Catrìona NicGumaraid
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Márta 1947 Dùn Bheagain, Scotland |
Bás | 5 Eanáir 2024 76 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file, craoltóir |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | Gaeilge na hAlban |
Teaghlach | |
Siblín | Mòrag NicGumaraid |
File Gaeilge as Albain ba ea Catrìona NicGumaraid (22 Márta 1947 – 5 Eanáir 2024).
Rugadh í i Ròdhag, i ngar do Dhùn Bheagain, ar an Eilean Sgitheanach. Rinne sí staidéar ar stair Cheilteach agus Albanach in Ollscoil Ghlaschú, agus chuaigh sí ar Choláiste Chnoc Iòrdain chun cáilíocht a fháil mar mhúinteoir meánscoile.[1][2] Thosaigh sí ag scríobh filíochta i nGaeilge agus i mBéarla sna 1970idí, agus d’fhoilsigh sí a céad chnuasach in 1974.[3][4]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Teagasc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhúin NicGumaraid Gaeilge agus Léann Nua-aimseartha in Ardscoil Penilee i nGlaschú.[5]
In 1973 toghadh í mar an chéad scríobhaí ag Sabhal Mòr Ostaig in Slèit.[1]
Scríbhneoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhoilsigh NicGumaraid a cuid dánta ar dtús in 1970, san iris Gairm.[1] Foilsíodh a cuid dánta ina lán irisí eile chomh maith, amhail Lines Review, Akros, agus Chapman, agus tá dánta léi sa leabhar An Aghaidh na Sìorraidheachd a chuir Crìsdean MhicIlleBhàin in eagar in 1991. Scríobh NicGumaraid faoi chúrsaí grá, teaghlaigh, creidimh agus dúchais. Sna dánta ba luaithe aici ba mhinic blas de rómánsachas diamhair na hóige ar a saothar, ach níos déanaí bhí dianmhachnamh spioradálta le mothú ina cuid filíochta. Luaigh sí Somhairle MacGill-Eain mar fhile a chuaigh i bhfeidhm uirthi. Cé nár mhian léi tús áite a thabhairt do leaganacha Béarla a saothair, lean sí uirthi ag léamh a cuid dánta sa dá theanga do lucht éisteachta measctha agus i nGaeilge amháin ag ócáidí eile, agus fonn uirthi cabhrú le foghlaimeoirí na Gaeilge.[1] In 2003 bhronn An Comunn Gàidhealach an céadú Coróin Filíochta uirthi.[2]
Aisteoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndeireadh na seachtóidí bhí sé le feiceáil sa chúrsa Gaeilge Can Seo ar an teilifís, agus bhí sí páirteach i gcláir Ghaeilge eile sna 1980idí.
Cúrsaí pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí NicGumaraid pósta agus bhí beirt chlainne aici. Fuair sí bás ar an 5 Eanáir 2024 agus í 76 bliana d’aois.
Rogha dánta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilseacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- A' Choille Chiar (1973) – in éienacht lena deirfiúr, Mòrag NicGumaraid
- An Aghaidh na Sìorraidheachd: Ochdnar Bhàrd Gàidhlig (1991) – duanaire nuafhilíochta Gàidhlig
- Rè na h-Oidhche (1994)
Obair eagarthóireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- NicGumaraid, Catrìona (deas.) 1980. Òrain Aonghais agus an Sgiobair: Òrain le Aonghas Fleidsear agus Iain MacNeacail (Dundéagh [Dùn Dè]: Catrìona NicGumaraid)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- BBC: Suíomh na bhFilí: Catrìona MacGumaraid
- Nuacht BBC 2024-01-06 : Catherine MacGumaraid: 1947-2024
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 "Catrìona NicGumaraid: 1947-2024" (gd).
- ↑ 2.0 2.1 "Catrìona NicGumaraid Catriona Montgomery - Poet" (en-GB).
- ↑ "Catrìona NicGumaraid poems - National Poetry Day 2012". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 Feabhra 2013. Dáta rochtana: 8 Eanáir 2024.
- ↑ "Writers/Poets Index".
- ↑ "Làrach nam Bàrd 20mh – Am Bàrd: Catrìona NicGumaraid" (gd).