Jump to content

National Football League

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtNational Football League
NFL Cuir in eagar ar Wikidata
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálprofessional sports league (en) Aistrigh
American football league (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1920 - 
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na rannpháirtithe32 Cuir in eagar ar Wikidata
MoltóirPizza Hut Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Mheiriceánach Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
AFL–NFL merger (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáinnfl.com Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#nfl Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: NFL X: NFL Mastodon: nfl@sportsfeed.me Instagram: nfl LinkedIn: national-football-league Youtube: UCDVYQ4Zhbm3S2dlz7P1GBDg TikTok: nfl Spotify: 1oj9F8x44ah5gxYecEj8ch Cuir in eagar ar Wikidata

Is í National Football League (NFL) sraithchomórtas ghairmiúil na peile Meiriceánaí.

Imríonn 32 foireann sa tsraith agus iad roinnte ina dhá “chomhdháil” éagsúla – mar áta an Chomhdháil Pheile Náisiúnta (National Football Conference, NFC) agus an Chomhdháil Pheile Mheiriceánach (American Football Conference, AFC). Sraitheanna ar leith a bhíodh iontu sular aontaíodh le chéile iad sa bhliain 1968.

Imríonn buaiteoirí ón dhá chomhdháil in aghaidh a chéile sa chluiche craoibhe. Super Bowl (an "sár-bhabhla”) a thugtar air. Is gnách “babhla” a thabhairt ar chluichí agus staidiamaí sa pheil Mheiriceánach.

Imrítear cluichí an ghnáthsheásúir (Béarla: regular season) idir Lá Oibre go dtí an tseachtain tar éis na Nollag. Cáilíonn sé fhoireann le chéile do na cluichí cáilithe (play-offs) – comórtas leagan amach a chinntíonn curaidh na gcomhdhálacha.

Reáchtáiltear an Super Bowl go moch san earrach – ag deireadh mhí Eanáir nó ag tús mhí Feabhra de ghnáth.

NFL in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Den chéad uair riamh, tháinig an tsraith NFL go hÉirinn sa bhliain 2025.

Chuaigh níos mó ná 75,000 duine chuig an gcluiche i bPáirc an Chrócaigh agus na ticéid timpeall €250. Tháinig thart ar 30,000 lucht leanúna go hÉirinn ó thíortha éagsúla chun an cluiche a fheiceáil. Bhí na Pittsburgh Steelers ag imirt i gcoinne na Minnesota Vikings,[1] idir na ‘hOibrithe Cruach’ agus na ‘Lochlannaigh’ ar an gcéad chluiche i Sraithchomórtas an NFL a imríodh i bPáirc an Chrócaigh riamh. Sa deireadh bhuaigh na Pittsburgh Steelers 24-21.[2]

Ós rud é gur tír ollmhór í Meiriceá, eagraítear na foirne i ngrúpaí beaga áitiúla de réir tíreolaíochta. Ranna a thugtar orthu – NFC/AFC Thuaidh, Theas, Lár, Thiar agus Thoir.

Mar shampla, imríonn New York Giants sa roinn NFC Thoir.

Roinn Foireann Suíomh Staidiam Bainisteoir
Comdháil Pheile Mheiriceánach
Thiar Buffalo BillsOrchard Park, NYStaidiam Ralph WilsonRex Ryan
Miami DolphinsMiami Gardens, FLStaidiam Sun LifeAdam Gase
New England PatriotsFoxborough, MAStaidiam GilletteBill Belichick
New York JetsEast Rutherford, NJStaidiam MetLifeTodd Bowles
Thuaidh Baltimore RavensBaltimore, MDStaidiam M&T BankJohn Harbaugh
Cincinnati BengalsCincinnati, OHStaidiam Paul BrownMarvin Lewis
Cleveland BrownsCleveland, OHStaidiam FirstEnergyHue Jackson
Pittsburgh SteelersPittsburgh, PAHeinz FieldMike Tomlin
Theas Houston TexansHouston, TXStaidiam NRGBill O'Brien
Indianapolis ColtsIndianapolis, INStaidiam Lucas OilChuck Pagano
Jacksonville JaguarsJacksonville, FLEverBank FieldGus Bradley
Tennessee TitansNashville, TNStaidiam NissanMike Mularkey
Thiar Denver BroncosDenver, COSports Authority Field at Mile HighGary Kubiak
Kansas City ChiefsKansas City, MOStaidiam ArrowheadAndy Reid
Las Vegas RaidersParadise, NVAllegiant StadiumJosh McDaniels
Los Angeles ChargersCarson, CAStubHub CenterAnthony Lynn
Comdháil Pheile Náisiúnta
Thoir Dallas CowboysArlington, TXStaidiam AT&TJason Garrett
New York GiantsEast Rutherford, NJStaidiam MetLifeBen McAdoo
Philadelphia EaglesPhiladelphia, PALincoln Financial FieldDoug Pederson
Washington CommandersLandover, MDFedExFieldJay Gruden
Thuaidh Chicago BearsChicago, ILSoldier FieldJohn Fox
Detroit LionsDetroit, MIFord FieldJim Caldwell
Green Bay PackersGreen Bay, WILambeau FieldMike McCarthy
Minnesota VikingsMinneapolis, MNStaidiam U.S. BankMike Zimmer
Theas Atlanta FalconsAtlanta, GAGeorgia DomeDan Quinn
Carolina PanthersCharlotte, NCStaidiam Bank of AmericaRon Rivera
New Orleans SaintsNew Orleans, LAMercedes-Benz SuperdomeSean Payton
Tampa Bay BuccaneersTampa, FLStaidiam Raymond JamesDirk Koetter
Thiar Arizona CardinalsGlendale, AZStaidiam University of PhoenixBruce Arians
Los Angeles RamsLos Angeles, CALos Angeles Memorial ColiseumSean McVay
San Francisco 49ersSanta Clara, CAStaidiam Levi'sChip Kelly
Seattle SeahawksSeattle, WACenturyLink FieldPete Carroll
  1. ELeathanach 504, 6 Deireadh Fómhair 2025
  2. Mártan Ó Ciardha (19 Deireadh Fómhair 2025). "An lá go raibh róidió i bPáirc an Chrócaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-20.