Graonlainnis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is í an GhraonlainnisKalaallisut an ceann is líonmhaire cainteoirí de na teangacha Eiscimea-Ailiútacha. Baineann sí leis an bhfochraobh Inupik i gcraobh Eiscimeach na fine Eiscimea-Ailiútaí. Tá sí gaolmhar go maith leis na teangacha Eiscimeacha a labhraítear i gcóngar don Ghraonlainn in Oirthuaisceart Cheanada, an teanga Inuktitut ach go háirithe. Tá caighdeán na Graonlainnise bunaithe ar chanúint an Iarthair, is é sin, an cineál Graonlainnise a chluinfeá i Nuuk (Godthåb), príomhchathair na Graonlainne, ach tá dhá chanúint eile ann agus iad chomh difriúil agus nach furasta iad a thuiscint mura bhfuil ach an chanúint chaighdeánach agat, is é sin, Graonlainnis an Oirthir nó tunumiit oraasiat agus an cineál Graonlainnise a labhraítear in Qaanaaq (Thule) agus in áiteanna eile in Iarthuaisceart na Graonlainne.

Tá timpeall ar chaoga ocht míle cainteoir dúchais ann, agus is ionann sin agus duine as gach beirt dá labhraíonn teanga Inupik d'aon chineál ar fud an domhain.

Teanga pholaisintéiseach nó iltáite í an Ghraonlainnis, cosúil le teangacha eile na fine (agus a lán teangacha bundúchasacha neamhghaolmhara san Oileán Úr). Cuirtear iarmhíreanna leis na focail, ach ní bhíonn réimíreanna in úsáid sa teanga, ach oiread leis na teangacha Eiscimeacha eile. Mar sin, is féidir abairt iomlán a chur in iúl trí aon fhocal fada amháin sa Ghraonlainnis, ar nós:

Nalunaarasuartaatilioqateeraliorfinnialikkersaatiginialikkersaatilillaranatagoorunarsuarooq.

Is éard is brí leis an bpaidir chapaill seo ná: "Bhain siad triail as mórstaisiún raidió a thógáil arís, ach níor éirigh leo ach an gormchló a tharraingt", a bheag nó a mhór.

Is é struchtúr polaisintéiseach na teanga is cúis leis an ráiteas coitianta ná go bhfuil a lán focal ag lucht labhartha na Graonlainnise nó na dteangacha Eiscimeacha eile ar chineálacha éagsúla sneachta. Dúirt an teangeolaí Geoffrey Pullum ina aiste cháiliúil The Great Eskimo Vocabulary Hoax nach bhfuil ach dhá thamhan, dhá fhréamhfhocal, ann, mar atá, qanik (sneachta atá ar foluain, calóg shneachta) agus aput (sneachta ar an talamh). Scéal eile go bhfuil an dúrud iarmhíreanna sa teanga le ciall na bhfocal seo a mhionathrú agus le focail nua a chruthú as na fréamha.