Jump to content

Comhaontú Aeráide Pháras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhaontú Aeráide Pháras
Íomhá
Map
 48° 52′ N, 2° 21′ E / 48.86°N,2.35°E / 48.86; 2.35
Cineálconradh
prótacal timpeallachta Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósPáras Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCreat-Choinbhinsiún na Naisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana12 Nollaig 2015 Cuir in eagar ar Wikidata
Údarna Náisiúin Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Daingniú
Daon-Phoblacht na Síne (3 Meán Fómhair 2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe12 Nollaig 2015 Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm4 Samhain 2016 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPáras, An Fhrainc
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir
Daon-Phoblacht na Síne (22 Aibreán 2016)
an Rúis (22 Aibreán 2016)
an India (22 Aibreán 2016)
an tSeapáin (22 Aibreán 2016)
an Túinéis (22 Aibreán 2016)
an Ghearmáin (22 Aibreán 2016)
Ceanada (22 Aibreán 2016)
an Chóiré Theas (22 Aibreán 2016)
an Fhrainc (22 Aibreán 2016)
an Iaráin (22 Aibreán 2016)
an Tuirc (22 Aibreán 2016)
Poblacht na Seice (22 Aibreán 2016)
Andóra (22 Aibreán 2016)
an Astráil (22 Aibreán 2016)
Aontas Eorpach (4 Samhain 2021) Cuir in eagar ar Wikidata
TaisceArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmBéarla, an Araibis, an Spáinnis, an tSínis, an Rúisis agus an Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Spriocclimate resilience (en) Aistrigh, climate change adaptation (en) Aistrigh agus maolú an athraithe aeráide Cuir in eagar ar Wikidata
Cúistéamh domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis leUnited States withdrawal from the Paris Agreement (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Saothar iomlán ar fáil ag URLunfccc.int… Cuir in eagar ar Wikidata


Is conradh idirnáisiúnta ar athrú aeráide é Comhaontú PhárasComhaontú Aeráide Pháras (Fraincis:L'Accord de Paris), a glacadh sa bhliain 2015. Cumhdaíonn sé maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú agus, a deirtear, maoiniú. Shocraigh 196 pháirtí an Comhaontú ag Comhdháil 2015 na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (COP[1] 21CMP 11[2] i mBéarla, CnaP[3] 21 as Gaeilge)[4] in aice le Páras, an Fhrainc.[5]

Ba ea é sprioc fhadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras an t-ardú ar mheánteocht dhomhanda a choinneáil faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

Trí bliana ina dhiaidh sin, in 2019, chinn an IPCC (Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide na Náisiún Aontaithe) an méadú a theorannú go 1.5 °C, a dúradh.[6][7] Ach níor cuireadh aon mheicníocht iallach ar thír maidir le hastaíochtaí a laghdú. Chun fanacht faoi 1.5 °C, ní mór astaíochtaí a ghearradh faoi 50%, a bheag nó a mhór, faoi 2030.[8]

Ceannasaithe na dtoscaireachtaí ag Comhdháil 2015 na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide i bPáras
Scannán a thaispeánann Laurent Fabius ag cur in iúl gur glacadh go foirmiúil le comhaontú Pháras

Sa bhliain 2015 d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (EDM) go raibh na leibhéil dé-ocsaídecarbóin nó CO2 ag an leibhéal is airde arís don 30ú bliain as a chéile. Dúirt Ard-Rúnaí an EDM go gcaithfear gníomhú anois chun astuithe gás ceaptha teasa a laghdú má tá aon seans ann an teocht atá de shíor ag ardú a choimeád ag leibhéal atáthar ábalta a bhainistiú.[9]

Bhí leibhéil dé-ocsaíd charbóin ag 398 codanna sa mhilliún (nó csm) in 2014 ach sáraíodh an teorainn 400 csm sa leathsféar thuaidh go luath in 2014 agus arís ar bhonn domhanda go luath in 2015.[9]

Bhí an CCNAAA a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na Cruinne 1992 ar cheann de na chéad chonarthaí idirnáisiúnta ar an ábhar. Leagtar síos ann gur cheart do pháirtithe teacht le chéile go rialta chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, ag Comhdháil na bPáirtithe nó CnaP 21. Tá sé mar bhunsraith do chomhaontuithe aeráide amach anseo.[10]

John Kerry ag síniú an chonartha i Halla Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, ar son na Stáit Aontaithe

An Prótacal Kyoto, a glacadh i 1997, rialaíodh laghduithe gáis cheaptha teasa do shraith teoranta tíortha ó 2008 go 2012. Cuireadh síneadh leis an bprótacal go dtí 2020 le Leasú Doha in 2012.[11]

Chinn na Stáit Aontaithe gan an Prótacal a dhaingniú, go príomha mar gheall ar a nádúr atá ceangailteach ó thaobh dlí de. Mar thoradh air seo, agus coinbhleacht dháilte, theip ar na hidirbheartaíochtaí idirnáisiúnta aeráide ina dhiaidh sin.

Bhí sé i gceist le hidirbheartaíochtaí 2009 conradh comharba Kyoto a tháirgeadh, ach thit an idirbheartaíocht as a chéile agus ní raibh an Comhaontú Chóbanhávan a d'eascair as sin ceangailteach ó thaobh dlí agus níor glacadh leis go huilíoch.[12][13] Ach leag an Comhaontú creat síos le haghaidh chur chuige ón mbun aníos do Chomhaontú Pháras.[12] Faoi cheannas rúnaí feidhmiúcháin CCNAAA, Christiana Figueres, tháinig borradh arís faoin idirbheartaíocht tar chliseadh Chóbanhávan.[14]

Le linn Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide 2011, bunaíodh Ardán Durban chun ionstraim dlí a rialaíonn bearta maolaithe an athraithe aeráide a chaibidliú ó 2020 i leith. Bhí sainordú ag an ardán go gcuirfeadh an Cúigiú Tuarascáil Measúnaithe de chuid an Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIAA) agus obair fhochomhlachtaí an CCNAAA ar an eolas é.[15] Bhí an comhaontú a bhí mar thoradh air sin le glacadh sa bhliain 2015.[16]

Príomh-Aire na hIndia, Narendra Modi ag beannú d’Uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff, ag Cruinniú Mullaigh CnaP21 an 30 Samhain 2015

Idirbheartaíocht agus glacadh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla idirbheartaíochtaí i bPáras thar thréimhse coicíse[17] Pléadh agus cuíchóiríodh dréachtaí agus moltaí éagsúla sa bhliain roimhe sin.[18] Dar le tráchtaire amháin bhí dhá bhealach inar mhéadaigh na Francaigh an dóchúlacht go n-éireodh leo: ar an gcéad dul síos a chinntiú go raibh ranníocaíochtaí beartaithe arna gcinneadh go náisiúnta críochnaithe roimh thús na caibidlíochta, agus ar an dara dul síos cuireadh a thabhairt do cheannairí teacht do thús na comhdhála amháin.[19]

Theip ar an gcaibidlíocht beagnach mar gheall ar aon fhocal amháin nuair a thuig foireann dlí na Stát Aontaithe ag an nóiméad deireanach go raibh "shall" , seachas "should", rud a chiallaíonn go mbeadh oibleagáid dhlíthiúil ar thíortha forbartha astaíochtaí a laghdú: réitigh na Fraince an fhadhb trí í a athrú mar "earráid chló ".[20]

Ag deireadh CnaP21 (an 21ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe), an 12 Nollaig 2015, glacadh foclaíocht dheiridh Chomhaontú Pháras trí chomhaontú idir na 195 Ballstát de chuid CCNAAA atá rannpháirteach agus an tAontas Eorpach.[21] Thug Nicearagua le fios go raibh siad ag iarraidh agóid a dhéanamh i gcoinne an ghlactha mar gur cháin siad laige an Chomhaontaithe, ach níor tugadh seans dóibh.[22][23] Sa Chomhaontú gheall na baill a n-aschur carbóin a laghdú "a luaithe is féidir" agus a ndícheall a dhéanamh chun an téamh domhanda a choinneáil "to well below 2 degrees C" (3.6 °F) (Gaeilge: "go pointe i bhfad faoi bhun 2 chéim C".[24])

Ó 2000 i leith, tá méadú tagtha ar astaíochtaí CO2 sa tSín agus sa chuid eile den domhan ar aschur na Stát Aontaithe agus na hEorpa.
In aghaidh an duine, gineann na Stáit Aontaithe CO2 ag ráta i bhfad níos tapúla ná réigiúin phríomhúla eile.

Síniú agus teacht i bhfeidhm

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh Comhaontú Pháras lena shíniú an 22 Aibreán 2016 (Lá an Domhain) ag searmanas i Nua-Eabhrac.[25] Ba ea é síniú an Chomhaontaithe an chéad chéim i dtreo daingnithe, ach b'fhéidir aontú leis an gComhaontú gan síniú.[26] Chuir sé ceangal ar pháirtithe gan sprioc an chonartha a shárú.[27]

Ar an 1 Aibreán 2016, dheimhnigh na Stáit Aontaithe agus an tSín, arb ionann iad agus beagnach 40% d’astaíochtaí domhanda, go síneoidís Comhaontú Aeráide Pháras.[28][29] Shínigh 175 páirtí (174 stát agus an tAontas Eorpach) an Comhaontú ar an gcéad lá a osclaíodh é lena shíniú.[30][31] Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm ar an 4 Samhain 2016. [32][33][26][34][35][36][37][37]

Tharraing na Stáit Aontaithe siar ón gComhaontú in 2020, ach tháinig siad isteach arís go luath in 2021 tar éis do Joe Biden a bheith tofa ina uachtarán ar SAM.

I mí na Samhna 2021, bhí 193 chomhalta de Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (CCNAAA) ina bpáirtithe sa chomhaontú.[38] As na ceithre bhallstát de chuid CCNAAA nach raibh an comhaontú daingnithe acu, ba ea í an Iaráin an t-aon astaitheoir mór.

Cásanna astuithe gáis cheaptha teasa domhanda. Má bhaineann na tíortha go léir amach a ngealltanais de chuid Chomhaontú Pháras faoi láthair, sháródh an meántéamh faoi 2100 an t-uassprioc 2°C atá leagtha síos sa Chomhaontú.

Mhol ceannairí domhanda an Comhaontú, ach cháin roinnt gníomhaí timpeallachta agus anailísithe é mar ní raibh sé ceangailteach go leor. Níor cuireadh aon mheicníocht iallach ar thír spriocanna sonracha maidir le hastaíochtaí a laghdú.

Cé nach leor na gealltanais reatha faoi Chomhaontú Pháras chun na spriocanna teochta socraithe a bhaint amach, bhí meicníocht uaillmhéine méadaithe ann. Baineadh úsáid rathúil as Comhaontú Pháras i ndlíthíocht aeráide, ag cur iallach ar thíortha agus ar chuideachta ola gníomhaíocht aeráide a neartú. Mar shampla ar an 4 Iúil 2022, d’aithin Cúirt Uachtarach Chónaidhme na Brasaíle comhaontú Pháras mar chonradh um chearta an duine.[39][40]

Bhí sé mar aidhm ag an gComhaontú cabhrú le tíortha dul i dtaithí ar éifeachtaí an athraithe aeráide, agus dóthain maoinithe a shlógadh, ach níor tharla sé roimh na 2020idí (féach ar COP28).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Conference of the Parties (COP)
  2. 11th session of the Meeting of the Parties (CMP)
  3. Comhdháil na bPáirtithe
  4. "COP 21 / CMP 11: 21st Session of the Conference of the Parties (COP) to the United Nations Framework Convention on Climate Change and 11th Session of the Conference of the Parties to the Kyoto Protocol - Event" (en-GB). IEA. Dáta rochtana: 2023-12-12.
  5. Alex Hijmans (16 Nollaig 2015). "Comhaontú Aeráide Pháras agus an Ghaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-09.
  6. UNFCCC. “The Paris Agreement”. unfccc.int. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 March 2021. Dáta rochtana: 18 September 2021.
  7. "‘Tá cliseadh na haeráide tosaithe’ – an samhradh is teo a taifeadadh riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (6 M.F. 2023). Dáta rochtana: 2023-09-06.
  8. Schleussner. “The Paris Agreement – the 1.5 °C Temperature Goal” (en). Climate Analytics. Dáta rochtana: 2022-01-29.
  9. 9.0 9.1 Brendán Ó Dufaigh (2016). "Ar Scáth a Chéile ISBN: 978-0-9549590-3-7". Dáta rochtana: 2023.
  10. UN Climate Talks”. Council of Foreign Affairs (2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 July 2021. Dáta rochtana: 20 July 2021.
  11. Harrabin (8 December 2012). "UN climate talks extend Kyoto Protocol, promise compensation". BBC News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 July 2018. Dáta rochtana: 22 June 2018.
  12. 12.0 12.1 Falkner (2016). "The Paris Agreement and the new logic of international climate politics" (as en). International Affairs 92 (5): 1107–1125. doi:10.1111/1468-2346.12708. ISSN 0020-5850. Dáta rochtana: 7 March 2021.  Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":11" defined multiple times with different content
  13. Klein (7 December 2020). “The Paris Agreement and the future of climate negotiations” (en-GB). Stockholm Environment Institute. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 July 2021. Dáta rochtana: 18 July 2021.
  14. McGrath (19 February 2016). "UN climate chief Christiana Figueres to step down" (en-GB). BBC News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 December 2020. Dáta rochtana: 7 March 2021.
  15. Orangias, Joseph (April 1, 2022). "The Nexus between International Law and Science: An Analysis of Scientific Expert Bodies in Multilateral Treaty-Making". doi:10.1163/18719732-bja10068. Dáta rochtana: May 6, 2022. 
  16. UNFCCC:Ad Hoc Working Group on the Durban Platform for Enhanced Action (ADP)”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 August 2015. Dáta rochtana: 2 August 2015.
  17. Goldenberg (12 December 2015). “Paris climate deal: nearly 200 nations sign in end of fossil fuel era” (en). The Guardian. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 July 2021. Dáta rochtana: 18 July 2021.
  18. Evans (7 September 2015). “Bonn climate talks ask for draft Paris text” (en). Carbon Brief. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 July 2021. Dáta rochtana: 18 July 2021.
  19. The Paris Agreement is done! Let the negotiations begin?” (en-US). GHG and Carbon Accounting, Auditing, Management & Training | Greenhouse Gas Management Institute (24 February 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 July 2021. Dáta rochtana: 22 July 2021.
  20. How a 'typo' nearly derailed the Paris climate deal” (en). the Guardian (16 December 2015). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 July 2021. Dáta rochtana: 22 July 2021.
  21. Sutter (12 December 2015). "Final draft of climate deal formally accepted in Paris". CNN. Cable News Network, Turner Broadcasting System, Inc.. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 December 2015. Dáta rochtana: 12 December 2015.
  22. Watts (2018). "Latin America in the climate change negotiations: Exploring the AILAC and ALBA coalitions". WIREs Climate Change 9 (6). doi:10.1002/wcc.533. Dáta rochtana: 15 July 2021. 
  23. Harvey (8 December 2020). “The Paris agreement five years on: Is it strong enough to avert climate catastrophe?”. The Guardian. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 July 2021. Dáta rochtana: 15 July 2021.
  24. "'Historic' Paris climate deal adopted". CBC News. CBC/Radio Canada (12 December 2015). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 December 2015. Dáta rochtana: 12 December 2015.
  25. Article 20(1)”. UNFCCC.int. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 November 2017. Dáta rochtana: 17 November 2017.
  26. 26.0 26.1 Yeo (19 April 2016). “Explainer: The adoption, signing and ratification of the UN climate deal” (en). Carbon Brief. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 May 2021. Dáta rochtana: 8 May 2021.
  27. Voigt (2017). "The Paris Agreement on Climate Change". 
  28. McGrath (31 March 2016). “Paris Climate Treaty: 'Significant step' as US and China agree to sign”. BBC. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 April 2016. Dáta rochtana: 23 April 2016.
  29. Davenport (31 March 2016). "Obama and President Xi of China Vow to Sign Paris Climate Agreement Promptly". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 February 2017.
  30. 'Today is an historic day,' says Ban, as 175 countries sign Paris climate accord”. United Nations (22 April 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 June 2017. Dáta rochtana: 29 June 2017.
  31. PARIS AGREEMENT Signature Ceremony”. UNFCCC (22 April 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 May 2017. Dáta rochtana: 22 April 2016.
  32. Information provided in accordance with paragraph 104 of decision 1 CP21 related to entry into force of the Paris Agreement (Article 21)”. UNFCCC. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 February 2016. Dáta rochtana: 23 April 2016.
  33. Article 21(1)
  34. Glossary of terms relating to Treaty actions” (EN). United Nations Treaty Collection. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 May 2019. Dáta rochtana: 18 July 2021.
  35. Yeo (6 October 2016). “Explainer: Paris Agreement on climate change to 'enter into force'” (en). Carbon Brief. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 May 2021. Dáta rochtana: 8 May 2021.
  36. Yeo (23 June 2016). “Explainer: When will the European Union ratify the Paris Agreement?”. Carbon Brief. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 September 2016. Dáta rochtana: 3 September 2016.
  37. 37.0 37.1 Schiermeier (4 October 2016). "Paris climate deal to take effect as EU ratifies accord". Nature. doi:10.1038/nature.2016.20735. Dáta rochtana: 5 October 2016. 
  38. Paris Agreement”. United Nations Treaty Collection. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 July 2021. Dáta rochtana: 15 July 2021.
  39. Arguição de descumprimento de preceito fundamental” (pt). Supremo Tribunal Federal. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 July 2022. Dáta rochtana: 24 July 2022.
  40. Ciuffo (7 July 2022). “Brazil's High Court First to Declare Paris Agreement a Human Rights Treaty”. Yale Program on Climate Change Communication. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 July 2022. Dáta rochtana: 21 July 2022.