O. J. Simpson
(1990) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Beathaisnéis | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | (en) Orenthal James Simpson 9 Iúil 1947 San Francisco, California | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bás | 10 Aibreán 2024 76 bliana d'aois Las Vegas, Nevada | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse phróstataigh) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Galileo Academy of Science and Technology (en) City College of San Francisco (en) Ollscoil California Theas | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teanga dhúchais | Béarla | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Meáchan | 95 kg | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Airde | 185 cm | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Réimse oibre | Peil Mheiriceánach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | aisteoir, aisteoir scannáin, tráchtaire spóirt, imreoir peile Meiriceánaí, iomaitheoir lúthchleasaíochta, imreoir sacair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tréimhse oibre | 1969 – 1979 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teangacha | Béarla | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tír spóirt | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Spórt | peil Mheiriceánach lúthchleasaíocht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ionad ar an bhfoireann / speisialtacht | Cúlaí reatha | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eile | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Céile | Nicole Brown Simpson (1985–1992), bás a c(h)éile | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ciontaíodh i | robáil (2008) → (carcrú) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Croineolaíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
9 Samhain 1994-3 Deireadh Fómhair 1995 | O. J. Simpson murder case (en) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Ba pheileadóir Meiriceánach é Orenthal James "O. J." Simpson (9 Iúil, 1947 - 10 Aibreán 2024), ar cheann de na cúlaithe reatha is fearr i stair an NFL le linn a ghairmréime 10 mbliana, áit ar imir sé do na Buffalo Bills agus San Francisco 49ers..
Cúisíodh an fear spóirt i ndúnmharú agus lean an chonspóid ar aghaidh ar feadh na mblianta.
Tugadh "The Juice" mar leasainm air.
Peil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Simpson tús lena ghairmréim imeartha ina chúlaí reatha ar fhoireann an choláiste USC (Ollscoil California Theas) - USC Trojans. Bronnadh an duais iomráiteach siúd an Trófaí Heisman air sa bhliain 1968 mar aitheantas ar a chumas ar an pháirc imeartha.
Níorbh fhada go raibh foirne móra na Sraithe Náisiúnta (NFL) sa tóir air. Chaith Simpson aon bhliain déag ag imirt ag an leibhéal is airde leis na Buffalo Bills (1969-77) agus na San Francisco 49ers (1978-79).
Aisteoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Simpson leis an aisteoireacht agus a bhlianta imeartha thart. Bhí an fear spóirt ina réalta scannán cumasach sna 1980-90idí, sa tsraith scannáin The Naked Gun.
Dúnmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]1995
Sa bhliain 1995, bhí iontas agus míchreideamh ann nuair a fuarthas Simpson neamhchiontach as a iar-bhean chéile agus a cara a mharú i ‘triail na haoise’, an cás cúirte is conspóidí a cuireadh ar an teilifís riamh.[1] Fritheadh Simpson neamhchiontach as dúnmharú Nicole Brown Simpson (a dara bhean chéile) agus fear óg darbh ainm Ronald Goldman, tar éis triail d'ard-phróifil a thabhaigh clúdach agus cáil dhomhanda.
In ainneoin gur áitigh an t-ionchúiseamh gur chuir fianaise fhóiréinseach Simpson ag láthair na coireachta. níorbh fhéidir le péire lámhainní a fuarthas ann dul ar lámha Simpson, agus dúirt a chuid dlíodóirí, mar sin, ní raibh sé ann. Bhí foireann dlíodóirí aige ar a dtugtar ‘The Dream Team’ orthu, lena n-áirítear Robert Kardashian, Robert Shapiro agus Johnnie Cochran, saoradh Simpson sa deireadh. D’eisigh Cochran an líne a bhfuil clú uirthi anois: ‘If the glove don’t fit, you gotta acquit.’
1998
Trí bliana ina dhiaidh sin, sa chúirt sibhialta, rinneadh cinneadh go raibh Simpson freagrach as bás Brown agus Goodman.
2007
Cúisíodh Simpson as robáil armtha agus fuadach i Las Vegas in 2007. Cuireadh pianbhreith 33 bliain sa phríosún air. Ach scaoileadh saor é in 2017 ar parúl.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Simpson bás de bharr ailse phróstataigh ar an 10 Aibreán 2024. Bhí sé 76 bliain d’aois.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Tá OJ Simpson marbh ag 76 bliain d'aois de bharr ailse" (en-GB) (2024-04-11). Dáta rochtana: 2024-04-12.