ann. Bhuaigh foireann na hAfraice Theas Corn Rugbaí an Domhain 2023, den 4ú huair riamh, an 4ú uair i stair an chomórtais a chroch captaein dá gcuid Corn an Webb Ellis.

Cáiliúcháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cháiligh 12 fhoireann a bhuí lena n-áit deiridh i gCorn Rugbaí an Domhain 2019, agus cháiligh ocht bhfoireann ó bhabhtaí cáiliúcháin. Bhuaigh an Afraic Theas an Corn sa bhliain 2019; bhí tír amháin, an tSile, ag glacadh páirte don chéad uair sa chomórtas in 2023.

Ar dtús, bhí sé beartaithe go mairfeadh an comórtas ar feadh sé seachtaine, ach i mí Feabhra 2021, chuir World Rugby seachtain leis chun laethanta scíthe breise a sholáthar do leas na n-imreoirí. Mar sin bhí ar a laghad cúig lá de scíthe ag na foirne do gach cluiche.

Imríodh an chéad cluiche sa Stade de France, ó thuaidh de Pháras, idir an Fhrainc agus an Nua-Shéalainn ar 8 Meán Fómhair.
Ar 10 Meán Fómhair, d'éirigh leis an Afraic Theas an ceann is fearr a fháil ar Albain i Marseilles.[1]
An Iodáil v Uragua

Imríodh an chéad cluiche sa Stade de France, ó thuaidh de Pháras, idir an Fhrainc agus an Nua-Shéalainn ar 8 Meán Fómhair.

An lá dár gcionn, fuair foireann na hÉireann an bua ba mhó riamh sa chomórtas. Scóráil an Rómáin úd go luath sa chéad leath ach d'fhreagair foireann na hÉireann le dhá úd déag; 82 pointe in aghaidh 8 bpointe an scór ag an deireadh. Fuair Johnny Sexton féin 24 phointe sa chluiche, (agus níos mó pointí scóráilte aige sa chomórtas ná aon imreoir Éireannach eile). Bhí Sexton 38 mbliana d'aois ag an am, agus é ag teacht i dtreo dheireadh a ghairme imeartha.[2]

Ar 10 Meán Fómhair, d'éirigh leis an Afraic Theas an ceann is fearr a fháil ar Albain i Marseilles.[1] Trí chúílín a scóráil na hAlbanaigh i gcaitheamh an 80 nóiméad+ a himríodh, bhí 18 ar chlár na scór ag na Springboks.

D'imir Éire in aghaidh Tonga ar 16 Meán Fómhair i gcathair Nantes; bhuail Éirinn Tonga 59-16. Scóráil Éirinn 8 n-úd ar fad sa chluiche [3]

Bhí bua éasca ag an Afraic Theas in aghaidh na Rómáine ar 17 Meán Fómhair; 76-0 an scór deiridh i gcathair Bordeaux. an Rómáin;

Ar 24 Meán Fómhair, fuair imreoirí Andy Farrell an ceann is fearr ar churaithe an domhain i bPáras; bhí 5 phointe le spáráil ag ÉIre ar an Afraic Theas i gcluiche crua teann sa Stade de France. 13-8 an scór deiridh sa gcluiche seo i bPúl B.[4]

Ar 29 Meán Fómhair, bhí na All Blacks buacach go réidh in aghaidh na hIodáile; 96-17 an scór deiridh agus scóráil na Kiwis 14 úd ar fad.[5]

Bhí bua éasca ag Albain in aghaidh na Rómáine ar 30 Meán Fómhair; 84-0 an scór deiridh a bhí ann, Albain ag scóráil leath a bpointí sa chéad leath agus an leath eile scórála ag teacht i ndiaidh an bhrisidh.[6]

Bhí bua éasca ag Éire in aghaidh na hAlban chomh maith ar 7 Deireadh Fómhair; fiú má d'éirigh leis na hAlbanaigh 2 úd a scóráil agus iad a shlánú dá réir sa dara leath ní raibh na hÉireannaigh le sárú agus bhuaigh ar deiridh 36-14. D'fhág an bua seo Éirinn ag buachan Phúil B. Bhain Éire áit amach mar sin sna babhtaí ceathrú ceannais de Chorn an Domhain.[7]

Ní raibh bua éasca ag Sasana in aghaidh Shamó ar 7 Deireadh Fómhair; 18-17 an scór deiridh.

Céimeanna díbeartha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 14 Deireadh Fómhair, bhí crá croí ag na hÉireannaigh agus iad ag cailleadh i gcoinne na All Blacks, 24 - 28, ainneoin a gcuid iarrachtaí chinn orthu úd cinniúnach a scóráil ar deiridh.[8][9]

Cháiligh Sasana don leathchraobh nuair a bhuail siadsan Fiji. Chlóígh An Airgintín an Bhreatain Bheag sa chluiche eile.

B'iad an Afraic Theas an ceathrú tír i le háit a bhaint amach i gCluiche Leathcheannnais de Chraobh Rugbaí an Domhain. Chloígh siad an fhoireann baile i bPáras, An Fhrainc, leis an bhearna ba lú, 29-28.[10]

Ar 20 Deireadh Fómhair, bhí bua cuimsitheach ag an All Blacks ar an Airgintín sa Stade de France i bPáras, 44-6. B'iad rogha láidir na coitiantachta aréir iad agus ní raibh aon amhras ann ó thús deiridh nach iad a bheadh buacach. Scóráil na All Blacks 7 n-úd ar fad, 3 cinn ó Will Jordan.

D'éirigh le Springboks na hAfraice Theas an lámh in uachtar a fháil ar a gcéillí comhraic, Sasana ar 21 Deireadh Fómhair. Bhí an bhearna ba lú ar deiridh idir na foirne, 16 ag an Afraic Theas,15 ag Sasana.[11]

Ar 28 Deireadh Fómhair, thug na Springboks aghaidh ar All Blacks na Nua Shéalainne sa chluiche ceannais de Chorn Webb Ellis. D'éirigh an Afraic Theas seaimpíní rugbaí an domhain don 4ú huair riamh. Farasbarr aon phointe amháin 12-11 a bhí ag an Afraic Theas ar deiridh, an bhearna chéanna a bhí idir iad féin agus a gcéilí comhraic sa chluiche leathcheannais agus ceathrú ceannais.[12]

Babhta na nGrúpaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Dáileadh an bhfoirne
Pota 1 Pota 2 Pota 3 Pota 4 Pota 5
An Afraic Theas
An Nua-Shéalainn
 Sasana
 An Bhreatain Bheag
 Éire
An Astráil
 An Fhrainc
An tSeapáin
 Albain
An Airgintín
Fidsí
 An Iodáil
Samó
An tSeoirsia
Uragua
Tonga

An Namaib
An Rómáin
An tSile
An Phortaingéil


Eochair do na dathanna sna táblaí atá thíos
Cáilithe don cluiche ceathrú ceannais agus Corn an Domhain sa Rugbaí 2027
Díbeartha ach cáilithe do Corn an Domhain sa Rugbaí 2027
Foireann Im


B


Cs


C


ÚS


ÚC


PS


PC


+/-


PB


Ptí


 An Fhrainc 4 4 0 0 27 5 210 32 +178 2 18
An Nua-Shéalainn 4 3 0 1 38 4 253 47 +206 3 15
 An Iodáil 4 2 0 2 15 25 114 181 -67 2 10
Uragua 4 1 0 3 9 21 65 164 -99 1 5
An Namaib 4 0 0 4 3 37 37 255 -218 0 0
8 Meán Fómhair 2023 An Fhrainc 27-13 An Nua-Shéalainn Stade de France, Saint-Denis
9 Meán Fómhair 2023 An Iodáil 52-8 An Namaib Stade Geoffroy Guichard, Saint-Étienne
14 Meán Fómhair 2023 An Fhrainc 27-12 Uragua Stade Pierre-Mauroy, Lille
15 Meán Fómhair 2023 An Nua-Shéalainn 71-3 An Namaib Stadium de Toulouse, Toulouse
20 Meán Fómhair 2023 An Iodáil 38-17 Uragua Allianz Riviera, Nice
21 Meán Fómhair 2023 An Fhrainc 96-0 An Namaib Stade Vélodrome, Marseille
27 Meán Fómhair 2023 Uragua 36-26 An Namaib Parc Olympique Lyonnais, Décines-Charpieu
29 Meán Fómhair 2023 An Nua-Shéalainn 96-17 An Iodáil Parc Olympique Lyonnais, Décines-Charpieu
5 Deireadh Fómhair 2023 An Nua-Shéalainn 73-0 Uragua Parc Olympique Lyonnais, Décines-Charpieu
6 Deireadh Fómhair 2023 An Fhrainc 60-7 An Iodáil Parc Olympique Lyonnais, Décines-Charpieu
Foireann Im


B


Cs


C


ÚS


ÚC


PS


PC


+/-


PB


Ptí


 Éire 4 4 0 0 27 5 190 46 +144 3 19
An Afraic Theas 4 3 0 1 22 4 151 34 +117 3 15
 Albain 4 0 0 2 21 10 146 71 +75 2 10
Tonga 4 1 0 3 13 25 96 177 -81 1 5
An Rómáin 4 0 0 4 4 43 32 287 -255 0 0
9 Meán Fómhair 2023 Éire 82-3 An Rómáin Nouveau Stade de Bordeaux, Bordeaux
10 Meán Fómhair 2023 An Afraic Theas 18-3 Albain Stade Vélodrome, Marseille
16 Meán Fómhair 2023 Éire 59-16 Tonga Stade de la Beaujoire, Nantes
17 Meán Fómhair 2023 An Afraic Theas 76-0 An Rómáin Nouveau Stade de Bordeaux, Bordeaux
23 Meán Fómhair 2023 An Afraic Theas 8-13 Éire Stade de France, Saint-Denis
24 Meán Fómhair 2023 Albain 45-17 Tonga Allianz Riviera, Nice
30 Meán Fómhair 2023 Albain 84-0 An Rómáin Stade Pierre-Mauroy, Lille
1 Deireadh Fómhair 2023 An Afraic Theas 49-18 Tonga Stade Vélodrome, Marseille
7 Deireadh Fómhair 2023 Éire 36-14 Albain Stade de France, Saint-Denis
8 Deireadh Fómhair 2023 Tonga 45-24 An Rómáin Stade Pierre-Mauroy, Lille
Foireann Im


B


Cs


C


ÚS


ÚC


PS


PC


+/-


PB


Ptí


 An Bhreatain Bheag 4 4 0 0 17 8 143 59 +84 3 19
Fidsí 4 2 0 2 9 9 88 83 +5 3 11
An Astráil 4 2 0 2 11 8 90 90 -1 3 11
An Phortaingéil 4 1 1 2 8 13 64 103 -39 0 6
An tSeoirsia 4 0 0 1 7 14 64 113 -49 1 3
9 Meán Fómhair 2023 An Astráil 35-15 An tSeoirsa Stade de France, Saint-Denis
10 Meán Fómhair 2023 An Bhreatain Bheag 32-26 Fidsí Nouveau Stade de Bordeaux, Bordeaux
16 Meán Fómhair 2023 An Bhreatain Bheag 28-8 An Phortaingéil Allianz Riviera, Nice
17 Meán Fómhair 2023 An Astráil 15-22 Fidsí Stade Geoffroy Guichard, Saint-Étienne
23 Meán Fómhair 2023 An tSeoirsa 18-18 An Phortaingéil Stadium de Toulouse, Toulouse
24 Meán Fómhair 2023 An Bhreatain Bheag 40-6 An Astráil Parc Olympique Lyonnais, Décines-Charpieu
30 Meán Fómhair 2023 Fidsí 17-12 An tSeoirsa Nouveau Stade de Bordeaux, Bordeaux
1 Deireadh Fómhair 2023 An Astráil 34-14 An Phortaingéil Stade Geoffroy Guichard, Saint-Étienne
7 Deireadh Fómhair 2023 An Bhreatain Bheag 43-19 An tSeoirsa Stade de la Beaujoire, Nantes
8 Deireadh Fómhair 2023 Fidsí 23-24 An Phortaingéil Stadium de Toulouse, Toulouse
Foireann Im


B


Cs


C


ÚS


ÚC


PS


PC


+/-


PB


Ptí


 Sasana 4 4 0 0 17 4 150 39 +111 2 18
An Airgintín 4 3 0 1 15 5 127 69 +58 2 14
An tSeapáin 4 2 0 2 12 14 109 104 +5 1 9
Samó 4 1 0 3 11 7 92 75 +17 3 7
An tSile 4 0 0 4 4 30 27 215 -188 0 0
9 Meán Fómhair 2023 Sasana 27-10 An Airgintín Stade Vélodrome, Marseille
10 Meán Fómhair 2023 An tSeapáin 42-12 An tSile Stadium de Toulouse, Toulouse
16 Meán Fómhair 2023 Samó 43-10 An tSile Nouveau Stade de Bordeaux, Bordeaux
17 Meán Fómhair 2023 Sasana 34-12 An tSeapáin Allianz Riviera, Nice
22 Meán Fómhair 2023 An Airgintín 19-10 Samó Stade Geoffroy Guichard, Saint-Étienne
23 Meán Fómhair 2023 Sasana 71-0 An tSile Stade Pierre-Mauroy, Lille
28 Meán Fómhair 2023 An tSeapáin 28-22 Samó Stadium de Toulouse, Toulouse
30 Meán Fómhair 2023 An Airgintín 59-5 An tSile Stade de la Beaujoire, Nantes
7 Deireadh Fómhair 2023 Sasana 18-17 Samó Stade Pierre-Mauroy, Lille
8 Deireadh Fómhair 2023 An tSeapáin 27-39 An Airgintín Stade de la Beaujoire, Nantes

Comórtas díbeartha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ceathrú Ceannais Leathcheannais Cluiche Ceannais
                   
         
   An Bhreatain Bheag  17
  An Airgintín  29  
  An Airgintín  6
 
    An Nua-Shéalainn  44  
  Éire  24
  An Nua-Shéalainn  28  
  An Nua-Shéalainn  11
 
    An Afraic Theas  12
   Sasana  30
 
  Fidsí  24  
   Sasana  15 Tríú hÁit
 
    An Afraic Theas  16  
   An Fhrainc  28   An Airgintín  23
  An Afraic Theas  29      Sasana  26

Cluichí Ceathrú Ceannais

[cuir in eagar | athraigh foinse]
14 Deireadh Fómhair 2023  An Bhreatain Bheag 17-29 An Airgintín Stade Vélodrome, Marseille
14 Deireadh Fómhair 2023  Éire 24-28 An Nua-Shéalainn Stade de France, Saint-Denis
15 Deireadh Fómhair 2023  Sasana 30-24 Fidsí Stade Vélodrome, Marseille
15 Deireadh Fómhair 2023  An Fhrainc 28-29 An Afraic Theas Stade de France, Saint-Denis

Cluichí Leathcheannais

[cuir in eagar | athraigh foinse]
20 Deireadh Fómhair 2023 An Airgintín 6-44 An Nua-Shéalainn Stade de France, Saint-Denis
21 Deireadh Fómhair 2023  Sasana 15-16 An Afraic Theas Stade de France, Saint-Denis
27 Deireadh Fómhair 2023 An Airgintín 23-26  Sasana Stade de France, Saint-Denis

Cluiche Ceannais

[cuir in eagar | athraigh foinse]
28 Deireadh Fómhair 2023 An Nua-Shéalainn 11-12 An Afraic Theas Stade de France, Saint-Denis

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-09-10). "An Afraic Theas buacach sa chorn mór rugbaí" (as ga). 
  2. Conradh na Gaeilge, Londain (
    16 Meán Fómhair 2023). "‎Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-09-19.
  3. Nuacht RTÉ (2023-09-16). "Imreoirí rugbaí na tíre seo buacach i Nantes" (as ga). 
  4. Nuacht RTÉ (2023-09-24). "Na hÉireannaigh ag ceilúradh i bPáras" (as ga-IE). 
  5. Nuacht RTÉ (2023-09-30). "All Blacks buacach go réidh in aghaidh na hIodáile" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2023-10-01). "D'fhéadfadh Albain a bheith ina ndris casáin d'Éirinn sa chraobh" (as ga-IE). 
  7. Nuacht RTÉ (2023-10-08). "Oíche ghlormhar eile thall sa Fhrainc" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2023-10-15). "An Fhrainc amuigh as Comórtas Webb Ellis" (as ga-IE). 
  9. rugbybworldcup.com. "IRE 24-28 NZL: New Zealand edge Ireland in classic to book Argentina semi-final | Rugby World Cup 2023" (en). www.rugbyworldcup.com. Dáta rochtana: 2023-10-23.
  10. rugbybworldcup.com. "FRA 28-29 RSA: South Africa beat France in seven-try thriller | Rugby World Cup 2023" (en). www.rugbyworldcup.com. Dáta rochtana: 2023-10-23.
  11. Nuacht RTÉ (2023-10-22). "Nua Shéalainn v Afraic Theas sa chluiche ceannais" (as ga-IE). 
  12. Nuacht RTÉ (2023-10-29). "Sam Cane, an 1ú fear le bóthar a fháil i gcluiche craoibhe RWC" (as ga-IE).