Jump to content

An Ionúitis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Inuktitut)
Infotaula de llenguaAn Ionúitis
Cineállanguage subfamily (en) Aistrigh agus contanam canúintí
Úsáid
Cainteoirí dúchais90,000
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Eiscimea-Ailiútacha
Inuit–Yupik (en) Aistrigh
Cóid
Glottologinui1246

Is í an Ionúitis (ᐃᓄᒃᑎᑐᑦ)[1] an t-ainm a thugtar ar na teangacha Ionúitise ar fad a labhraítear i gCeanada. Tugtar aitheantas don Ionúitis mar theanga oifigiúil i Nunavut agus i gCríocha an Iarthuaiscirt agus tá aitheantas dlíthiúil tugtha ag Nunavik (ceantar i Quebec). Labhraítear an teanga seo ó thuaidh de líne na gcrann, ceantair i dTalamh an Éisc agus Labradóir, Québéc, Manitoba ina measc. Tá sí níos forleithne sna Chríocha Nunavut, agus Críocha an Iarthuiscirt, agus cósta an Iúcáin.

Dáileadh na dteangacha Ionúitise san Artach.
Canúintí
Logainmneacha

Críocha an Iarthuiscirt agus an Iúcáin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glaoitear Ionúitigh nó Inuvialuit ar na hIonúití atá ina chónaí sna Chríocha Iarthuiscearta agus den cuid is mó tá siad ina chónaí sa Réigiún Lonnaithe na nIonúiteach atá ar an gcósta Artach. Gaoitear Inuvialuktun ar an ngrúpa canúintí a labhraítear sa réigiún seo, ach tá na trí chanúintí atá sa ghrúpa seo an difriúil óna chéile.

  • Kangiryuarmiutun: Is iad an pobal Ulukhaktok den gcuid is mó a labhraíonn an canúint seo. Tá an chanúint seo an chosúil le Inuinnaqtun a labhraítear i Nunavut.
  • Siglitun: Is iad na pobail Paulatuk, Sachs Harbour agus Tuktoyaktuk a labhraíonn an chanúint seo atá lonnaithe sna oileáin Artach. Ceaptar go raibh an chanúint marbh go dtí na 1980óidí nuair a thángthas trasna ar an teanga arís.
  • Uummarmiutun: Is iad na pobail Inuvik agus Aklavik a labhraíonn an chanúint seo.

Is í Nunavut an réigiún is mó sa domhan Ionúiteach. Tá ceithre teanga oifigiúil ag Nunavut: Béarla, Fraincis, Inuktitut agus Inuinnaqtun, ach níl sé soiléir go bhfuil Inuktitut agus Inuinnaqtun ina dteangacha difriúla nó canúintí don teanga céanna. Uaireanta úsáidtear Inuktitut le cur síos a dhéanamh ar an dá teanga. Tá thart ar 24,000 Ionúití ina gcónaí sa chríoch agus tá Inuktitut ag 80% acu (3,500 acu a labhair Inuktitut amháin). Dár leis an daonáireamh 2001, tá an teanga níos coitianta i measc na seandaoine ná na daoine óga agus go bhfuil stop churtha le cúlú an teanga agus tús le fás an teanga arís.

  • Inuinnaqtun: Is í Inuinnaqtun teanga/canúint a labhraítear in iarthar an Réigiún Kitikmeot. Is é an modh scríbhneoireachta an phríomh-dhifríocht idir Inuinnaqtun agus gnáth Inuktitut. Úsáideann Inuinnaqtun an aibítir Rómhánach seachas córas siollaí.
  • Natsilingmiutut: Labhraítear an chanúint seo in oirthear an Réigiún Kitikmeot.
  • Kivallirmiutut: Labhraítear an chanúint seo sa Réigiún Kivalliq in aice an teorainn le Manitoba.

Sa bhliain 2025, foilsíodh tuarascáil[2] a mhaígh go raibh “an-mheas” agus “an-éileamh” ar an Ionúitis mar theanga theagaisc i mbunscoileanna in Nunavut. Ach ní raibh an t-oideachas dátheangach á chur i bhfeidhm mar is ceart i scoileanna na nIonúiteach i gCríocha Nunavut. Reáchtáladh cruinnithe le 24 pobal sa dúiche ina bhfuil teangacha dúchais na nIonúiteach fós á labhairt ag cuid den phobal. Dúradh sa tuarascáil go raibh ganntanas múinteoirí atá in ann a bheith ag múineadh san Ionúitis ann agus go bhfuil tuilleadh traenála agus tacaíochta ag teastáil ó na múinteoirí a bhfuil an teanga ar a dtoil acu.[3][4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Inuit languages
  2. Coalition of Nunavut District Education Authorities - From Promise to Practice: Inuit Voices on Bilingual Education   (2025)
  3. "Imní nach bhfuil an t-oideachas dátheangach á chur i bhfeidhm mar is ceart i scoileanna na nIonúiteach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-06-05). Dáta rochtana: 2025-06-05.
  4. CBC (2025). "Bilingual Inuktitut education not being properly implemented in Nunavut, report finds".