Frithchaitheamh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa bhfisic, preabadh ar ais solais, fuaime nó toinne eile ó dhromchla cuí, an uillinn frithchaite cothrom leis an uillinn ionsaitheach. Frithchaitear solas ó dhromchla lonrach (mar shampla, miotal). Frithchaitear fuaim ag dromchlaí crua míne, agus nuair a théann sí trí athrú dlúis san aer. Mar thomhas ar chumas frithchaite dromchla, luaitear an frithchaiteas, cóimheas dhéine na toinne frithchaite is dhéine na toinne ionsaithí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Frithchaitheamh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 288.