Painéal Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide
Painéal a bhunaigh Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe is Eagraíocht Dhomhanda na Meitéareolaíochta i 1988 chun measúnú údarásach a dhéanamh ar an eolas eolaíoch ar an bhforthéamh domhanda is an t-athrú aeráide domhanda de bharr astaíochtaí gáis cheaptha teasa san atmaisféar. Déanann sé measúnú freisin ar na hiarmhairtí ar an gcomhshaol, an eacnamaíocht is an tsochaí, agus molann freagairtí straitéiseacha don ghábh seo. Rinne an painéal (a raibh 400 eolaí ó 25 tír mar bhaill de ag an am) a chéad tuarascáil i 1990, ag tuar go n-éireódh meánteocht an Domhain 0.3 °C gach 10 mbliain den chéad seo. Rinne sé a thuarascáil chuimsitheach is déanaí i 2007, ag léiriú go bhfuil an t-athrú aeráide is a iarmhair ag tarlú ar a laghad chomh trom is a tuaradh i 1990.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |