Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2023
Íomhá
Map
 24°58′N 55°09′E / 24.96°N 55.15°E / 24.96; 55.15
CineálUnited Nations Climate Change conference (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse30 Samhain - 12 Nollaig 2023
Uimhir eagrán28 Cuir in eagar ar Wikidata
2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhDubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha Cuir in eagar ar Wikidata
TírAontas na nÉimíríochtaí Arabacha Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraína Náisiúin Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinunfccc.int… Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#COP28 Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: COP28UAEOfficial Twitter: COP28_UAE Instagram: cop28uaeofficial LinkedIn: cop28uaeofficial Youtube: UCiR4Z7eOC1dUnyWXstXLQ3g Cuir in eagar ar Wikidata


Reáchtáladh idir 30 Samhain - 13 Nollaig 2023 in Dubai, COP28 (Comhdháil na bPáirtithe 27) nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2023.[1] Bhí margadh domhanda déanta den chéad uair chun aistriú ó bhreoslaí iontaise agus dul i ngleic leis an bpríomhchúis taobh thiar den athrú aeráide.[2] Iarradh ar thíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise taobh istigh de dheich mbliana agus sin a dhéanamh ar bhealach atá ‘cóir, eagraithe agus cothrom’.[3][4]

Ceannairí reiligiúnacha le linn COP-28
Maroš Šefčovič agus Sultan Ahmed Al Jaber, Uachtarán COP28 agus príomhfheidhmeannach ar chuideachta ola stáit Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imeacht "Net Zero Nuclear", COP28

Rinneadh Athbhreithniú Domhanda ['Global Stocktake'] ar conas atá ag éirí le tíortha a spriocanna a bhaint amach i leith na géarchéime athraithe aeráide agus ar cad a theastaíonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint.

Agóid i Maidrid, 3 Nollaig 203

Rinne an tAthbhreithniú Domhanda scagadh ar dhul chun cinn na dtíortha ó thaobh na sprice a leagadh síos i gComhaontú Pháras in 2015 go ndéanfaí an t-ardú ar theas domhanda a theorannú go dtí 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch.

De réir tuarascáil a d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe i mí Dheireadh Fómhair 2023, ba ghá go laghdódh astaíochtaí 42% faoi 2030 má táthar chun an t-ardú ar theas domhanda a theorannú go dtí 1.5°C  faoi 2050.[5] Dúirt na Náisiúin Aontaithe, má fhanann cúrsaí mar a bhí, gur téamh 3 céim Celsius a bhí i ndán don domhan agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin.

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tíortha a shínigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide a bhí páirteach sa chruinniú mullaigh dá ngairmtear COP28, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe. Phléigh siad topaicí a bhaineann leis an timpeallacht, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil ag éirí leo i gcomparáid leis na spriocanna a bhí acu roimhe seo, agus pleananna don todhchaí.[6]

Bhí beagnach 100,000 duine i láthair ag COP28, ionadaithe ó bheagnach dhá chéad tír, 140 ceannaire stáit ó gach cearn den domhan, agus ionadaithe ó beagnach dhá chéad tír i láthair, ina measc.[5]

Agóid COP28, Portsmouth Climate Choir, 9 Nollaig 2023

Margadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí margadh domhanda déanta ag nach mór 200 tír aistriú go pras ó bhreoslaí iontaise agus úsáid i bhfad níos mó a bhaint as fuinneamh in-athnuaite, an chéad mhargadh dá leithéid ina bhfuil éileamh soiléir ann go n-aistreofaí ó úsáid breoslaí iontaise amhail gual, ola agus gás.

Iarradh ar thíortha éirí as a bheith ag scaoileadh CO2 san atmaisféar faoi 2050. Iarradh chomh maith ar thíortha gearradh siar go mór ar astaíochtaí meatáin, gás ceaptha teasa atá níos contúirtí ná CO2 sa ghearrthréimhse.

Glacadh sa mhargadh go méadófaí faoi thrí an úsáid a bhaintear an foinsí fuinnimh in-athnuaite, amhail fuinneamh gaoithe agus grianchumhacht, faoi 2030.[7][3]

Cabhair ar phobail leochaileacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh ar bun ciste ‘damáiste agus caillteanais’ (socraíodh ag COP27 go mbunófaí é). Ach ní raibh ach maoiniú an-bheag i gceist, $700m.[8] Agus níor cuireadh aon iachall ar thíortha saibhre airgead a chur ar fáil do thíortha níos boichte aistriú ó bhreoslaí iontaise.[3]

Príomhalt: Cóir aeráide

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh daoine óga as Gaeltacht Chonamara achainí ar cheannairí an domhain dul i ngleic go práinneach le bagairtí an athraithe aeráide. Rinneadh cur síos i litir agus físeán i nGaeilge ó scór déagóirí as Cois Fharraige ar an dóigh a bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar thránna agus ar phortaigh in iarthar na tíre.[9]

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éiginnteacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cháin ionadaithe áirithe an margadh mar rud atá ró-lag. Cinnte iarradh sa mhargadh go n-aistreofaí ó bheith ag úsáid breoslaí iontaise. Ach níor éilíodh gan deireadh ar fad a chur leo de réir a chéile, faoi mar a bhí á éileamh ag go leor.[3]

Dúirt lucht feachtais nach raibh an margadh sách láidir. Mhaígh Greenpeace nach n-éireodh leis an t-aistriú ó bhreoslaí iontaise a bhaint amach ar bhealach “sciobtha agus cothrom”. Ní róshásta leis an margadh nua a bhí cuid de na stáit bheaga ar oileáin iad agus atá an-leochaileach ó thaobh na haeráide.[4]

Stocaireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharraing an Líonra um Ghníomhaíocht Aeráide, an comhrialtas is mó ar domhan d’eagraíochtaí neamhrialtasacha aeráide, aird ar an líon brústocairí breosla iontaise a d’fhreastail ar an gcruinniú mullaigh.[6] Bhí conspóid ann roimh thús na comhdhála nuair ab éigean d’Uachtarán COP28, an Sabhdán Al Jaber, a shéanadh go raibh leas á bhaint aige as na cainteanna faoin athrú aeráide chun margaí ola agus gáis a dhéanamh.[5] Chomh maith le bheith ina uachtarán ar an gcruinniú mullaigh, bhí Al Jaber ina phríomhfheidhmeannach ar chuideachta ola stáit Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Dúirt sé go leanfadh an comhlacht sin ar aghaidh le hinfheistíocht i mbreoslaí iontaise.[2]

D’iarr Mary Robinson, iarUachtarán na hÉireann, go gcuirfí deireadh le breoslaí iontaise de réir a chéile, tar éis d’Al Jaber a rá léi nach raibh aon eolas ar fáil ina ndeirtear go mbainfeadh sé aon phonc a cúig chéim celsius amach.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ciallaíonn COP ‘Comhdháil na bPáirtithe’ agus is ionann na ‘páirtithe’ agus an 197 náisiún a d’aontaigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i 1992.
  2. 2.0 2.1 Conradh na Gaeilge, Londain (16 Nollaig 2023). "‎Nuacht Mhall: (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-16.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 "Margadh domhanda déanta den chéad uair chun aistriú ó bhreoslaí iontaise" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-12-13). Dáta rochtana: 2023-12-13.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-12-13). "Margadh déanta ag comhdháil aeráide COP28" (as ga-IE). 
  5. 5.0 5.1 5.2 tuairisc.ie (30 Samhain 2023). "Súil ‘go ndúiseofar ónár néal sinn’ ag COP28 in Dubai" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-01.
  6. 6.0 6.1 6.2 Conradh na Gaeilge. Londain (9 Nollaig 2023). "‎Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-10.
  7. ...go dtáirgfí a thrí oiread fuinnimh inathnuaite faoin mbliain 2030 le hais mar a tháirgtear in 2023.
  8. Nina Lakhani (2023-12-06). "$700m pledged to loss and damage fund at Cop28 covers less than 0.2% needed" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-12-13.
  9. Méabh Ní Thuathaláin (5 Nollaig 2023). "FÍSEÁN: Achainí déanta ag déagóirí na Gaeltachta ar cheannairí COP28" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-07.