Ailbéideacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
solas na gréine fhrithchaite

Cóimheas an tsolais a fhrithchaitheann an Domhan, nó pláinéad ar bith eile, agus sholas na Gréine a ionsaíonn an Domhan, is ea ailbéideacht (nó albedo i mBéarla).

athrú na hailbéideachta sa Ghraonlainn ː 2011 versus meán 2000 - 2006

Nuair a fhrithchaitear an solas ionsaitheach iomlán, bíonn luach 1 aici. Bíonn luach 0 aici nuair nach bhfrithchaitear aon solas.

Athrú aeráide[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann an ailbéideacht go mór san áireamh in aon athrú aeráide. Mar shampla, frithchaitheann leac oighir suas le 90% den solas ionsaitheach, ach ní fhrithchaitheann cré is carraigeacha ach 10% ar éigin. Faoi seo, clúdaíonn leac oighir 10% den chuid sholadach de dhromchla an Domhain.

Dá méadófaí achar an leac oighir, mhéadófaí an ailbéideacht, laghdófaí an fuinneamh glan a ghabhfadh an Domhan, agus laghdófaí meánteocht an Domhain.

Má leanann an forthéamh domhanda mar atá á thuar de bharr méadú san iarmhairt cheaptha teasa san atmaisféar, leáfar a lán den leac oighir, laghdófar an ailbéideacht, laghdófar frithchaitheamh an tsolais, agus méadófar teocht an Domhain a thuilleadh fós ar mhodh aischothaithe dhearfaigh.

Dá thoradh seo, tá an ailbéideacht an-tábhachtach i gcúrsaí aeráide gearrthéarmaí is fadtéarmaí.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailbéideacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 18.