John Tranter

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Tranter

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Aibreán 1943
Cooma, New South Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Aibreán 2023
79 bliana d'aois
Sydney, New South Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Wollongong Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSydney
Gníomhaíocht
Gairmfile, eagarthóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjohntranter.com →  Cuir in eagar ar Wikidata

File Astrálach, foilsitheoir agus eagarthóir is ea John Ernest Tranter (rugadh 29 April 1943). Tá os cionn fiche leabhar filíochta foilsithe aige, agus in 1997 bhunaigh sé an tréimhseachán liteartha ar líne Jacket, iris a d’fhoilsigh sé agus a chuir in eagar go dtí 2010, nuair a thug sé d’Ollscoil Pennsylvania í. Tá obair raidió déanta aige: rinne sé féin agus Jan Garrett an clár fadtréimhseach Books and Writing don Australian Broadcasting Corporation (ABC).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Tranter in New South Wales. D’fhreastail sé ar scoileanna tuaithe agus fuair sé BA in 1970. Tá Dochtúireacht sna hEalaíona Cruthaitheacha anois aige.

Den chuid is mó d’oibrigh sé mar fhoilsitheoir, mar mhúinteoir agus mar léiritheoir aidió. Tá a lán turais léitheoireachta déanta thar lear aige agus bhí cónaí air in Sydney, Melbourne agus Brisbane, agus i Londain, Cambridge, Singapore, Florida agus San Francisco thar lear. Tá sé ina chónaí in Sydney faoi láthair, áit a reáchtálann sé féin agus a bhean chéile Lyn an ghníomhaireacht liteartha Australian Literary Management.[1] Tá beirt chlainne acu.

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1975 bhí sé ar bheirt a chuir an clár raidió Books & Writing ar bun don Australian Broadcasting Corporation (ABC). In 1987 agus 1988 bhí sé i gceannas ar chlár seachtainiúil ealaíon ar an raidió ag an ABC, agus idir 1990 agus 1993 bhí sé ina eagarthóir filíochta ar an iris The Bulletin.

Tá a lán comhaltachtaí agus deontas faighte aige agus bhí sé ina scoláire cuairte ina lán institiúidí. Is iomaí duais filíochta atá faighte aige, agus tá a lán díolamaí curtha in eagar aige. Chuir sé tús le tionscadal a dtugtar an Australian Poetry Library air anois agus os cionn 42,000 dán ann le filí Astrálacha ó 1800 go dtí anois. Tá suíomh Idirlín aige féin. In 2014 bhunaigh sé an Journal of Poetics Research ag http://poeticsresearch.com, in éineacht le triúr eile: an Dr Kate Lilley, Ollscoil Sydney; an Dr Ann Vickery, Ollscoil Deakin; agus an tOllamh Philip Mead, Ollscoil Western Australia.

Sliocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

He knew he had to find a meal ticket.
The last racket was a turkey. Then the scene
changed, but intermittently, as through dark mist,
and he found that he had become fashionable.
He travelled up to his old college. So there he was,
week-long, the honouree and his gadget:
a shoulder holster with a spring release.(Sliocht as “Down by the Station”.)

Bhí a fhios aige gurbh éigean dó riar a cháis a fháil.
Thit an tóin as an jaibín deireanach. Ansin tháinig
athrú ar an scéal, más idir amanna é, mar a bhí ceobhrán ann,
agus fuair sé amach go raibh sé faiseanta.
Chuaigh sé suas chun a sheancholáiste. Féach ansin é,
ar feadh seachtaine, fear urraime agus a ghaireas:
curra gualainne le scaoilteoir sprionga.

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2011: Arts Queensland Judith Wright Calanthe Award as cnuasach filíochta, as Starlight: 150 Poems
  • 2011: The Age Book of the Year Award for Poetry as Starlight: 150 Poems
  • 2009: Civitella Ranieri Foundation Fellowship (cónaí sé seachtaine in Umbria)
  • 2008: South Australian Premier's Awards Premier's Prize as an leabhar ab fhearr in 2006 agus in 2007, Urban Myths: 210 Poems: New and Selected
  • 2008: South Australian Premier's Awards John Bray Prize as Urban Myths: 210 Poems: New and Selected
  • 2007: New South Wales Premier's Literary Awards Kenneth Slessor Prize as Urban Myths: 210 Poems: New and Selected
  • 2006: Victorian Premier's Literary Award C. J. Dennis Prize for Poetry Prize as Urban Myths: 210 Poems: New and Selected
  • 1993: The Age Book of the Year Award for Poetry as At the Florida
  • 1993: Wesley Michel Wright Prize for Poetry as The Floor of Heaven
  • 1989: New South Wales Premier's Literary Awards Kenneth Slessor Prize as Under Berlin
  • 1988: Grace Leven Prize for Poetry as Under Berlin

Rogha leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1970: Parallax, South Head Press
  • 1973: Red Movie and other poems, Angus & Robertson
  • 1973: The Blast Area, Gargoyle Poets number 13), Makar Press
  • 1976: The Alphabet Murders (notes from a work in progress), Angus & Robertson
  • 1977: Crying in Early Infancy: 100 Sonnets, Makar Press
  • 1979: Dazed in the Ladies Lounge, Island Press (Australia)
  • 1983: Selected Poems, Hale & Iremonger
  • 1988: Under Berlin, University of Queensland Press
  • 1991: The Floor of Heaven, HarperCollins/Angus & Robertson
  • 1993 At The Florida, University of Queensland Press
  • 1998: Late Night Radio Polygon Press
  • 2006: Urban Myths: 210 Poems: New and Selected, University of Queensland Press
  • 2010: Starlight: 150 Poems, University of Queensland Press

Mar eagarthóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2007] The Best Australian Poetry 2007, aoi-eagarthóir, University of Queensland Press
  • 2011: The Best Australian Poems 2011, eagarthóir, Black Inc, Melbourne
  • [2012: The Best Australian Poems 2012, eagarthóir, Black Inc, Melbourne

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ALM – Australian Literary Management: http://austlit.com/.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "About us | jacket 2"' Accessed: 2011-05-28
  • Wilde, W., Hooton, J. & Andrews, B (1994) The Oxford Companion of Australian Literature 2nd ed. South Melbourne, Oxford University Press

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]