Liam Brady

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiam Brady

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Feabhra 1956
68 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteChippy Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Aodháin Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan72 kg
Airde174 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair, bainisteoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1973 –  1989
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtImreoir lár páirce
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1973–1980 Arsenal Football Club 235(43)
1980–1982 Juventus Football Club 76(15)
1982–1984 Unione Calcio Sampdoria 57(6)
1984–1986 Football Club Internazionale Milano 58(5)
1986–1987 Ascoli Calcio 1898 F.C. (en) Aistrigh 17(0)
1987–1990 West Ham United Football Club 89(9) Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
1974–1990   Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann 72(9) Cuir in eagar ar Wikidata
  Cóitseálaí enllaç= enllaç=
Arsenal Football Club Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínRay Brady, Frank Brady, Jr. agus Pat Brady
Gradam a fuarthas

FIFA: 174425 UEFA: 9034 Cuir in eagar ar Wikidata

Is iarimreoir agus traenálaí peile Éireannach é Liam "Chippy" Brady (Gaeilge: Liam Ó Brádaigh), a tháinig ar an saol i mBaile Átha Cliath ar an 13 Feabhra sa bhliain 1956.

Imreoir galánta i lár na páirce a bhí ann, a bhí in ann smacht tréitheach a chóiméad ar an liathróid agus a bhí ábalta seansanna a chruthú dó féin agus a chéile imeartha. Bhain sé cáil agus rath amach le Arsenal agus Juventus i Serie A na hIodáile, chomh maith le 72 cluiche san fhoireann náisiúnta.

Imreoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Poblacht na hÉireann

Clubanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Brady tús leis a ghairmréim le hArsenal. Bhog sé anall go Londain sa bhliain 1970 chun imirt leis na Gunners mar bhuachaill scoile ar dtús, agus é cúig bliana déag. Shínigh sé conradh gairmiúil leo ar a bhreithlá sa bhliain 1973, agus d'imir sé a chéad chluiche mar imreoir gairmiúil i gcoinne Birmingham City ar an 6 Deireadh Fómhair, 1973. Thosaigh sé an cluiche seo ar an mbinse mar fhear ionaid, ach tháinig sé ar an bpáirc in áit Jeff Blockley. D'ainneoin an tús maith a bhí aige sa cheann seo, ní raibh sé in ann amhlaidh é a dhéanamh sa chéad chluiche eile, ceann an-tábhachtach in éadan Tottenham Hotspur, a gcomharsana i dTuaisceart Londan. Mar thoradh, níor thug an bainisteoir Bertie Mee seans sa chéadfhoireann dó ach anois is arís ar feadh tamaill. Chríochnaigh Brady a chéad séasúr (1973-74) le trí chluiche déag imeartha aige, ceithre astu mar fhear ionad.

Sa chéad séasúr eile, thuill Brady áit rialta sa chéadfhoireann, agus as seo amach bhí sé i measc na n-imreoirí ab fhearr a bhí acu i lár na seachtóidí. Le ceapadh Terry Neill ina thraenálaí agus filleadh Don Howe mar thraenálaí, shroich imirt Brady a bhuaicphointe. B'eisean a chuir an t-armlón ar fáil do bhuailteoirí na foirne, fir ar nós Malcolm MacDonald agus Frank Stapleton. Shroich Arsenal trí chluiche ceannais an Choirn FA i as a chéile, idir 1978 agus 1980. Níor bhuaigh siad ach ceann amháin sa bhliain 1979 in aghaidh Manchester United, agus b'é Brady a chuir tús leis an ghluaiseacht a críochnaíodh le cúl cáiliúil Alan Sunderland a bhuaigh an cluiche sa nóiméad deireanach.

Bhí Brady ag imirt ag barr a mhaitheasa ag an am seo, mar a léiríonn ceann de na cúil a d'aimsigh sé le hArsenal - tar éis dó seilbh a ghlac ar an liathróid ó Peter Taylor, sheol sé cic chatach isteach ó imeall na cearnóige go dtí cúinne an eangaigh sa bhua 5-0 in éadan Tottenham Hotspur ar an 23 Nollaig, 1978. I rith an tréimhse seo, vótáladh Brady mar Imreoir na Bliana ag an gclub faoi thrí, agus roghnaíodh é mar Imreoir na Bliana PFA sa bhliain i979. Bhí sé ar an imreoir ba thréithí i bhfoireann réasúnta lag Arsenal, nach raibh ábalta dúshlán dáiríre a chur le chéile chun na duaiseanna is mó a bhaint amach, mar shampla the Division One title, agus nuair a bhí 1979-80 ann bhí ráflaí ann go mbeadh sé ag fágáil na Gunners chun dúshlán úr nua a fháil.

Sa tséasúr seo, bhí taispeántas réasúnta rathúil ag Arsenal sa Cup Winners' Cup final, cé gur chaill siad an cluiche ceannais in aghaidh Valencia tar éis ciceanna pionóis. Ar an mbóthar go dtí an cluiche seo, fuair siad an ceann is fearr ar Juventus 1-0 sa chluiche leathcheannais. Chuaigh taispeántas Brady go mór i gcion ar fhathaigh na hIodáile sa chluiche seo, agus cheannaigh siad é ag deireadh an tséasúir 1980 le luach £500,000. Cuimhnítear Brady mar dhuine de na himreoirí ab fhearr le hArsenal riamh, ag imirt 307 cluiche do na Gunnadóirí, ina ghnóthaigh sé 59 cúl agus chruthaigh sé a lán eile.

Chaith Brady dhá shéasúr le Juventus, ag gnóthú dhá bhonn sa Chraobh Iodálach sna blianta 1981 agus 1982. B'é Brady a fuair an t-aon chúl amháin (ó chic pionós) sa bhua 1-0 in aghaidh Catanzaro a bhain an teideal dóibh sa bhliain 1982. Nuair a tháinig Michel Platini go dtí Juventus sa tsamhradh 1982, bhog Brady ar aghaidh go Sampdoria. Ní ba déanaí, d'imir sé le hInternazionale (1984-1986) agus Ascoli (1986-1987), sular fhill sé ar Londain chun imirt le West Ham (1987-1990).

Foireann náisiúnta na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur d'imir Brady 72 cluiche don fhoireann náisiúnta ina ghnóthaigh sé 9 gcúl, níor ghlac sé páirt in aon chomórtas tábhachtach - mar gheall ar a ghortuithe agus fionraí díreach roimh Euro 88. Shocraigh sé deireadh a chur leis a ghairmréim idirnáisiúnta nuair a bhí na cluichí cáiliúcháin ar siúl d'Italia 90. Tháinig sé ar ais nuair a cháiligh an fhoireann do na cluichí ceannais, ach choimeád bainisteoir Jack Charlton na himreoirí a bhí aige sna babhtaí cáiliúcháin, mar bhí seans sna tuilte acu.

Traenálaí agus saineolaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d'éirigh sé as an imirt, bhí tréimhse réasúnta neamh-rathúil ag Brady mar thraenálaí ar na bhfoirne Celtic Football Club in Albain agus Brighton & Hove Albion ar ais i Sasana.

Bhí Brady ina thraenálaí cúnta ar fhoireann Phoblacht na hÉireann, i bhfoireann Giovanni Trapattoni. Bhí sé ina cheannaire ar Fhorbairt na nÓgánach ag Arsenal, 1996 go 2013.

Is saineolaí sacair é ar an teilifís chomh maith.

Citrus Bowl, Orlando, Florida 4 Iúil 1994

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]