An Ghraonlainn
| Kalaallit Nunaat (kl) Grønland (da) Grønland (nb) | |||||
|
|||||
| Aintiún | Nuna asiilasooq (1979) | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Ríocht na Danmhairge | ||||
| Príomhchathair | Nuuk | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 56,609 (2023) | ||||
| • Dlús | 0.03 hab./km² | ||||
| Déamainm | Graonlannach | ||||
| Teanga oifigiúil | an Ghraonlainnis | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Ríocht na Danmhairge Meiriceá Thuaidh | ||||
| Achar dromchla | 2,166,086 km² | ||||
| Pointe is airde | Gunnbjørn Fjeld (en) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | County of Greenland (en) | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Córas rialtais | monarcacht pharlaiminteach | ||||
| Comhlacht reachtach | Inatsisartut (en) | ||||
| • Ceannaire stáit | Margrethe II na Danmhairge (1972–2024) | ||||
| Údarás breithiúnach is airde | Greenland High Court (en) | ||||
| Eacnamaíocht | |||||
| OTI ainmniúil | 3,235,816,195 $ (2021) | ||||
| Airgeadra | krone na Danmhairge | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Fearann Idirlín barrleibhéil | .gl | ||||
| Glaochód | +299 | ||||
| Uimhir theileafóin éigeandála | 112 | ||||
| Cód tíre | GL | ||||
| Cód ISO 3166-2 | DK-GL | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | naalakkersuisut.gl | ||||
Is í an Ghraonlainn an t-oileán is mó ar éadan na cruinne. Tír fhéinrialaitheach taobh istigh de Ríocht na Danmhairge í an Ghraonlainn (Graonlainnis: Kalaallit Nunaat .i. "Tír na nGraonlannach"; Danmhairgis: Grønland nó an "Tír Ghlas").
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Ghraonlainn suite idir Nunavut (oileánra Cheanada) agus an Íoslainn, agus d'fhéadfá a rá gur cuid de Mheiriceá Thuaidh í ar chúiseanna tíreolaíochta agus geolaíochta. As na tailte arb iad tuaisceart Cheanada iad inniu a tháinig na Graonlannaigh féin, na céadta bliain ó shin.
Is í an Ghraonlainn an t-oileán is mó sa domhan nach ilchríoch é (níos mó ná mórchríoch na hEorpa ón tSeicia siar), agus is í an tír is teirce daonra fosta.
Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]57,000 duine a bhí ina gcónaí sa Ghraonlainn sa bhliain 2024, daoine den phobal Ionúiteach a bhformhór.
Is í an Ghraonlainn an t-oileán is mó ar domhan, 25 uair níos mó ná Éire. Tá corradh is 56 míle duine ina gcónaí ann. Bundúchasaigh Ionúiteacha is ea a bhformhór acu, thart ar 90%, agus is de bhunús na Danmhairge 7% den daonra. Tá cónaí ar fhormhór na ndaoine in iardheisceart na tíre timpeall ar an bpríomhchathair Nuuk.[1]







Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig na hIonúitigh go dtí an Ghraonlainn timpeall ar chúig mhíle bliain ó shin. I dtús an dara mílaois i ndiaidh bhreith Chríost a shocraigh na chéad Lochlannaigh síos ar chóstaí an oileáin, ach ní raibh siad in ann a n-áitreabh a bhuanú san oileán.
Tháinig grúpa nua Ionúiteach go dtí an Ghraonlainn sa 13ú haois, agus thréig sliocht na Lochlannach a n-áitreabh sa 15ú haois. I dtús na hochtú haoise déag, áfach, tháinig na Lochlannaigh ar ais go dtí an t-oileán, agus d'fhógair na Danmhargaigh gur leosan an Ghraonlainn.
Sa bhliain 1814, fuair an Ghraonlainn stádas coilíneachta. Coilíneach ab ea an Ghraonlainn suas go dtí 1953. I mBunreacht na Danmhairge sa bhliain 1953 a leagadh amach an stádas atá ag an nGraonlainn inniu, is é sin, is ceann de na tíortha í ar comhpháirteanna iad de Chomhlathas na Ríochta, nó Rigsfællesskabet. Is amhlaidh an stádas atá ag Oileáin Fharó freisin.
Sa bhliain 1979, cuireadh rialtas dúchais ar bun sa Ghraonlainn. Bhí an Danmhairg fós i mbun maoirseachta ar a gcóras sláinte go dtí 1992.[2]
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíodh smacht ar thoradh na broinne agus beidh smacht ar fhigiúirí an daonra. Sin é an ‘cur chuige’ a maítear a bheith ag Roinn Sláinte na Danmhairge siar amach sna seascaidí nuair a bhí coilíniú á dhéanamh acu ar phobal na Graonlainne, na hIonúitigh. Ní raibh na Danmhargaigh sásta nuair a bhí an daonra Ionúiteach ag méadú agus dá réir ag cur breis costais orthu féin.[2]
Cuireadh fearas frithghiniúna i mbroinn cailíní is mná óga gan bhuíochas dóibh ná cead óna dtuismitheoirí, a maítear.
Is le fíordhéanaí, in 2022, a tháinig an t-eolas seo chun solais nuair a craoladh an scéal ar phodchraoladh dar teideal Spiralkampagnen.
Mar thoradh air sin, d’aon ghuth shocraigh parlaimint na Graonlainne, an Inatsisartut, go n-iarrfaí ar an Danmhairg fiosrú neamhspleách a dhéanamh ar an gcleachtas frithghiniúna a bhí ar bun acu ós na seascaidí go dtí lár na seachtóidí, ar a laghad.
Ní hamháin gur choisc an fearas sin torthúlacht na broinne ach lean go leor deacrachtaí fadtéarmacha sláinte é dos na mná. Ghabh Príomh-Aire na Danmhairge, Mette Frederiksen, le fíordhéanaí, leithscéal oifigiúil le mná na Graonlainne as an leatrom a deineadh orthu le linn an fheachtais frithghiniúna.[2]
Teangacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad an Ghraonlainnis agus an Danmhairgis araon na teangacha oifigiúla. Le fírinne trí theanga Eiscimea-Ailiútach a labhraítear sa Ghraonlainn - an leagan oifigiúil den Ghraonlainnis, an Ghraonlainnis Thoir, tunumiit oraasiat nó tunumiisut, agus an chanúint a bhaineann leis an gceantar timpeall ar Qaanaaq in iarthuaisceart an oileáin.
Is í an chanúint oifigiúil atá ag formhór mór na nGraonlannach, agus níl ach míle nó cúpla míle cainteoir ag aon cheann den dá chanúint eile, ach san am chéanna, tá siad chomh difriúil leis an leagan oifigiúil is gur féidir a rá nach canúintí iad ach teangacha scartha.
Maidir leis an Danmhairgis, tá sí ag 12% de mhuintir an oileáin ó dhúchas. Ábhar riachtanach staidéir é an Béarla sna scoileanna, agus é go líofa ag go leor sa Ghraonlainn.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá olltaiscí de raon leathan mianraí sa Ghraonlainn, idir rúibíní, ór, iarann, úráiniam, alúmanam, nicil, platanam, tungstan, tíotáiniam, copar agus mianraí tearcithreacha a mbaineann fíorthábhacht leo i dtionscal theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, chomh maith le réimse na nanaitheicneolaíochta, tionscal a bhfuil fás agus éileamh mór i ndán dó amach anseo.
Tá cúltaiscí hidreacarbóin cosúil le gás agus ola an-fhairsing ann freisin, cé go bhfuil bac curtha ag an rialtas féinrialach ar thaiscéalaíocht ola agus gáis. Tá an pobal i gcoinne ag cur in éadan róshaothrú na n-acmhainní seo faoi thalamh.
Is in earnáil na hiascaireachta is mó atá spéis ag muintir na Graonlainne.[1]
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá féinriail sách suntasach ag an nGraonlainn laistigh de stát na Danmhairge.
Tá baint pholaitiúil ag an nGraonlainn leis an Eoraip - leis na tíortha Lochlannacha, an Danmhairg ach go háirithe - le míle bliain anuas. Ó thaobh an dlí idirnáisiúnta de, críoch leath-neamhspleách de chuid na Danmhairge is ea an Ghraonlainn. Ballstát den Aontas Eorpach is ea an Danmhairg.
Sa bhliain 2023, bhí an Rialtas na Graonlainne, faoi stiúir Múte B. Egede, ag iarraidh neamhspleáchas iomlán a bhaint amach, saor ón Danmhairg – agus ó gach tír eile – agus moladh reifreann ag an am.


Reáchtáladh olltoghchán ar an 11 Márta 2025; tháinig comhrialtas leathan i gcumhacht faoi stiúir Jens-Frederik Nielsen (Demokraatit) agus ba mhaith leo go bhfanfadh rudaí mar atá.
Leithcheal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maítear go bhfuil údaráis na Danmhairge sa lá atá inniu ann ag cur tástálacha inniúlachta ar mháithreacha de shliocht Ionúiteach agus go bhfuil na critéir atá á gcur i bhfeidhm ag déanamh leithcheal orthu ar bhonn ciníoch is cultúir.
De réir tuairisc in 2022, sa Danmhairg baintear leanaí de thuismitheoir de dhúchas Graonlannach 5.6% den am, i gcomparáid le 1% den ndaonra Danmhargach.[2]
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2025, d'éirigh an Ghraonlainn ina cnámh spairne idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Thug Donald Trump le fios gur mian leis seilbh a fháil ar an nGraonlainn agus ar Chanáil Phanama. Dúirt Príomh-Aire na Graonlainne Múte Bourup Egede nach raibh an tír ar díol agus thug le fios nach raibh aon fháilte roimh an mioscais a bhí daoine ón taobh amuigh a chothú.[4][5] [3]
Ar an 6 Eanáir 2026, thug an Teach Bán le fios go raibh rún ag na Meiriceánaigh seilbh a ghabháil ar an nGraonlainn go breas nó go treas, agus nach raibh an lámh láidir curtha as an áireamh acu. Maidir le sláine críche na Graonlainne, a dúirt Micheál Martin, sin ceist nár mhór a fhágáil faoi ríocht na Danmhairge agus faoi mhuintir na Graonlainne féin.[6]
Bailte móra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baile mór atá i gceist sa Ghraonlainn má sháraíonn daonra an áitribh leathmhíle duine. Is í príomhchathair na Graonlainne, Nuuk (Danmhairgis: Godthåb), an ceann is mó acu, agus níl ach 15,500 duine ina gcónaí ansin féin.
- Ittoqqortoormiit (Scoresbysund), leathmhíle duine. I dtimpeallacht Ittoqqortoormiit a labhraítear an chanúint Oirthearach, nó an teanga tunumiit oraasiat.
- Ilulissat (Jakobshavn), ceithre mhíle go leith de dhaoine, an tríú baile is mó sa Ghraonlainn
- Aasiaat (Egedesminde), trí mhíle duine
- Kangaatsiaq, timpeall ar shé chéad duine
- Maniitsoq (Sukkertoppen), dhá mhíle agus seacht gcéad duine, an séú háitreabh is mó sa Ghraonlainn.
- Nanortalik, míle go leith de dhaoine
- Narsaq, míle is sé chéad duine
- Narsarsuaq, céad go leith duine. Lárionad tábhachtach turasóireachta é Narsarsuaq
- Nuuk (Godthåb), príomhchathair na Graonlainne
- Paamiut (Frederikshåb), míle is sé chéad duine
- Qaanaaq (Thule), sé chéad duine. Timpeall ar an áit seo a labhraítear canúint ar leith de chuid na Graonlainnise freisin.
- Qaqortoq (Julianehåb), an ceathrú baile mór is mó daonra, nó tá breis is trí mhíle duine ina gcónaí ansin.
- Qasigiannguit (Christianshåb), míle is dhá chéad go leith de dhaoine.
- Qeqertarsuaq (Godhavn). Tá naoi gcéad duine ina gcónaí anseo. Tá an baile mór suite ar chósta theas Oileán Disko, oileán mór ar chósta thiar na Graonlainne, agus is é Qeqertarsuaq ainm an oileán freisin i dteanga na tíre.
- Sisimiut (Holsteinsborg), an dara háitreabh is mó daonra sa Ghraonlainn, nó tá cúig mhíle go leith de dhaoine ina gcónaí ansin.
- Tasiilaq (seanainm: Ammassalik, nó Angmagssalik de réir an tseanlitrithe). Tá beagnach dhá mhíle duine ina gcónaí ansin, agus mar sin, is é an t-áitreabh is mó ar chósta thoir na Graonlainne.
- Upernavik, breis is míle duine
- Uummannaq, míle is trí chéad duine
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Ghraonlainnis
- Ríocht na Danmhairge
- Caidreamh na Stát Aontaithe leis an nGraonlainn, Danmhairg
- Oileáin Fharó
- Nunavut
- Dara téarma Donald Trump
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Cathal Ó Murchú (2025-01-31). "Súile Santacha SAM ar an nGraonlainn – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-02-04.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Seosaimhín Ní Bheaglaoich (22 Meán Fómhair 2025). "An Danmhairg agus an leatrom leanúnach ar a comharsana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-22.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2025-03-29). "Vance cáinte sa Danmhairg" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-08). "Ráitis Trump faoin nGraonlainn cáinte ag an bhFrainc" (as ga-IE).
- ↑ RnaG (2025-03-24). "Tús Áite: An Ghraonlainn" (ga-IE). RTÉ Radio. Dáta rochtana: 2025-03-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-01-07). "An Ghraonlainn: 'an tAontas Eorpach ag seasamh leis an Danmhairg'" (as ga-IE).
