Daniel Wiffen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDaniel Wiffen
Beathaisnéis
Breith14 Iúil 2001
22 bliana d'aois
Machaire Lainne, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Loughborough Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsnámhóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsnámh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
30 Iúil 2021swimming at the 2020 Summer Olympics – men's 1500 metre freestyle (en) Aistrigh (20)
27 Iúil 2021swimming at the 2020 Summer Olympics – men's 800 metre freestyle (en) Aistrigh (14) Cuir in eagar ar Wikidata

Is snámhóir é Daniel Wiffen as Machaire Lainne, Contae an Dúin (a rugadh ar 14 Iúil 2001), an chéad snámhaí Curadh Domhanda d’Éirinn riamh.[1]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann Wiffen ó shráidbhaile Machaire Lainne, Co. an Dúin. D'fhreastail sé ar Ollscoil Loughborough.

In 2021, i gCluichí Oilimpeacha Thóiceo, chríochnaigh Wiffen sa 14ú háit sa bhabhta ceannais 800m saorstíle na bhfear.[2]

I mí an Meithimh 2022, chríochnaigh sé sa 4ú háit sa bhabhta ceannais 800m saorstíle na bhfear i gcraobh chomórtais snámh an domhain san Ungáir.[3]

2023[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac Wiffen páirt i gCraobhchomórtas Ghearrchúrsa na hEorpa sa Rómáin i mí na Nollag 2023. Ar an 10 Nollaig, d’éirigh leis an churiarracht dhomhanda i Saorstíl 800m na bhfear a bhaint amach.[4] Shnámh sé an 800m i 7:20.46, am a bhí 3 shoicind níos tapúla ná an churiarracht ó 2001. Is é seo an chéad uair a d’éirigh le hÉireannach curiarracht dhomhanda sa snámh a bhaint amach. Bhuaigh sé trí bhonn óir sa snámh.[5]

2024[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gCraobhchomórtais Uiscíochta an Domhain ar 14 Feabhra 2023, bhuaigh Wiffen an bonn óir sa saorstíl 800m tar éis dó an rás a shnámh in am 7:40:94 sa babhta ceannais.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 extrag.ie (2024-02-14). "Daniel Wiffen an chéad snámhaí 'World Champion' d’Éirinn" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-02-16.
  2. sportireland.ie Sport Ireland (2021). "An tAthbhreithniú ar Chluichí Thóiceo". Dáta rochtana: 2023.
  3. TG4 (2022). "Éireannach sa bhabhta ceannais i gcraobh chomórtais snámh an domhain" (ga-IE). Molscéal. Dáta rochtana: 2023-12-14.
  4. RTÉ News, Eoin Ryan (2023-12-10). "Wiffen smashes world record to win third European gold" (as en). 
  5. Ollscoil Má Nuad (Nollaig 2023). "ELeathanach 453". Dáta rochtana: 2023.